Sa bhliain 1844, tháinig aicíd nua ar na prátaí i Meiriceá Thuaidh. An aicíd dhubh a bhí ann. Níorbh fhada gur shroich sí an tír seo. I mí Mheán Fómhair na bliana 1845 tugadh faoi dheara í den chéad uair,  i bPort Láirge agus i Loch Garman. Mí ina dhiaidh sin bhí sí tar éis leathadh go seacht gcontae déag in Éirinn. Bhí na prátaí luatha bainte cheanna féin agus iad slán ón aicíd. An bhliain dar gcionn, 1846, thit an tubaiste ar Éirinn. Meastar gur lobh deich million tonna prátaí sa talamh sa bhliain sin. Ba uafásach an tubaiste é.

Chomh luath le Mí Iúil 1846, comhairlíodh don Rialtas Shasana min bhuí a dháileadh láithreach, ach níor tugadh aird ar bith ar an gcomhairle seo. Faoi dheireadh na bliana 1846, ní raibh ach 4,800 tonna de bhia tugtha i dtír ag na Sasanaigh. Níor osclaíodh na stórais bhia go dtí mí na Nollag, cé go raibh daoine ag fail bháis den ocras le míonna roimhe sin. Ní raibh siad sásta ach oiread, stop a chur le honnmhairiú cruithneachta agus coirce as an tír go Sasana. Ligeadh an bia seo as an tír is a chuirfeadh na daoine thar an ngátar go teacht an earraigh ar a laghad, is é sin go dtí go bhfeadfaí bia a allmhairiú ó Mheiriceá ar an mórchóir.

I Lúnasa na bliana 1846, glacadh i bParlaimint Shasana le hAcht Fhostaíocht na mBocht. Is ar an acht seo a bhí polasaí fóirithinte an rialtais bunaithe. Cinneadh san acht go mbeadh oibreacha poiblí a thionscnamh. Bhí an scéim seo lochtach ó thus deiridh. Bhí sé ró dhéanach nuair a chuireadh ar siúl é agus faoin am a thosaigh an scéim bhí go leor de na fir ró lag chun tabhairt faoin obair. Is minic freisin nach mbíodh an t-airgead ar fáil ar deireadh na seachtaine chun na fir a íoc.

Sa gheimhreadh (1846-1847) bhí stad na ndaoine chomh olc sin gur bhunaigh dreamanna príobháideacha áirithe a gcoistí fóirithinte féin. Dhein a leithéid de Chumann na gCairde an obair ar fad. An modh oibre is mó a bhí acu le faoiseamh a thabhairt do na Gaeil ná tithe anraith a chur ar siúl inar ullmhaigh siad anraith do na daoine ocracha le tabhairt amach saor in aisce. D’éirigh go h-ana mhaith leo.

D’oibrigh na sagairt go dian chomh maith le linn an ama seo. Théidís ó bhothán go bothán ag tabhairt na sacraimintí do na h-easlán, gan aird a thabhairt ar an gcontúirt. Is iomaí duine acu a leagadh leis an bhfiabhras agus iad i mbun a ndualgas. Ar an taobh eile, bhí roinnt mhaith de chléir na hEaglaise Bunaithe a thug go náireach faoi dhaoine ocracha a gcuid anraith a ghlacadh agus a gcreideamh a shéanadh. Níor éirigh leo buíochas le Dia, cé gur chas líon beag a ndroim ar a gcreideamh. An chuid eile a sheas lena gcreideamh ársa, fuair go leor acu bás, mairtírigh a bhí iontu i mo thuairim.

Anuas ar gach rud a bhí á fhulaingt ag na Gaeil, thosaigh na tiarna talún ag díshealbhú na nGael as talamh a ghoid lucht Chromail óna sinsir, dhá chéad níos luaithe. Bhí níos mó brabúis le déanamh as beatha stoic ná ag bailiú cíosa. Mar aon leis seo, d’íoc siad an pasáiste chuig an Domhan Nua do na mílte tionóntaí. Cailleadh na deicheanna mílte duine ar an mbealach ann  sna ‘longa báis’ nó go gairid i ndiaidh dóibh teacht i dtír. Cé go ndéarfaidh cuid mhaith de staraithe athbhreithnithe agus lucht na seoiníní i gcoitinne a mhalairt, bhí na tiarna talún go cruálach, mínádúrtha ina n-iompar le linn an Ghorta Mhóir.

Ba é an Gorta Mór an tubaiste is mó a tharla i nua-stair na h-Éireann. D’fhág sé a rian ar gach gné den saol sa tír seo. Ní féidir a rá go cruinn cé mhéad duine a fuair bás den ocras agus den ghalar. Deirtear go raibh nach mór 9 milliún duine ag maireachtáil sa tír roimh an nGorta. Nuair a deineadh daonáireamh na bliana 1851, ní raibh sa tír ach sé go leith milliúin duine

Lean an daonra ag dul i laghad de dheasca eisimirce. Nuair a deineadh daonáireamh na bliana 1861, ní raibh ach 5.8 milliúin duine in Éirinn. Faoi dheireadh an chéid, ní raibh ach cúig mhilliún fágtha.

Thug an Gorta buille marfach don Ghaeilge. Roimh an nGorta Mór bhí ceithre mhilliúin cainteoirí Gaeilge. Faoin mbliain 1861, ní raibh ach million go leith de chainteoirí Gaeilge sa tír. Tríocha bliain ina dhiaidh sin, ní raibh fágtha ach seacht gcéad míle duine le Gaeilge ann.

Ar a laghad,  le meath na Gaeilge, níor éag spiorad an náisiúnachas. Ba láidre  ná riamh é.  Bhí pobal láidir Éireannach sna Stáit Aontaithe. Tháinig said i gcabhair go fial ar na gluaiseachtaí náisiúnta in Éirinn. Bhí páirt mhór acu i mbunú agus imeachtaí na bhFíníní. As seo a tháinig Eirí na Cásca agus neamhspleáchas de shórt do 26 chontae den tír.