‘Cé hé sin amuigh

A bhfuil faobhar ar a ghuth

Ag réabadh mo dhorais dúnta

Mise Éamonn a’ Chnoic

‘Tá baite fuar fluich

O shíorshúil sléibhte ‘s gleannta’

Rugadh Éamonn Ó Riain gar do Theampaill Uachtarach, Co. Thiobraid Árainn sa bhliain 1670. Ba úinéirí talún iad a chuid sinsir. Coigistíodh an talamh seo go léir uathu cead bliain níos luaithe, tar éis Éirí Amach an Deasúnaigh. Anois bhí plandóirí saibhre ó Shasana i seilbh na talún seo. Caitheadh nach raibh na cúrsaí seo sásúil don bhfear óg, fear a raibh de shliocht uasail aige.

Cuireadh Éamonn chun na Fraince agus é ina fhear óg chun dul leis an sagartóireacht . Níor thaitin an sórt  saoil seo leis áfach agus chinn sé chun filleadh thar nais go h-Éirinn. Go luath i ndiaidh dó filleadh bhí sé páirteach i ngriolsa le bailitheoir cánach a bhí tar éis bó a thógaint ó bhaintreach bhocht. D’impigh Éamonn  air  roinnt troscáin a thógaint in ionad mar nach bhféadfadh an bhaintreach maireachtáil gan an bhó. D’éirigh scliúchas eatarthu a chríochnaigh nuair a mharaigh Eamonn é. Bhí ar Éamonn dul ar a choimeád ansin is dhein sé chun na gcoillte.

Nuair a tháinig an Rí  Séamas II go h-Éirinn sa bhliain 1689, bhí Eamonn i measc na sluaite a chuaigh isteach ina airm ag ceapadh gurab ionann cúis Shéamais agus cúis na h-Eireann. Throid sé i gCath na Bóinne, cath in ar briseadh Séamas. Lean Éamonn ag troid leis an Sairséalach tar éis an chatha. Deirtear go raibh sé ina oifigeach ina airm. De réir traidisiúin, bhí Éamonn ar cheann na bhfear a d’ionsaigh traenach Uilliam Oráiste i rith a turais ó Chaiseal go Luimneach.

Tar éis  Conradh Luimnighe chuaigh an Sairséalach is a chuid saighdiúirí go dtí an Mór- Roinn. Na géanna fiáine a tugadh orthu. D’fhan Eamonn is go leor fear eile is chuaigh thar nais chun na gcoillte. Lean orthu ag troid i dtreallchogaíocht i gcoinne  na Sasanach in iarracht  ruaig a chur ar na Gaill as a thír dhúchasach.

Tá neart scéalta a mhair go dtí an lá atá inniu i dtaobh na bhfear seo. Scéalta spéisiúla atá iontu mar gheall ar na slite inar éalaigh siad ó na Gaill  agus inar chabhraigh siad leis na gnáth daoine bochta. Tá traidisiún saibhir ach go h-áirithe i gcás Éamoinn. De réir scéil amháin, chas Eamonn ar fhear bocht i mBuiríos Uí Leigh. Mhol Éamonn don bhfear eolas a thabhairt do na Sasanaigh i dtaobh an áit ina raibh sé chun airgead a fháil uathu. Ar dtús, ní raibh an fear sasta glacadh le seo ach faoi dheireadh ghéill sé. Chuaigh an fear chun na Sasanach leis an eolas is fuair an t-airgead. D’fhan Eamonn ar na saighdiúirí is tháinig aniar aduaidh orthu. Mhairigh sé seachtar acu.

Ba iar shaighdiúr Sasanach Reuben Lee, a chríochnaigh suas i measc na méirleach. Pé airgead a fuair sé chuir sé é i dtaisce do féin, níor bhac sé riamh leis na boicht. Tar éis do go leor airgid a bhailiú do féin, chuaigh sé i dteangmháil leis na Sasanaigh. Déanadh margadh, thug sé gealltanas dóibh go dtabharfadh sé Éamonn dóibh is go bhfaigheadh sé pardún mar luach. Bhí sé eagraithe go mbeadh Éamonn ag a theach ag am a bhí socraithe eatharthu.  Tháinig Eamonn chun a tí  le fear darbh ainm Ó Riain i dteannta leis. De reir mar  a bhí siad ag comhrá in aice na tine d’éirigh an Rianach amhrasach faoi Lee. D’inis sé é seo d’Eamonn trí Ghaeilge, teanga nár thuig Lee. Choinnigh Eamonn súil ghéar ar an bhfuinneog is nuair a chonaic sé na saighdiúirí ag teacht chuir sé piléar i gcroí Lee. D’éalaigh an bheirt acu.

Tá ana chuid scéalta eile mar seo faoi Éamonn a’ Chnoic. Rinne sé é féin cur síos ar shaol an mheirligh in amhráin a scriobh sé- Éamonn an Chnoic. Chum sé amhrán grá Bean Dubh an Ghleanna chuig a bhean Máire Ní Leathaigh. Maraon le seo tá se ina údar den dán tírghráthach Séan Ó Duibhir a’ Ghleanna. Sa dán seo spreagann sé na fir óga chun saol Sheáin Uí Duibhir a leanúint agus troid ar son saoirse a tíre.

Deirtear gur maraíodh Eamonn go fealltach. Thug duine dá ghaolta dídean do, fear darbh ainm Ó Duibhir. Le linn d’Éamonn a bheith ina chodladh, bhain sé a cheann de le tua. Chuir sé an ceann i mála agus chuaigh sé go Caiseal chun é a thabhairt dos na Sasanaigh. Cuireadh an ceann ar spíce i gCaiseal thar gheata an phriosúin. Tugadh síos é ar ball agus tugadh do dheirfiúr Éamoinn. Chuir sí é i gCurrachín gar d’Áth a’ Chuilinn. Fuaireadh cloigeann ag an suíomh seo cúpla bliain ó shin is cuireadh leacht cuimhneacháin ann. Thug cairde Eamoinn a chorp ón áit inarc chaith an Duibhireach é agus cuireadh  i reilg Dhúin.

 

Gluais/ Vocabulary

 

Úinéirí talún- landowners

Éirí Amach- rising

Plandóirí- planters

An Sagartóireacht- the Priesthood

Griolsa- fracas

Baintreach- widow

Roinnt troscáin- some furniture

Scliúchas- brawl

Ar a choimeád- on the run

Cúis na h-Éireann- the Cause of Ireland

Oifigeach- an officer

Tar éis  Chonradh Luimnighe- after the Treaty of Limerick

Mór Roinn- Continent

Na Géanna Fiáine- the Wild Geese

Treallchogaiocht- guerrilla warfare

Saighdiúirí- soldiers

Saoirse- freedom

Go fealltach- treacherously

Tua- axe

Spíce- spike

Geata an phriosúin- gate of the prison

Cloigeann- skull

Leacht chuimhneacháin- memorial

Reilg- graveyard