Creid é nó ná creid ach tá lucht na meán, a bhraitheann ar tháille do cheadúnais teilifíse le maireachtáil, ag déanamh beag de Chaitlicigh is a gcreideamh arís. Tar éis scige Nollag RTÉ in ar léiríodh Dia mar éigneoir agus is an Mhaighdean Mhuire mar íospartach éignithe tá an cuma air anois go bhfuil TG4 […]
Sa bhliain 1844, tháinig aicíd nua ar na prátaí i Meiriceá Thuaidh. An aicíd dhubh a bhí ann. Níorbh fhada gur shroich sí an tír seo. I mí Mheán Fómhair na bliana 1845 tugadh faoi dheara í den chéad uair, i bPort Láirge agus i Loch Garman. Mí ina dhiaidh sin bhí sí tar éis […]
Chuir na Sasanaigh tús le córas oideachais do pháistí na tíre ag tús na 1830idí. Ba í an phríomhchúis leis ná aigne na ndaoine a chur faoi smacht agus an Ghaeilge a bhriseadh in Éirinn. Bhí ar na páistí ‘an phaidir’ seo a rá ag tús gach lá scoile, ‘I thank the goodness and the […]
Sagart agus scoláire as Connacht ab ea Naomh Iarlaith, ar a dtugtar Iarladh mac Loga. Cuimhnítear air mar bhunaitheoir scoil mhainistreach Thuama agus Ard-Deoise Thuama, a bhfuil sé ina phátrún anois. Níl aon saol meánaoiseach ann d’ Iarlaith ar marthain, ach i measc na bhfoinsí dá shaol tá ginealais, mairtíreachtaí, Beathaí Naomh Breandán as Cluain […]
Saolaíodh Naomh Odhrán i gceantar ina bhfuil Co. na Mí sa lá atá inniu ann, ar deireadh an 5ú haois. Ba de shliocht Chonall Gulban, rí Gaelach, a bhunaigh ríocht Thír Chonaill sa 5ú haois. Tá Gulban thar a bheith tábhachtach i stair Chríostaíocht na hÉireann mar gurb é an chéad uasal in Éirinn a […]
Rugadh Ciarán i gContae Ros Comáin sa bhliain 516. Siúinéir agus déantóir carbaid ab ea a athair Uaireanta tugtar ‘Ciarán Óg’ air chun idirdhealú a dheánamh idir é féin agus Ciarán an Seanóir a bhí ina easpag ar Osraighe sa 5ú haois. Airítear é ar dhuine de ‘Dháréag Aspal na hÉireann’. Seo an bealach a […]
Is fadscannán é Arracht atá léirithe ag Macalla Teo. le cabhair ó TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolachán na hÉireann. Scríobtha agus faoi stiúir ag Tom Sullivan, léirithe ag Cúán Mac Conghail. Beifear in ann féachaint air ar líne ó 9 i.n. oíche Dhomhnaigh beag seo, 12ú Iúil, mar chuid de Fhleadh Scannáin […]
Ba é Naomh Máel Ruain bunaitheoir agus abb-easpag Mhainistir Thamhlachta, Co. Bhaile Átha Cliath. Meastar go raibh sé ar dhuine is mó le rá den ghluaiseacht mhainistreach ar a dtugadh na Céilí Dé. Is beag atá ar eolas faoina shaol. Ní hé Máel Ruain a ainm pearsanta a thugtar air ag am a baistí, ach […]
Scríbhneoir, file, saighdiúir agus polaiteoir ab ea Brian Ó hUiginn ar a dtugtar Brian na Banban freisin, a bhí ina bhall bunaitheach de Shinn Féin agus a bhí mar Uachtarán ar an eagraíocht ó 1931 go 1933. Rugadh Brian i 1882, an duine ab óige de cheithre leanbh dhéag d’fheirmeoirí beaga i gCill Scíre, Contae […]
Ar bhreacadh an lae, an 10 Meán Fómhair, 1847, dhúisigh muintir San Ángel, sráidbhaile ar imeall Chathair Mheicsiceo, le fuaim cairteacha ag cnagarnach isteach go plás an bhaile. Grúpa príosúnach Éireannach a bhí sna cairteacha sin. D’fhéach muintir an tsráidbhaile go ciúin ar cheann de na cairteacha ag tarraingt suas le taobh croiche, a tógadh […]
Suíomh de mhór-mhainistir Éireannach ab ea Gleann Dá Loch ar bhunaigh Naomh Caoimhín í atá suite taobh le Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin. Mar a thugann an logainm le fios tá sé suite i ngleann a bhfuil dhá loch ann. Tá cloigtheach, séipéil chloiche agus croiseanna maisithe i measc na bhfothracha. Tá ionad cuairteoirí faoi stiúir Oifig […]
‘Maraíodh Seán Sabhat aréir, Fé spéir a’ Tuaiscirt a thit sé, Ag troid ar son na saoirse a bhí sé- Maraíodh Seán Sabhat aréir’ Fuair Seán Sabhat bás ar son saoirse na hÉireann, agus é i mbun troda i gcoinne Fhórsaí na Corónach in Achadh Lon, Co. Fhear Manach ar Lá Caille 1957. Saolaíodh Seán […]