Seachtain na Gaeilge – 1ú Márta – 17ú Márta
Seoladh áis iontach nua do mhuintir na Gaelann tráthnóna Dé hAoine in Ionad na Bhlascaoid, in nDún Chaoin.
Is é an suíomh sin Taisce Chanúintí na Gaeilge – éacht mór a thóg foireann faoi Dr. Andrea Palandri, Scoil na Gaeilge Ollscoil Cathair BÁC, chun críche.
Bhí Palandri faoi agallamh ar Saol Ó Dheas Dé Máirt seo chaite faoin togra.
Bhí taighdeoirí ó réimse fairsing fiontar na Gaelann páirteach sa sár-obair seo, agus níl an deireadh leis. Tá naisc do fhoinse thábhachtach eile freisin: dúchas.ie, loganim.ie, anim.ie is araile.
Is é an rud is spéisiúil ná go mbeidh daoine ábalta ní amháin comparáid a dhéanamh idir litriú focail áirithe ar an leathanach, ach éisteacht le cainteoirí dúchais ag labhairt agus ag fuaimniú na focail sin.
Ní amháin idir na mór canúintí mar Corca Dhuibhne, Conamara, Gaoth Dobhair agus An Rinn; ach tá taifead ann ón sean cainteoirí ón na sean Gaeltachtaí agus Breac Gaeltachtaí mar tuaisceart Contae an Lú agus Úibh Eoghain agus Úibh Fhathach Thiar, ceantair ar na teorann idir Tiobraid Árann theas agus Port Láirge.
Is ábhair iontais domsa ar aon nós macalla ár stair agus mo shinsear féin ó Thiobraid Árann agus Cill Chainnigh Theas ag labhairt thar na cianta. An taobh brónach, ar ndóigh, ná go bhfuil na cainteoirí i gcartlann RTÉ ar shlí na fírinne agus tá na canúintí sin marbh.
Is cuidiú mór an fiontar seo do scoláirí, taighdeoirí agus foghlaimeoirí na Gaelann. Ní raibh ach súil ghairid agam go fóill, ach is léir go bhfuil ‘Pluais Aladdin’ ann.
Comhghairdeas do gach. Duais iontach don saol Fódlach.