Ba é Naomh Máel Ruain bunaitheoir agus abb-easpag Mhainistir Thamhlachta, Co. Bhaile Átha Cliath. Meastar go raibh sé ar dhuine is mó le rá den ghluaiseacht mhainistreach ar a dtugadh na Céilí Dé.

Is beag atá ar eolas faoina shaol. Ní hé Máel Ruain a ainm pearsanta a thugtar air ag am a baistí, ach a ainm mainistreach, comhdhéanta de Shean-Ghaeilge máel, ‘duine a bhfuil corann air’ agus Ruain ‘de Rúadán’, rud  a chiallaíonn gur mhanach de chuid mhainistir Naomh  Rúadán i Lothra ab ea é, i dTuaisceart Thiobraid Árainn, mar a thosaigh sé a shaol mar mhanach ar dtús. Tugtar creidiúint go coitianta dó faoi bhunú mhainistir Thamhlachta, ar a dtugtar ‘Tamhlacht Mháel Ruain’ uaireanta,  sa dara leath den 8ú haois.  Tugann iontráil i Martalaig Thamhlachta le fios dúinn gur tháinig Máel Ruain go Tamhlacht agus é ag iompar ‘iarsmaí na mairtíreach naofa agus na maighdean’ (cum suis reliquiis sanctorum martirum et uirginum), le súil ar mhainistir a bhunú ann.

Ba é an deisceabal ba mhó aithne ar Mháel Ruain ná Óengus an Céilí Dé, údar an Féilire Óengusso, martalaig nó féilire iomráiteach ag comóradh féilte na naomh Gaelach agus naomh eile, chomh maith le leagan próis de Mhartarlaig Thamhlachta. Ina eipealóg den Fhéilire Óengusso, a scríobhadh tamall tar éis bhás Mháel Ruain, taispeánann Óengus go bhfuil sé go mór faoi chomaoin ag a ‘theagascóir’, a chuimhníonn air in áiteanna eile mar ‘an ghrian mhór ar mhachaire theas na Mí’.

Tagann fianaise maidir lena theagasc agus a thionchar go príomha trí roinnt scríbhinní ón 9ú haois a bhaineann le pobal Thamhlachta ar a dtugtar ‘Cuimhneachán Thamhlachta’. Ceann de na príomhthéacsanna is ea ‘Mainistir Thamhlachta’ ón 9ú haois, ina ndéantar cur síos ar nósmhaireachta Mháel Ruain agus cuid dá chomhlaigh, de réir mar a chuimhníonn a leantóir Máel Díthruib as Tír Dhá Ghlas air.

Tá  an téacs ar a dtugtar ‘Riail Céilí Dé’, atá caomhnaithe sa Leabhar Breac ón 15ú haois. Is ann a bhfuil treoracha éagsúla  maidir le rialáil agus urramú beatha mhainistreach, go háirithe i gcúrsaí liotúirgeacha. Deirtear gurbh iad Óengus agus Máel Ruain a chum é.  Is cosúil go raibh na saothair threorach seo bunaithe ar nathanna Aithreacha Fásacha na hÉigipte.  I measc na n-ábhar imní tipiciúil atá iontu tá an tábhacht a bhaineann le haithris laethúil ar an Saltair, féin-smacht  agus scaradh ó ábhair imní dhomhanda.  I gcoinne na gcleachtas a bhí ag gluaiseachtaí mainistreacha na hÉireann roimhe seo, luaitear Máel Ruain ag toirmeasc ar a mhanaigh dul ar oilithreacht thar lear, agus gur fearr saol comhchoiteann a chothú sa mhainistir.

Tá tuilleadh fianaise ar dhea-cháil Máel Ruain mar mhúinteoir a raibh tionchar mór aige ar Chríostaíocht  a linne ón leabhrán ‘Lucht Óentad Máele Ruain’ a chuimsíonn an dáréag comhlach is suntasaí a ghlac lena theagasc.  Scríobhtar ann go raibh  Óengus, Máel Díthruib as Tír Dhá Ghlas, Fedelmid mac Crimthainn, rí Chaisil, Diarmait ua hÁedo Róin as Diseart Diarmada, Co. Chill Dara agus Dímmán as Araid ina measc.

Tuairiscíonn Annála Uladh faoin mbliain 792 go bhfuair Máel Ruain bás síochánta, ag tabhairt easpag agus shaighdiúir  Chríost air. Tá a fhéile inniu, 7 Iúil.

Sa tréimhse chomhaimseartha, tá baint ag  Naomh Maelrun le limistéar an tSeanbhábhún i dTamhlacht; ainmnítear bunscoil áitiúil i ndiaidh an naoimh, mar atá cuid de thithe i gceantar an tSeanbhábhún. Tógadh séipéal áitiúil de chuid Eaglais na hÉireann ar fhothrach na mainistreach in 1829 mar a bhfuil  Sráidbhaile Thamhlachta lonnaithe sa lá atá inniu ann.

Cuid den chóip de Mhartarlaig Thamhlachta bainte de Leabhar Laighean agus anois i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

 

UCD-OFM MS A3 p.3. © UCD-OFM Partnership. Source: isos.celt.dias.ie