Is fadscannán é Arracht atá léirithe ag Macalla Teo. le cabhair ó TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolachán na hÉireann.

Scríobtha agus faoi stiúir ag Tom Sullivan, léirithe ag Cúán Mac Conghail. Beifear in ann féachaint air ar líne ó 9 i.n. oíche Dhomhnaigh beag seo, 12ú Iúil, mar chuid de Fhleadh Scannáin na Gaillimhe.

Suite i gConamara  sa bhliain 1845 agus an Gorta Mór ag bagairt ar an tír, tá iascaire, Colmán Sharkey, ar a choimeád de dheasca coireanna nár dhein sé. Níorbh fhéidir leis a theaghlach a chosaint ón mbás is ba bheag nach raibh an t-éadóchas i ngreim ann go dtugann gearrchaile tréigthe misneach dó..

Léiríodh an scannán den chéad uair in Tallinn na hEastóine i mí na Samhna anuraidh, mar chuid den fhéile ‘Black Nights’ mar a raibh 80,000 duine i láthair.

Deineadh scannánú ar Arracht go hiomlán ar chósta thiar iarghúlta na hÉireann i gConamara. Tá réamhbhlaiseadh de le feiscint ar YouTube.

Foireann; Dónall Ó hÉalaí    Michael McElhatton    Siobhán O’Kelly    Dara Devaney    Peter Coonan    Seán T. Ó Meallaigh   Michelle Beamish.