Is éard is ‘Pop-Up Gaeltacht’ nó ‘Tob-Ghaeltacht’ ná teacht le chéile neamhfhoirmiúil de chainteoirí Gaeilge a bhfuil cumais éagsúla acu inar féidir leo bualadh le chéile agus labhairt in atmaisféar réchúiseach, cairdiúil. I mBaile Átha Cliath d’fhéadfadh suas le 300 duine teacht le chéile in imeacht dá leithéid. Reáchtáladh go leor imeachtaí den chineál céanna ar fad fud na tíre agus thar lear le nach mór deich mbliana anuas.
Lasmuigh d’Éirinn, tá an-tóir ar an Tob-Ghaeltacht i Meiriceá ach go háirithe. Cuirtear cinn ar siúl i Nua-Eabhrac, Los Angeles agus Washington. Chomh maith leis seo, scaip an Ghaeltacht chomh fada leis an Astráil, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Bholaiv fiú!
Tá an coincheap tar éis scaipeadh chomh maith i measc mionteangacha eile. In 2019, cuir i gcás, reáchtáladh Tob-Ghaeltacht ar Oileán Mhanann mar chuid de fhéile chun an Mhanainnis a chur chun cinn ar an oileán sin.
Coincheap thar a bheith simplí, ach éifeachtach atá ann. Is é seo an chúis leis an éileamh leanúnach a bhíonn air. Cé go bhfuil an feiniméan tar éis scaipeadh ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta, níl aon bhaint aige le heagraíocht teanga faoi leith.
Tá ról fíor thábhachtach aige in athbheochan na teanga. Tá saol na Gaeltachta le blaiseadh anois ag pobail atá ag maireachtáil i gceantair nach raibh sa Ghaeltacht le nach mór dhá chéad bliain.
Is fiú cuimhneamh gurbh ionann Éire agus an Ghaeltacht tráth is gur feiniméan sách nua é forlámhas an Bhéarla sa tír. Is fiú cuimhneamh chomh maith go raibh an Creideamh Caitliceach á chleachtadh ag muintir na tíre trí mheán na Gaeilge le linn fhormhór mór an ama sin, ó thug Naomh Pádraig anseo é den chéad uair sa 5ú haois. Mar gheall air seo tá tionchar mór ag an gCaitliceachas ar an teanga féin go dtí an lá atá inniu ann.
Agus é seo ar fad á chur san áireamh, bíonn Tob-Ghaeltacht Chlainne de chuid na nDoiminiceach le héiteas Caitliceach ar siúl go rialta anois. Bíonn breis is 30 teaghlach as gach cearn den tír ag freastal air i mBaile Átha Cliath agus Sligeach araon.
I mBaile Átha Cliath, tagann sé le chéile sa Phrióireacht Dhoiminiceach , i gcroílár Shráidbhaile Thamhlachta, in iarthar na cathrach. Tagann an ceann Shligigh le chéile i gColáiste Chnoc an tSamhraidh. Tagtar le chéile ar an Satharn, ó 3.30 i.n. go 8 i.n.
Is iad seo na dátaí atá fágtha i mbliana do cheann Bhaile Átha Cliath ; 15 Márta, 22 Márta, 29 Márta, 26 Aibreán, 10 Bealtaine, 17 Bealtaine, 31 Bealtaine.
Is iad na dátaí a bhaineann le Sligeach ná 5 Aibreán, 12 Aibreán, 10 Bealtaine, 24 Bealtaine.
Chomh maith leis an teacht le chéile neamhfhoirmiúil bíonn roinnt mhaith gníomhaíochtaí ar siúl sna himeachtaí seo, lena n-áirítear amhránaíocht, ealaín, scríbhneoireacht chruthaitheach, ranganna Gaeilge (déantar freastal ar gach leibhéal agus fáilte faoi leith do thosaitheoirí), paidreoireacht trí Ghaeilge agus teagasc Críostaí.
Tá na gníomhaíochtaí seo dírithe ar pháistí idir 7-17 mbliana. Cuirtear fáilte is fiche roimh theaghlaigh nua i gcónaí.
Le tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar www.dominicans.ie nó cuir r-phost chuig op.evangelisation@gmail.com