Credit: Keith Ewing Via Fickr https://bit.ly/3CA1sjH Licence CC BY-NC 2.0 https://bit.ly/3BxfCk8

Aodh Ruadh Ó Domhnaill: Cérbh é?

Cothrom an lae seo sa bhliain 1572 a saolaíodh Aodh Ruadh Ó Dómhnaill. Bhí Aodh Ruadh ina thiarna ar Thír Chonaill agus ar dhuine de na Taoisigh Mhóra Ghaelacha dheireanacha. Ba thaoiseach é ar Mhuintir Uí Dhómhnaill nuair nach raibh ach 20 bliain slánaithe aige. Ag an aois sin bhí sé ina dheargnamhaid cheana féin de na forghabhaithe Sasanacha.

Nuair a bhí sé níos óige ná 16 bliana d’aois, d’fhuadaigh an Ridire John Perrot, an tiarna Sasanach é. Thuig Perrot go maith an baol do chumhacht Shasana in Éirinn a bhí i gcaidreamh mhuintir Uí Dhónaill le Taoisigh Chumhachtach Thír Eoghain . Chun bac a chur leis seo , chuir sé Aodh i bpríosún ar feadh na mblianta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Rinne Aodh iarracht éalú i 1590 agus d’éirigh leis faoi dheireadh i mí Eanáir 1592 in éineacht le hArt Ó Néill agus a dheartháir Anraí. Ba iad an t-aon daoine sa stair riamh ar éirigh leo éalú ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Ba é an sprioc a bhí acu ná daingean Fhiach MhicAodha Ui Bhroin, i nGleann Maghur, a bhaint amach, os cionn 40 míle ar shiúl. Mí-chothaithe agus leathchóirithe, i ndúluchair an gheimhridh, fuair duine acu Art Ó Néill bás ar an mbealach de dheasca dhó-seaca.

Tar éis dó éalú ba é an chloch ba mhó ar a phaidrín ná an ruaig a chur ar an sirriam Sasanach agus a bhuíon a bhí i seilbh ar mhainistir Dhún na nGall. D’éirigh leis é seo a bhaint amach. Sa bhliain 1595 agus 1597 d’éirigh leis cuid mhaith de Chonnachta, ó Shligeach go Liatroim, a chuir faoina smacht. Faoin mbliain 1596 chuaigh sé i gcomhar le hAodh Ó Néill, a bhí i gcroílár an Chogadh Naoi mBliana ag an am. Thug na fórsaí comhcheangailte faoi cumhacht Shasana ar fad a bhriseadh in Éirinn. Tháinig siad an-ghar dá gcuspóir a bhaint amach, rud a d’athródh treo na staire, ní hamháin in Éirinn ach sa Domhan féin.

Seasann an bua ag na fórsaí Gaeil ag Cath Bhéal an Átha Bhuí, sa cheantar ina bhfuil Co. Ard Mhacha anois, ar cheann de na buanna is mó a bhí ag na Gaeil in Éirinn riamh. De réir Annála na gCeithre Máistrí; “Nuair a fuair an Néilleach faisnéis go raibh an t-arm mór Sasanach seo ag druidim leis, chuir sé a theachtairí chuig an Dómhnallach, ag iarraidh air teacht i gcabhair air i gcoinne an fhórsa ollmhór eachtrannaigh seo a bhí ag teacht chun a dhúthaigh. Lean an Dómhnailleach ar aghaidh láithreach, lena laochra go léir, idir choisithe agus mharcaigh, chomh maith le buíon láidir ó Chonnachta, chun cabhrú lena chomhghuaillí i gcoinne siúd a bhí ag máirseáil air. Chuaigh Gaeil Chúige Uladh go léir isteach san arm céanna freisin, ionas go raibh siad go léir sásta bualadh leis na Sasanaigh sular shroich siad Ard Mhacha”. Ba é toradh an chatha ná scrios iomláin de fhorsaí na Corónach.

Troideadh an cath ba chinniúnaí a stair na hÉireanna a bhfuil iarmhairtí aige go dtí an lá atá inniu ann i mí Dheireadh Fómhair 1601, i gCionn tSáile. Tharla an cath deiridh seo gar do dheireadh réimeas na Banríona Eilís I, agus a chuir deireadh le Cogadh na Naoi mBliana. Bhí ar na Gaeil máirseáil i gcroílar an gheimhridh ó dheas le troid in aghaidh na Sasanach mar a raibh a gcomhghuaillithe Spáinneacha ag fanacht leo. Bhí máirseáil Uí Dhónaill le dul isteach in Airm Uí Néill éachtach. Laistigh de 24 uair an chloig chlúdaigh sé féin agus a fhir 40 míle ar a laghad, lena n-áiríodh Sliabh Eibhlinne, ceantar ina bhfuil Tuaisceart Thiobraid Árainnn suite inniu agus a bhí beagnach dothrasnaithe ag an am. Ar an drochuair, ghlac Aodh Rua le comhairle ó dhuine de na Spáinnigh, Juan del Aquila, chun ionsaí láithreach a dhéanamh in aghaidh na Sasanach, cé go ndeachaigh é seo glan in aghaidh dhearcadh Uí Néill. Cailleadh an cath go dona de dheasca an bhotúin seo. Ba é an treascairt i gCionn tSáile an buille marfach do réiméas na nGael in Éirinn.

Tar éis Chionn tSáile d’imigh Aodh Ruadh chun na Spáinne, áit a maraíodh é tar éis do gníomhaire Sasanach é a nimhiú. Cuireadh a chorp i Valladolid na Spáinne, áit a bhfuil an pobal áitiúil ag tabhairt faoi thochailtí leitheadacha faoi láthair chun iarsmaí an tírghráthóra seo a aisghabháil.

Credit: Keith Ewing Via Fickr https://bit.ly/3CA1sjH Licence CC BY-NC 2.0 https://bit.ly/3BxfCk8

 

Share mdi-share-variant mdi-twitter mdi-facebook mdi-whatsapp mdi-telegram mdi-linkedin mdi-email mdi-printer mdi-chevron-left Prev Next mdi-chevron-right Related
Comments are open

The biggest problem Ireland faces right now is:

View Results

Loading ... Loading ...