Saolaíodh Giovanni Battista Rinuccini sa Róimh ar an 15 Meán Fómhair 1592. Scoláire dlí iomráiteach ba ea é. Sa bhliain 1625 coisriceadh mar Ardeaspag Fermo é. Fiche bliain ina dhiaidh sin chuir an Pápa Innocent X é go hÉirinn mar nuinteas chun cabhrú le Caitlicigh na tíre saoirse creidimh a bhaint amach.
Cuireadh tús i 1641 le coimhlint in Éirinn ar a dtugtar ‘Cogadh na hAon-déag mBliana’. Coimhlint chasta ab ea é ina raibh na Gaeil is na Sean-Ghall in aghaidh an réimis Phrotastúnaigh sa tír. Bhí na fórsaí Caitliceacha uilig faoi cheannas Chomhdháil Chill Chainnigh.
Cé gur Chaitlicigh iad araon bhí teannas mór le linn na coimhlinte idir na Gaeil is na Sean Ghall, de dheasca na mímhuiníne is an doichill a bhain leis na coimhlintí is an chogaíocht ó theacht na Sean Ghall, nach mór cúig chéad bliain roimhe sin. Chomh maith leis seo, bhí sé de chuspóir ag na Gaeil, faoi cheannas Eoghan Rua Ó Néill, saoirse iomlán a bhaint amach agus poblacht a chur ar bun faoi chosaint na Spáinne. Bhí na Sean Ghall fós dílis don Choróin Shasanach áfach.
D’fhág Rinuccini an Róimh go luath i 1645 agus nuair a shroich sé an Fhrainc, cheannaigh sé frigéad, darb ainm an San Pietro. Bhí 26 Iodálach agus roinnt oifigeach Éireannach in éineacht leis.
Oíche an 21 Deireadh Fómhair 1645, chuaigh an frigéad ar ancaire i gCuan Neidín, i ndeisceart Chiarraí. An mhaidin dár gcionn, tháinig an Nuinteas i dtír agus ba é an chéad stad a bhí aige ná bothán aoirí ina léigh sé an tAifreann.
I litir a scríobh sé chuig a dheartháir, dhein sé an cur síos seo ar na hÉireannaigh ar bhuail sé leo;
‘Tá na fir breá dathúil agus thar a bheith láidir, reathaithe tapa, agus réidh le dul i ngleic le gach cineál cruatain go gealgháireach. Tá siad go léir oilte in armra, go háirithe anois agus iad i mbun cogaíochta. Iad siúd a chuireann iad féin i bhfeidhm go hacadúil, tá siad an-oilte, agus in oiriúint go maith do na gairmeacha agus na heolaíochtaí. Is é éagasc na mban go bhfuil siad álainn agus cuanna agus tá an chaoimhe de dhlúth agus d’inneach iontu. Tá siad chomh umhal is atá siad álainn. Cuid lárnach dá gcuid béasa ná an tsimplíocht as cuimse a bhaineann leo.. Tá a n-éadaí difriúil ónár gcuid féin, ach ábhairín ar nós na bhFrancach. Caitheann siad clócaí chomh maith ag teacht ar a sála agus duail ghruaige dosacha, le bannaí línéadaigh ceangailte suas i mbealach na Gréige, a thaispeánann a n-áilleacht nádúrtha…’
Chuaigh sé go Cill Chainnigh go luath ina dhiaidh sin, mar a raibh an Chomhdháil. Cuireadh fáilte mhór roimhe le reisimintí coisithe agus na mílte daoine gealgháireacha líneáilte ar na sráideanna.
Bhí Ardchomhairle na Chomhdhála faoi smacht ag giúistísí saibhre talún, de bhunadh na Sean Ghall den chuid is mó, a bhí ag iarraidh teacht ar shocrú le monarcacht Stuart a chinnteodh a n-úinéireacht talún agus caoinfhulaingt an Chaitliceachais. Bhunaigh siad an bhaicle mheasartha, a chuir ina gcoinne siúd a bhí ag iarraidh téarmaí níos fearr, lena n-áirítear féinrialtas d’Éirinn. Shínigh siad conradh síochána leis na Ríogaithe Sasanacha i 1646.
Nuair a foilsíodh na téarmaí, áfach, ba léir nach raibh ach cleachtas príobháideach an Chaitliceachais i gceist. Agus é ag líomhain gur cuireadh dallamullóg air d’aon ghnó, thacaigh Rinuccini go poiblí leis an mbaicle mhíleatach, ina raibh an chuid is mó den chléir agus roinnt ceannasaithe míleata Éireannacha ar nós Eoghan Rua Ó Néill . Nuair a dhein an Ardchomhairle iarracht an conradh a dhaingniú, chuir Rinuccini faoi choinnealbhá iad. Gabhadh comhaltaí na hArd-Chomhairle as tréas sa Tionól agus thogh siad Ardchomhairle nua.
Glacadh le conradh nua níos déanaí áfach a raibh Rinuccini ina aghaidh chomh maith.
Thug Rinuccini tacaíocht do fhórsaí Uí Néill, a throid i gcoinne siúd a ghlac leis an socrú. Chuir sé faoi choinnealbhá iad siúd a thacaigh leis an gconradh nua. Scoilteadh easpaig na hÉireann ar an gceist, áfach, agus mar sin, lagaíodh a údarás dá bharr.
Chaill an nuinteas misneach ar deireadh is d’fhág an tír ar 23 Feabhra 1649 ar an long a thug go hÉirinn é, an frigéad San Pietro.
D’fhill Rinuccini ar an Róimh i Mí na Samhna 1649, mar a thug sé tuairisc dar teideal “Relazione delle cose in Irlanda” don Phápa, a thugann cuntas ar a thréimhse in Éirinn. D’fhill sé ar a dheoise i Fermo an bhliain dar gcionn. D’éag sé ar 13 Nollaig 1653 i Mainistir Fermo.
Bhí sé beartaithe ag Rinuccini mionchuntas a scríobh ar a mhisean tar éis dó filleadh ar Mhainistir Fermo agus d’iarr sé ar bheirt bhráthair Caipisíneacha Éireannacha, Risteáird Ó Fearghail agus Roibeárd Ó Conaill, teacht go Mainistir Fermo chun cabhrú leis an gcúram sin.
Tar éis a bháis, scríobh an bheirt Chaipisíneach i bhFlórans an saothar i lámhscríbhinn ar a dtugtar an ‘Commentarius Rinuccinianus’. Cuireadh i gcló é den chéad uair i 1949.
Pictúir ar barr: https://www.facebook.com/CapuchinArchivesIreland/photos/lost-seventeenth-century-manuscript-this-is-the-title-page-of-the-one-of-most-im/826947120729415/