Chuir na Sasanaigh tús le  córas oideachais do pháistí na tíre ag tús na 1830idí. Ba í an phríomhchúis  leis ná aigne na ndaoine  a chur faoi smacht agus an Ghaeilge a bhriseadh in Éirinn. Bhí ar na páistí ‘an phaidir’ seo a rá ag tús gach lá scoile,’I thank the goodness and the grace which on my youth have smiled and made me in these Christian days a happy English child’!  Bhí an ‘bata scóir’ in usáid sna scoileanna is na  páistí ag fáil buille do gach focal Gaeilge a labhair siad le linn an lae scoile. Dhein an scolaíocht seo agus an Gorta Mór in éineacht leis an – dochar don Ghaeilge is brúdh an Béarla isteach de réir a chéile. Is ar éigin a tháinig an Ghaeilge slán as.

Le dul i ngleic le galldú na tíre, de dheasca scolaíocht na Sasanach, chuir  Pádraig Mac Piaras tús leis an nGaelscolaíocht  i gColáiste Éinne, Ráth Fearnáin, ag tús an fichiú haois. Ba é fís an Phiarsaigh go ndéanfaí a mhalairt leis na Gaelscoileanna is go ndéanfaí an Ghaeilge a athréimniú sa tír triothú. Tá an Gaelscolaíocht ag feidhmiú ó shin i  leith.

Tháing meath suntasach ar an oideachas trí Ghaeilge sna 60idí le roinnt mhaith scoileanna ag casadh ar an mBéarla mar mhéan teagasac.  Is dá bharr lagmhisneach an stáit i leith athbheochan na Gaeilge a tharla seo.

Le spéis an stáit ó dheas sa teanga ag dul i léig bunaíodh eagraíocht nua, Gaelscoileanna Teo i 1973, chun scoileanna nua a bhunú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Sa bhliain sin ní raibh ach 5 bhunscoil agus 10 meánscoil  lán –Ghaeilge sa tír. Sa lá atá inniu ann tá 180 bunscoil , 31 mheánscoil agus 17 n- aonad dara-leibhéal lán-Ghaelach ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht le breis is 60,000 dalta ar fud fad na tíre. Tá breis is 13,000 dalta ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge ag an mbun agus dara-leibhéal sa Ghaeltacht chomh maith. Baineadh é seo ar fad  amach gan mórán tacaíochta ón stát agus gur mhinic in aineoinn an stáit, go háirithe sna blianta tosaigh.Áiritear leis seo Gaelscoileann sna Sé Chontae, atá ag feidhmiú ó thús na 70idí anall.

Bunaíodh an chéad Ghaelscoil  sna Sé Chontae ag tús na 1970idí i mBéal Feirste arb ainm dó  Scoil Phobal Feirste, i gcroílár Ghaeltacht Sheoighe. Tá na Gaelscoileanna ann go flúirseach anois le Gaelphobail bhríomhara ag fás timpeall orthu. Tá trí cinn déag díbh i gCo. Aontrama amháin. Tá líon na ndaltaí Gaelscoile ann  os cionn 7,000 anois. I gcás an tuaiscirt deineadh é  seo in aineoinn naimhdeas iomlán an stáitín sin.

Nuair a bunaíodh an chéad Ghaelscoil i gContae Liatroma i 2005 bhí sé le maíomh go raibh Gaelscolaíocht ar fáil i ngach uile chontae sa tír, an t-aon chontae a raibh sí in easnamh air go dtí sin. Gaisce nach beag!

Níl gluaiseacht na Gaelscolaíochta teoranta d’Éirinn. Tá Gaelscolaíocht i bhfeidhm in Alban le fáda an lá, le Gaelscoileanna ag freastail ar phobail ar fud na tíre sin, sna Garbhchríocha ach go háirithe, ina bhfuil  sé ann go flúirseach. Tá Gaelscoileanna i gcuid is mó de chathracha na hAlban anois, le ceithre Ghaelscoil oscailte i nGlaschú le fiche bliain anuas.

Fuair an cainteoir dúchais deireannach de Ghaeilge Mhanann bás i 1974 is ceapadh gurbh é deireadh ré na teangan é, ach níorbh é! Osclaíodh Gaelscoil in Oileán Mhanann fiche bliain ó shin le  naoinúr páistí. Anois tá borradh mór uirthi, ag cur go mór le hathbheochan na Gaeilge Mhanann ar an oileán sin. Tar éis do UNESCO  an Ghaeilge Mhanann nó Manainnis sin a chur ar liosta  na dteangacha marbh i 2019, scríobh daltaí na scoile litreacha ag fiafraí den eagras sin  ‘Más teanga mharbh í Manainnis cén teanga ina bhfuilim ag scríobh?!’

Tá feachtas ar siúl i Nua Eabhrac faoi láthair le Gaelscoil a bhunú don phobal Ghael-Mheiriceánach ansin. Bhí Gaeilge á labhairt ag sciar mhaith den phobal seo ó aimsir an Ghorta Mhóir anall. Sa lá atá inniu meastar go bhfuil  os cionn 4,000 duine den phobal sin a labhraíonn an teanga  go laethúil. Narb iontach an rud é dá n-éireodh leo lena n-iarrachtaí?

Léiríonn suirbhé  i ndiaidh shuirbhé  go bhfuil gá nó fiú géarghá le tuilleadh Ghaelscolaíochta a chur ar fáil. De réir an tsuirbhé náisiúnta is déanaí tá leath den phobal ar son a bpáistí a chur chuig scoil lán-Ghaeilge.Sa tuaisceart, de réir an tsuirbhé chéanna, fuarthas go raibh leath den phobal náisiúnach ar son Ghaelscolaíochta dá bpáistí chomh maith. Níl dóthain scoileanna ann chun freastal ar an éileamh dar ndóigh

Agus sinn ag druidim i dtreo dheireadh Sheachtain na Gaeilge tá sé tábhachtach smaoineamh ar na bealaí inar féidir an Ghaeilge a athbheochaint mar ghnáth theanga na ndaoine. Tá go leor bealaí ann dar ndóigh ach is bunchloch í an Ghaelscolaíocht. Muna bhfuil scoil dá chinéal i do cheantar féin b’fhiú go mór labhairt le muintir do cheantair faoi, coiste a bhunú agus brú a chur ar do pholaiteoirí áitiúla faoi.  Dá ndéanfadh gach ceantar amhlaidh bheadh réabhlóid teangan laistigh de chúpla glúin agus fís an Phiarsaigh fíoraithe ar deireadh!