Ceist an Achta Gaeilge ó Thuaidh

Cuireadh tús leis an bpróiséas chun Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae le foilsiú ‘An Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann)’ i dTeach na dTiarnaí, i Westminister Dé Céadaoin seo caite. Mar thoradh air beidh stádas oifigiúil ag an nGaeilge sa tuaisceart den chéad uair.

Gealladh an reachtaíocht seo chomh fada siar le 2006 le Comhaontú Chill Rímhinn. Comhaontú ab ea seo a bhain le dílarnú chumhachta ó Westminister ina mbeadh riail Shasana sa tuaisceart á cur i bhfeidhm trí Stormont. Leis an reachtaiocht nua ní fada anois go mbeidh an riail sin á cur i bhfeidhm ag Éireannaigh i dtrí theanga, Béarla, Gaeilge agus Ultais.

Tabharfaidh an bille teanga an chumhacht do Rialtas na Breataine beirt Choimisinéirí Teanga, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, a cheapadh i státchóras an tuaiscirt.

Maraon leis seo bainfear an cosc ar úsáid na Gaeilge i gcóras dlí Shasana sa tuaisceart leis an ‘Acht(Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’ a chur ar ceal.

Má ghlacann Jeffrey Donaldson leis an ról mar Leas-Chéad Aire an tuaiscirt agus muna mbíonn sé sásta an reachtaíocht a cheadú, beidh sé de chumhacht ag an Státrúnaí treoir a thabhairt dó í a chur i bhfeidhm. Is léir mar sin go ndéanfar beart de réir bhriathair Westminister in aineoinn go bhfuil na hAontachtaithe glan ina choinne.

Tá go leor plé déanta faoin reachtaíocht seo le blianta anois ach níor chuala mé éinne ag cur na gceisteanna seo fúithi: Mar Ghaeil, an cúis chéiliúrtha dúinn go bhfuil Rialtas na Breataine tar éis cead a thabhairt dúinn ár dteanga féin a labhairt agus sinn ag plé lena stáitín in Éirinn? An cúis chéiliúrtha do na Gaeil gur féidir leo riail Shasana a chur i bhfeidhm in Éirinn trí mhéán na Gaeilge? An léiriú de Shiondróm Stócólm na nGael nach féidir linn é seo ar fad a aithint agus gurab amhlaidh nach bhfuil aon éadaí ar an impire?!

Bunaíodh an stáitín ó thuaidh breis is céad bliain ó shin i gcoinne thoil thromlach mór mhuintir na hÉireann. Coinníodh é le forneart ó shin. Slánaonad polaitiúil neamhdhlisteanach dá mbeadh ceann ann riamh. Bhreathnaigh formhór na bpáirtithe polaitíochta air mar sin, Fianna Fáil agus Sinn Féin ach go háirithe, go dtí 1998 nuair a glacadh le Comhaontú Aoine an Chéasta. Le síniú an chomhaontaithe seo tá Sinn Féin, chomh maith le formhór na bpáirtithe polaitíochta eile, tar éis glacadh leis an stáitín seo mar shlánaonad dlisteanach agus tá riail Shasana á riar acu ann go sona sásta anois.

Ach ní athraíonn aon cheann acu seo an bhuncheist go raibh riail Shasana in Éirinn neamhdhlisteanach i gcónaí is go bhfuil fós. Bhí gach aon phíosa reachtaíochta de chuid Shasana ó 1169, a bhain le hÉirinn, neamhdhlisteanach. Bhí Reachtanna Chill Chainnigh a dhein gach iarracht an Ghaeilge a chur faoi chois i 1366 neamhdhlisteanach. Tá Acht 1737, a bhfuil a aisghairm mar bhunús na reachtaíochta seo, neamhdhlisteanach sa tslí chéanna.

Mar fhocal scoir, a Ghaela, níor chóir go mbéimís ag impí ar Rialtas na Breataine an ‘ceart’ a thabhairt dúinn ár dteanga féin a labhairt inár dtír féin. Ina ionad sin ba chóir go mbéimís ag iarraidh orthu ár gceart náisiúnta mar thír a thabhairt dúinn agus críoch a chur lena láithreacht neamhdhlisteanach in Éirinn ar deireadh.

 

 

Share mdi-share-variant mdi-twitter mdi-facebook mdi-whatsapp mdi-telegram mdi-linkedin mdi-email mdi-printer mdi-chevron-left Prev Next mdi-chevron-right Related
Comments are open

The biggest problem Ireland faces right now is:

View Results

Loading ... Loading ...