Is Teanga Ghaelach í Manainnis a labhraítear in Oileán Mhanann. Tugtar Gaeilge Mhanann, Gaelg agus Gaelick uirthi chomh maith. Ba ionann í agus Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban araon le linn aimsir na Meán-Ghaeilge. Cé nach ionann iad anois tá an trí theanga sin fós an-ghar go deo lena chéile. Is é an litriú an difríocht is suntasaí idir Manainnis agus an dá chineál Gaeilge eile agus é bunaithe ar litriú an Bhéarla agus na Breatnaise. Cothram an lae seo sa bhliain 1974 a d’imigh Ned Maddrell, an cainteoir dúchais deireanach Manainnise, ar shlí na fírinne.
Rugadh Maddrell ag Corvalley, in aice le Cregneash ar Oileán Mhanann, ar an 20 Lúnasa 1877, mac le hiascaire Thomas Maddrell agus a bhean Margaret Watterson.
Labhair sé Béarla go dtí gur bhog sé go sráidbhaile Cregneash chun cónaithe le gaolta. Is anseo a d’fhoghlaim Maddrell Manainnis, mar nach bhféadfadh a aintín Margaret Taubman Béarla a labhairt. Cé gur thosaigh Manainnis ag imeacht mar theanga phobail don chuid is mó d’Oileán Mhanann sa dara leath den 19ú haois, chuaigh sé i laghad beagán níos moille i gceantair níos iargúlta ar nós Cregneash, a bhí ina fhíor-Ghaeltacht ag an am. Is mar seo a rinne Maddrell cur síos ar a cheantar dúchais; “mura raibh Manainnis agat bhí tú ina fhear bodhar agus balbh agus gan aon mhaith do dhuine ar bith.” Bhí ar Maddrell gníomhú mar ateangaire do dhaoine níos sine sa sráidbhaile nach raibh in ann Béarla a labhairt.
Dar le Maddrell ní raibh sé seo amhlaidh sna bailte. “Ní raibh aon duine ann ag iarraidh Manainnis a labhairt, fiú iad siúd a raibh sí go maith acu. Is cosúil go raibh náire orthu ina leith. ‘Ní thuilleann sé pingin duit go deo,’ a dúirt siad.”
Nuair a bhí sé 13 bliana d’aois thosaigh Maddrell ag obair mar chócaire ar bhád iascaireachta, ag seoladh ó Phort Mhuire go Cionn tSáile in Éirinn agus go hInse Shealtainn amach ó Albain ar thóir scadán. Bhí sé ar a dhícheall a Mhanainnis a choinneáil beo trí labhairt le mairnéalaigh eile a raibh an Ghaeilge acu ar na longa Breataineacha.
Agus é ina Thaoiseach thug Éamon de Valera cuairt ar Oileán Mhanann, i samhradh na bliana 1947. Bhí comhrá acu i Manainnis agus i nGaeilge. Deirtear go raibh de Valera ar buile le Rialtas na Breataine de dheasca na neamhairde a bhí á tabhairt acu don Mhanainnis. Chuir sé foireann ó Choimisiún Béaloideasa Éireann go hOileán Mhanann lena raibh fágtha den teanga agus dá béalaoideas a thaifeadadh agus a chaomhnú. Is féidir Maddrell, chomh maith le roinnt cainteoirí aosta eile, a chloisteáil ag labhairt nó ag aithris amhráin sna taifeadtaí. Tá scéalta Fiannaíochta le cloisteáil ann a léiríonn oidhreacht choiteann an dhá hoileán.
Murab ionann agus roinnt cainteoirí dúchais eile, thaitin sé go mór le Maddrell go raibh cáil air mar dhuine des na cainteoirí deireanacha agus bhí sé sásta an teanga a mhúineadh d’athbheochantóirí óga. “Tá téipthaifeadadh acu díom ag insint finscéalta agus scéalta i Manainnis,” a dúirt sé, “in Éirinn agus i Meiriceá agus in áiteanna nár chuala tú trácht orthu riamh.”
Sa lá atá ann inniu tá athbheochan de Mhanainnis ar siúl le tacaíocht laidir ó phobal an oileáin. Tá thart ar 1,800 duine ina gcónaí ar an oileán le cumas comhrá sa teanga. Tá ‘Bunscoil Ghaelgagh’ ar an bhfód anois le scór bliain, a mhúineann gach ábhar den churaclam trí Mhanainnis. Bíonn craoltaí raidió ann trí mheán Mhanainnise go rialta, chomh maith le podchraoltaí YouTube. Tá an Córas Giolcaireachta in úsáid go forleathan tríd an teanga chomh maith. Tá aip Mhainainnise ar fáil le déanaí le haghaidh fóin chliste, atá íodslódáilte ag na mílte foghlaimeoirí.
Ba dheacair an obair iontach seo ar fad a dhéanamh murach an gaisce a rinne Ned Maddrell agus Coimisiún Béaloideasa Éireann don teanga sa chéad seo caite. Is féidir Ned a chloisteáil ag an nasc seo;
Manx Gaelic recording – Ned Maddrell (Last native Manx Speaker) – YouTube