Scríbhneoir, file, saighdiúir agus polaiteoir  ab ea Brian Ó hUiginn ar a dtugtar Brian na Banban freisin, a bhí ina bhall bunaitheach de Shinn Féin agus a bhí mar Uachtarán ar an eagraíocht ó 1931 go 1933.

Rugadh Brian  i 1882, an duine ab óige de cheithre leanbh dhéag d’fheirmeoirí beaga i gCill Scíre, Contae na Mí. Ba scoláire bocht as Contae Thír Eoghain a shin sheanathair, Seán Ó hUiginn, a bhí ag taisteal go Cúige Mumhan sular bhuail sé le grúpa fear a bhí ag brostú go Teamhair chun troid in Éirí Amach 1798.  Chinn sé láithreach  páirt a ghlacadh san éirí amach agus throid sé i gCath Chnoc na Teamhrach, áit ar gortaíodh é agus tugadh ar aghaidh é go gleann beag darb ainm Cill Scíre, chun téarnamh, ach is ann a  phós sé agus d’fhan  ann an chuid eile dá shaol. Bhí a athair agus a uncailí ina mbaill de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann agus ghlac siad páirt in Éirí Amach na bhFíníní in 1867, agus ina dhiaidh sin thacaigh siad le Charles Stewart Parnell.

Sa bhliain 1886, chuir Briain tús lena chuid oideachais i Scoil Náisiúnta Chill Scíre. Nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois, bhí mianta aige a bheith ina iriseoir ach i gcás teaghlach bocht faoin tuath in Éirinn, ní fhéadfádh a leithéid tarlú. B’éigean dó  glacadh le printíseacht i siopa grósaera i Ráistín san Iarmhí.

Sa bhliain 1900, d’fhoilsigh an Uiginneach  a chéad dán sa United Irishman, a bhí á chur in eagar ag Arthur Griffith agus William Rooney. Be Men To-day an teideal a bhí air. Bhí sé mar aidhm aige leis an dán muintir na tire a mhúscailt le obair ar son neamhspleachas na  hÉireann agus an Ghaeilge a athbheochain.

Tar éis dó a phrintíseacht a chríochnú, ní raibh fonn ar bith ar Bhriain leanúint ar aghaidh  leis an saghas sin oibre mar sin bhog sé go Baile Átha Cliath i 1901 chun obair mar bhuachaill tabhairne, agus le linn a thréimhse ansin chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus i gClub Iománaíochta Naomh Finian.

Tháinig meath ar a shláinte i 1903 agus d’fhill sé ar chónaí ina áit dhúchais, i gCill Scíre. Le linn dó a bheith ag téarnamh sa bhaile a chomhbhunaigh sé an club iomána áitiúil, ar ainmníodh a thailte ina chuimhne níos déanaí (Páirc Uí hUigín). Bhíodh colúin sheachtainiúla aige i dtaobh chúrsaí na Gaeilge in Meath Chronicle, Leinster Leader agus Irish Peasant le linn an ama seo freisin.

Bhí an Uiginneach i láthair ag an gcéad Ard Fheis Shinn Féin an 28 Samhain 1905, agus scríobh sé an rosc dar teideal ‘Sinn Féin Amháin’. Canadh an t-amhrán seo ag cruinnithe uile na heagraíochta le roinnt mhaith  blianta.

D’fhreastal sé ar chúrsa i gColáiste  Múinteoireachta na Mumhan,  Béal  Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí,i 1905 agus 1906 gur bhain teastas múinteora amach. Thosaigh sé ag obair mar  thimire  do Chonradh na Gaeilge i gContae an Chabháin ina dhiaidh sin agus chaith trí bliana ann.

Phós sé Áine NicChionnaith sa Leas-Ardeaglais, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, i 1908. Faoin bhliain dár  gcionn bhí cónaí orthu i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Bhí fógra acu in Claidheamh Soluis, 5 Márta 1910 gur rugadh mac, Feargus, dóibh ansiúd. Saolaíodh seachtar clainne ar fad dóibh.

Foilsíodh leabhar filíochta dá chuid , A Bunch of Wild Flowers, 1906, maraon le cnuasach dá dhánta agus dá amhráin Ghaeilge dar teideal ‘Síol na Saoirse’ i 1910. Foilsíodh dán Uí Uiginn”Who is Irelan

 

d’s Enemy?”, den chéad uair i Meán Fómhair 1914 in Irish Freedom, in eagrán dar teideal ‘Germany Is Not Ireland’s Enemy’ Tháinig an-tóir air le linn na  géarchéime coinscríofa  i 1918.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann i 1913 agus ghlac páirt in Éirí Amach 1916. Cuireadh ar dualgas garda é ag an bpríomhbhealach isteach chuig Ard Oifig an Phoist. Cuireadh i ngéibhinn é i mBeairic Stafford agus sa champa géibhinn i bhFrongach ina dhiaidh an Éirí Amach.   Nuair a tháinig sé abhaile tar éis an ghéibhinn chuaigh chun cónaithe i gCarraig an Chabhaltaigh, breac ghaeltacht i gCo. an Chláir, áit in ar chuir sé aithne ar Pháraic MacPiarais blianta roimhe sin . Gabhadh arís é i mBealtaine 1918 mar gheall ar an ‘gComhcheilg Ghearmáineach’ is cuireadh go príosúin  arís é, i mBirmingham, Sasana an babhta seo.

Roghnaíodh é mar iarrthóir d’Iarthar an Chláir in olltoghchán 1918. Toghadh é agus bhí sé faoi ghlas go fóill nuair a tionóladh an Chéad Dáil 21 Eanáir 1919. Bhí baint aige le bunú na gcúirteanna poblachtacha i gContae an Chláir le linn na tréimhse seo freisin.

Ba bhall é den Dara Dáil agus ceapadh é ina Leas-Cheann Comhairle. Bhí sé  glan aghaidh an Chonartha i 1921. Le linn an Chogadh Chathartha, cuireadh i bpríosún é i dTeach Oriel, i bPríosún Mhuinseo agus i mBaile an Stáin. Chuaigh sé ar stailc ocrais ar feadh cúig lá is fiche le linn dó a bheith i mBaile an Stáin.

Toghadh arís é in olltoghchán 1923 i gCo. an  Chláir. D’fhan ina bhall de Shinn Féin i 1926 nuair a scoilteadh Gluaiseacht na Poblachta an athuair le bunú Fhianna Fáil.

Bhí eolas forleathan ar a chuid amhrán le linn an ama seo, go háirithe ar na cinn a dhéanann fonóid faoi phílir agus faoi sheoinínteacht, leithéidí ‘The Peeler and Peadar’, ‘The Seoinín maids of Erin’, ‘Moses Ritoorilioorilay’….

D’éirigh sé as Sinn Féin i 1934 in éineacht le Máire MhicSuibhne  mar agóid i gcoinne thoghadh an tAth. Micheál Ó Flanagán mar Uachtarán mar go raibh post stáit aige agus go raibh sé “ar rolla pá rialtas neamhdhlisteanach”. ,I mí na Nollag 1938, bhí an Uiginneach ar dhuine de ghrúpa  sheachtar duine, a toghadh chun an Dara Dáil i 1921, a bhuail lComhairle Airm Óglaigh na hÉireann a bhí  faoi cheannas Sheán Uí Ruiséill ag an am. Ag an gcruinniú seo, thug an seachtar  údarás Rialtas Dáil Éireann a bhí acu, dar leo, do Chomhairle Airm na nÓglach. As seo amach, mheas Comhairle Airm Óglaigh na hÉireann gur rialtas dlisteanach Phoblacht na hÉireann a bhí ann. Ar an mbonn seo, níor thug Óglaigh na hÉireann ná Sinn Féin aitheantas don stát ó dheas is an stát ó thuaidh araon. Tharla scoilteanna  sna heagrais sin i 1969 agus arís i 1986 mar gheall ar an seasamh seo.

Tar éis an Phoblacht a chur faoi chois i 1937, bhunaigh sé agus chuir sé in eagar an Wolfe Tone Weekly ó 1937–1939 go dtí gur chuir Rialtas an Saorstát cosc ar sin freisin. Ó 1932 go 1962 d’fhoilsigh sé an Wolfe Tone Annual, óna ghnó ag 56 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Thug an tsraith imleabhar móréilimh seo cuntais  ar eachtraí i stair na hÉireann ó dhearcadh poblachtach.

Ó dheireadh na 1920idí reáchtáil sé gnó rathúil ag foilsiú cártaí beannachta, féilirí agus ábhair deabhóideacha maisithe le dearaí Ceilteacha agus véarsaí dá chuid  féin

Caitliceach caoindúthrach a bhí ann agus rinne sé cáineadh géar orthu siúd a rinne iarracht an streachailt ar son na saoirse a nascadh leis an sóisialachas agus an cumannachas. Orníodh roinnt dá mhic ina  sagairt Chaitliceacha.

Fuair Briain ​​Ó hUiginn bás agus é ag guí i Séipéal Naomh Antaine i gCluain Tarbh, an 10 Márta 1963 Tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon.