Via Twitter

An Bhiogóideacht agus TG4

Creid é nó ná creid ach tá lucht na meán, a bhraitheann ar tháille do cheadúnais teilifíse le maireachtáil, ag déanamh beag de Chaitlicigh is a gcreideamh arís. Tar éis scige Nollag RTÉ in ar léiríodh Dia mar éigneoir agus is an Mhaighdean Mhuire mar íospartach éignithe tá an cuma air anois go bhfuil TG4 ag glacadh an róil chéanna leis an bhfuath seicteach agus an bhiogóideacht a chur chun cinn.

I bhfíseán suarach a foilsíodh ar cheann dá chainéil mheáin shóisialta le linn na seachtaine, rinne TG4 magadh agus masla d’aon ghnó ar Chaitliceachas, ina shalaigh dusúchán críochnaithe cros chéasta, le linn dó ag rá an ‘Ar nAthair’ i nglór a gcuirfeadh fonn múisce ort.

Seachas an fuath, an bhiogóideacht agus an seicteachas follasach sa phíosa, ba léir nach raibh aon chruthaíocht, úrnuacht le feiceáil ann.  Mar a scríobh duine sna tuairiscí ‘ag scríobadh thóin an bhairille atá sibh!’.

Is léir go gceapann an pobal i gcoitinne  amhlaidh. Bhí na emojianna feargach is na tuairiscí diúltach den chuid is mó.  Scríobh duine amháin, ‘N’fheadar an mbeadh sibh chomh edgy agus cróga le beag a dhéanamh de Mohammad’. . Scríobh duine eile, ‘a leithéid de chacamas’!

Tá sé suntasach go bhfeiceann an pobal an fhimíneacht, an bhómántacht is an chlaidhreacht a bhaineann leis na meáin le hiompar den chineáil seo.  Tagann sé seo trasna, go háirithe, nuair a dhéantar codarsnacht idir an chaoi a chaitear le Caitlicigh agus creidimh eile ar nós Ioslaim. Mar a scríobh duine sna tuairiscí, ‘Ar mhaithe le comhionannas agus éagsúlacht ba chóir go ndéanfaidh TG4 magadh faoin nglaoch Ioslamach chun urnaí chomh maith’.

Ach ar deireadh an lae níor chóir go gcuirfí iallach ar aon duine daoine eile a íoc chun beag is fiú a dhéanamh díbh agus fuath a thabhairt dóibh. Ach sin mar atá i gcás Chaitlicigh na tíre ar na saolta seo.  Tá sé thar am go tógaimis seasamh ina choinne.

Share mdi-share-variant mdi-twitter mdi-facebook mdi-whatsapp mdi-telegram mdi-linkedin mdi-email mdi-printer mdi-chevron-left Prev Next mdi-chevron-right Related
Comments are open

The biggest problem Ireland faces right now is:

View Results

Loading ... Loading ...