Foilsíodh plean cúig bliana le déanaí chun úsáid na Gàidhlig a mhéadú agus an teanga a chur chun cinn i nGlaschú.
Is é fís an phlean ná “Faoi 2028 beidh an Ghàidhlig níos so-aimsithe, níos forleithne, níos feiceálaí agus níos ceiliúrtha i nGlaschú ná in aon chathair eile ar domhan. Táthar ag súil go n-éireoidh leis an straitéis “níos mó daoine a chur ag foghlaim agus ag úsáid na teanga go nádúrtha agus “go muiníneach ina saol laethúil.”
Mar chuid den straitéis, tabharfaidh an chomhairle cathrach lógó dátheangach Ghàidhlig agus Béarla isteach go luath. Tá comharthaí ar chuid de phríomhbhóithre, sráideanna, páirceanna agus foirgnimh na cathrach le bheith i nGaeilge chomh maith le Béarla.
Ba í an Ghàidhlig an teanga ba mhó i nGlaschú ón naoú haois de réir an phlean ach thosaigh sé sin ag athrú sa 12ú haois. Ach in aineoinn na gconstaicí mhair an teanga inti.
Sa lá atá inniu ann tá thart ar 10,000 duine a bhfuil cumas sa Ghàidhlig acu i nGlaschú cheana féin agus tá méadú mór tagtha ar líon na scoileanna Gàidhlig sa chathair le nach mór dhá scór bliain anuas.
Tá méadú faoi dhó tagtha ar líon na ndaltaí atá cláraithe i scoileanna Gàidhlig ó thart ar 450 go dtí níos mó ná 1300 le deich mbliana anuas. Seachas scoileanna de chuid na nGarbhchríoch ina bhfuil 1822 dalta ag freastal , agus scoileanna na n-Eileanan Siar, ina bhfuil 1414 dalta, níl aon cheantar eile sa tír a bhfuil sárú ar fáil i dtaobh an Ghaeloideachais de.
Deirtear i dtuarascáil de chuid Chomhairle Cathrach Ghlaschú:
“Tá méadú tagtha ar an éileamh ar an nGaelscolaíocht bliain i ndiaidh bliana ó osclaíodh an chéad aonad in Albain i 1985 le 24 dalta i mBunscoil Sir John Maxwell..’’
“In 2021, cuireadh foghlaim na Luathbhlianta Ghàidhlig ar fáil do 159 páiste. Bainistíonn an chomhairle trí Bhunscoil ag Sráid Berkeley, Bunscoil Ghàidhlig Ghleann Dail agus Bunscoil Ghàidhlig Bhaile a’ Ghobhainn mar a bhfuil 781 páiste san iomlán; agus tá Meánscoil amháin againn, ag Sráid Berkeley freisin, do 424 duine óg eile’’
“Táthar ag súil go n-osclófar an ceathrú bunscoil Ghàidhlig in 2024 ag iar-Bhunscoil San Séamas sa cheann thoir ag Sráid na Faiche, Calton.
Tá sé deimhnithe ag dhá staidéar ar leith gurb ionann feidhmíocht acadúil na bpáistí lán- Ghàidhlig agus i gcásanna áirithe níos mó ná feidhmíocht na bpáistí a bhfuil oideachas Béarla amháin orthu. Bíonn na torthaí céanna le feiceáil in Éirinn.
Mar chuid den phlean chun an an cultúr Ghàidhlig a aithint agus a chur chun cinn tá moladh ann séadchomhartha a chur in airde in áit fheiceálach sa chathair mar aitheantas ar stair agus ar ghaiscí na nGael agus na Gàidhlig i nGlaschú.