‘Maraíodh Seán Sabhat aréir,
Fé spéir a’ Tuaiscirt a thit sé,
Ag troid ar son na saoirse a bhí sé-
Maraíodh Seán Sabhat aréir’

Fuair Seán Sabhat bás ar son saoirse na hÉireann, agus é i mbun troda i gcoinne Fhórsaí na Corónach in Achadh Lon, Co. Fhear Manach ar Lá Caille 1957. Tá sé de chuspóir dom, a léitheoir, a scéal a insint agus a chur in iúl duit cad a mhúscail fear óg, idéalach, caoin, mar Sabhat an íobart seo a dhéanamh.

Saolaíodh Seán ar an 8ú Feabhra, sa bhliain 1928, in uimhir 47 Sráid Anraí i gCathair Luimní. D’fhreastal sé ar Scoil Naomh Anraí, gar dá theach. Tar éis a Chéad Chomaoinigh, d’aistrigh sé go Scoil na mBraithre i Sráid Seasnáin, áit ar fhan sé go raibh an Ardteist déanta aige. Buachaill breá, aerach, éirimiúil ab ea é agus é ar scoil. Bhí sé de shíor i mbun cleasaíochta de gach saghas is thaitin sé go mór lena múinteoirí agus comhscoláirí araon. Bhí suim láidir aige sa liníocht agus leanfadh an tréith seo ar feadh a shaoil.Sna blianta beaga sular fhág sé scoil deirtear gur éirigh Seán thar a bheith smaointeach is go raibh fiántas a óige ag sleamhnú uaidh. D’fhág sé Scoil na mBraithre in aois a sheacht mbliana déag.

Duine naofa, craifeach, caoin ab ea Seán. Bhí ana deabhóid aige don Mhaighdean Mhuire agus na sean naoimh Ghaelacha. Ní chloisfí aon chaint gháirsiúíl riamh as a bhéal. B’fhuath leis éinne ag tabhairt easurraim don Ainm Naofa a chloisteáil. Bhí sé glan i gcoinne na scannán ag an am a bhí, dar leis, bun os cionn le saol an Chríostaí. N’fheadar cad a bheadh le rá aige mar gheall ar scannáin an lae inniu, dá mbeadh sé fós inár measc! D’fhan an creideamh seo leis go dtí deireadh a bheatha, deirtear go raibh buidéal de Lourdes aige ina phóca agus é ag déanamh chun na teorainne go luath roimh a bhás. Deirtear freisin go gcoimeádadh sé óglaigh eile a cholúin ina ndúiseacht le linn na hoíche agus é ag rá na Corónach Mhuire os ard!

Bhí tuairimí láidre aige i dtaobh an Chreidimh Chaitlicigh. Ba ghráin leis an sóisialachas agus gach ní a bhaineann leis. Bhí sé ina bhall de Maria Duce, eagraíocht frithmháisiúnach agus frithchumannach a raibh de chuspóir aici stádas níos láidre a thabhairt don Eaglais Chaitliceach i mBunreacht na Sé Chontae Fichead. Bhunaigh sé craobh den eagraíocht seo i Luimneach i 1949.  Maraon le seo bhí sé ina uachtarán ar an Praesidium den Léigiún Mhuire a reachtáileadh an Réalt i gCathair Luimní.

Bhí Sabhat ina bhall díograsach  freisin den FCÁ, fórsa a bhí mar chuid chúnta d’Airm na Sé Chontae Fichead ag an am. Le linn dó a bheith in a bhall den eagras seo dhein sé tréaniarracht ar an nGaeilge a chur chun cinn ann agus d’éirigh leis buíon do Ghaeilgeoirí a bhunú i measc na mball i 1951. Is amhlaidh gur fhoghlaim sé céird an tsaighdiúra go maith ann, rud a chabhraigh go mór leis nuair a chuagh se isteach in Arm na Poblachta.

Bhí grá buan daingean aige don Ghaeilge agus don Ghaelachas cé nach raibh an Ghaeilge ar a thoil i gconaí ag Seán. Chuir sé spéis inti, go luath i ndiaidh dó scoil a fhagaint. Ach chomh luath is a chuir spéis intí bhí sé á foghlaim agus á cleachtadh gan stad gan staonadh go raibh cruinneas agus líofacht bainte amach aige ina chuid cainte agus a chuid scribhnóireachta araon.

Tosnaíodh eagraíocht nua, Seadairí na Saoirse, sa bhliain 1949. Daoine óga idéalacha, díograscha a bhí ina mbaill dí a raibh de chuspóir acu an Ghaeilge a chur i mbéal Mhuintir na h-Éireann an athuair. Dar leo, fiú dá mbeadh deireadh le críochdeighilt na tíre agus saoirse pholaitiúil bainte amach, nár leor sin chun cumhacht Shasana a bhriseadh in Éirinn, bheadh gá le réabhlóid teangan len é sin a bhaint amach. An rosc catha a bhí acu ná Bás don Bhéarla! Dian a bhí rialacha na Seadairí. Ba é ceann acu ná ‘Beidh an Ghaeilge a labhairt eadrann féin agus linn féin i gcomhluadar, cé go mbeadh daoine eile ag labhairt linn i mBéarla’. Ceapadh Sabhat ina runaí ar na Seadairí. Chinneadar ar nuachtán a chur amach agus sa Mheán Fómhair  tháinig an chéad uimhir de amach. Tugadh An Dord ar an nuachtán seo. Dhein Sabhat iad a athchoipeáil ar shean chóipinneall dá chuid féin.

Sa bhliain chéanna is a chuireadh tús leis na Seadairí, thosnaigh Sabhat eagraíocht óige chun cur leis. Na Giollaí, an t-ainm a bhí air. Bhí thart ar trí scór buachaillí ina mbaill de sar i  bhfad. Ní raibh Béarla ar bith le cloisteáil ann. Bhíodh ana chuid gníomhaíochtaí ar siúl acu. Théidis amuigh faoin tuath ag campáil, ar mairseáil agus ag imirt cluichí Gaelacha.

Chinn sé ar pháipéar a chur ar fáil do na buachaillí a bhí idir lámha aige agus i mí Mheán Fómhair 1951 chonacthas an chéad uimhir de An Giolla. Foilseáchán tarraingteach, slachtmhar ab ea é. Bhí léaráidí go flúirseach ar gach leathanach de. Seán féin a dhear na léaráidí sin a léirigh  bua  na liníochta a bhí aige go láidir. É féin a scríobh gach alt agús mír dá raibh ann. Is sna dánta beaga a scríobh sé le haghaidh an pháipéir seo is fearr, b’fhéidir, a léirigh Seán a mheon, an meon simplí, díreach sin:

‘A Íosagáin, de ghrá lán,

Éist le guí ód ghiollaí,

Cabhraigh leo bheith go deo dílis d’Éirinn is dá dteangain.

Amen!’

 

Ar leathanach amháin sa dara huimhir den pháipéar bhí an phaidir seo a deireadh Seán féin gach lá:

 

‘A Mhuire chaoin, a Mhaighdean mhín,

Fuair cumhacht fíor os cionn gach mná,

Díbir réim an Bhéarla as ár dtír,

Agus fág an Ghaeilge chaomh ina áit’.

 

Ar chursaí na Gaeilge agus athbheochán na Gaeilge a bhí Sabhat ag smaoineamh agus ag caint sa chuid seo dá shaol, ach faoi thús na gcaogaidí, ba léir go raibh athrú ag teacht ina mheon i dtaobh pholaitíocht na hÉireann agus forlamhas na nGall sna Sé Chontae ach go háirithe. Chonacthas é ag léamh leabhrán da chuid Arm na Poblachta i 1953. Ar an 22ú la de mhí Áibreain 1955, d’eirigh sé as an FCÁ. Tamall beag ina dhiaidh sin chuaigh se isteach in Arm na Poblachta.

Chuir Arm na Poblachta feachtas míleata ar siúl ag an teorann, aimsir na Nollag, 1956. D’fhág Sabhat a áit dhúchais ar an 9ú lá an mhí céanna le páirt a ghlacadh ann. Bhí se ina bhall de Cholún an Phiarsaigh, ina cheannaire gasra ann. Saighdiúr maith ab ea Seán. Bhí ana mheas ar a chomh óglaigh air. Ar nós an cleachtas a bhí aige san FCÁ aon ord a thug sé riamh is i nGaeilge a thug sé é.

Ar Lá Caille chinn an colún ar ruathar a thabhairt, an trathnona sin, fé bheairic an RUC in Achadh Lón, Co. Fhear Manach. Bhí 14 fear i lathair. Bhí Sabhat i bhfeighil ar an mbrenghunna agus é reidh chun na fir a chosaint a bhí ag leagadh an mhianaigh ag ais bhalla na bearaice. D’fhill na fearaibh slán. Níor tharla faic áfach. Scaoileach urchar leis an mianach, ach fós níor phléasc. Ansin thosnaigh pílear ag scaoileadh ó mheaisínghunna i bhfuinneog ar dara hurlár na bearaice. Buaileadh Sabhat is gortaíodh go marfach é. Bhí a fhios ag ceannaire an cholúin go raibh an cluiche caillte. Chúlaíodar, ag déanamh i dtreo an leoraí. Leagadh duine díobh, Feargal Ó hAnnluainn. Cuireadh an leoraí ar siúl agus bhuail fearaibh an Cholúin an bóthar. Tháinig an RUC amach ina dhiaidh ag scaoileadh leo. Agus an colún ag druidim chun an chrosaire, chonaiceadar gluaistean patróil ag teacht ina dtreo. De bharr an damáiste a deineadh don leoraí, ní rabhadar in ann dul nios tapa na 15 míle san uair. Bhí Ó hAnnluain agus Sabhat gan aithne gan urlabhara, ar chúl an leoraí. Tréigeach an leoraí ansin agus fágadh an bheirt acu í gcro feirme. Chuaigh óglach ar a ghlúine agus dúirt Gníomh Croibhrú i gcluais Sheáin. Chuaigh na hóglaigh go dtí an teach feirme agus d’iarr ar mhuintir an tí fios a chur shagart agus ar dhochtúir. D’éag an bheirt go luath ina dhiaidh sin.

Tugadh an corp abhaile go Luimneach tar éis fhiosrú an chroinéara. Ar an mbealach abhaile tháinig na mílte amach chun omós a leiriú do Sheán. Bhí an Trídhathach ar leathchrann ar roinnt mhaith tithe agus na dallóga tarraingte síos acu. Léadh Aifreann Sollúnta na Marbh ar an an Satharn, an 5ú la Éanair, bhí an séipéal lán go doras. Sheas breis is 50,000 duine ar dhá thaobh na sráideanna idir an seipéal agus an reilig. Deirtear gurbh í  sochraid Sheáin an tsochraid ba mhó a chonacthas riamh i Luimneach is thit brat ciunais ar an gcathair lena linn. Thaispeáin Sean Óglaigh na hÉireann Luimní a meas siúd air trí chead a thabhairt é a adhlacadh i bPlasóg na bPoblachtach i Reilig San Labhrás. Thug Diarmaid Ó Donnchadha an oráid ag béal na huagha.

 

Seo críoch a óráide;

‘Tá a fhios ag an saol cad a dhein Seán ar son saoirse. Tá a fhios againne a raibh aithne againn air cad a dhein sé ar son na Gaeilge. Ní labhródh sé riamh aon fhocal  Béarla. Bíodh  sin ina threoir againne’