Nuacht TG4 agus Bolscaireacht an Ghinmhillte

Bhí tuairisc le déanaí ar Nuacht TG4 le Sinéad Ní Neachtáin maidir le bás Savita Halappanavar deich mbliana ó shin.

Píosa claonta ó thús deireadh a bhí neamhbhalbh ar son an ghinmhillte  a cheapfá a bhí déanta ag ceann de na heagrais ar son an ghinmhillte. Ní raibh oiread is duine amháin ó thaobh na beatha curtha faoi agallamh le linn an chláir.

Bhí an ‘tuairisc’  breac le lúbadh  ó thús deireadh. Thug an tuairisc an méid a dúirt na húdaráis leighis faoin gcás ag an am is cuireadh  lúbadh air le cur trasna go raibh na húdaráis seo ag déanamh tagairt do dhlíthe ginmhillte na tíre ag an am, rud atá go hiomlán bréagach.

Ba léir ó na ráitis nach  raibh baint beag ná mór ag ginmhilleadh le bás na mná boichte ach gurbh í an tseipsis nó nimhiú fola ba chúis lena bás.

‘Míthapa leighis’ – an Coiste Cróinéara.

‘Loiceadh ar na bun-riachtanais cúraim’ -an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

‘Measúnú agus monatóireacht..easnamhach’ -Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Thug an tuairisc ardán d’Ursula Ní Chonghaile, Léachtóir le Dlí, Scoil Dlí, Ollscoil na Gaillimhe,  a dúirt ‘go raibh ‘sé soiléir go raibh gá le athrú ar an dlí’ ag an am sin.

Dar leis an tuairisceoir féin, Sinéad Ní Neachtáin ‘cé go bhfuil cead ginmhilleadh  ní próiséas éasca mar sin é’

Lean an tuairisc ag éagaoineadh nach bhfuil a dhóthain ginmhillte in Éirinn.

D’aontaigh Catherine Connolly TD leis an méid a bhí le rá ag an tuairisceoir is dhearbhaigh nach bhfuil a dhóiteáin leanbh á marú is go bhfuil ‘rudaí ag tarlú ar an talamh atá ag teacht salach ar na rudaí dearfacha’. ‘Na rudaí’ atá ar siúl dar ndóigh ná nach bhfuil tromlach mór de dhochtúirí na tíre sásta linbh gan bhreith a mharú.

Dar le Ursula Ní Chonghaile go bhfuil an tréimhse feithimh trí lá  ‘rófhada’ is nach bhfuil a dhóitheán linbh sa bhroinn á marú dá bharr.

Chríochnaigh an ‘tuairisc’ le ráiteas ón tuairisceoir Sinéad Ní Neachtáin  go bhfuil ‘dúshlán fós’ leis an réiméas ginmhillte sa stat is gur chóir go mbeadh i bhfad níos mó  linbh gan bhreith a mharú.

Is léir mar sin go bhfuil Nuacht TG4 d’aon ghuth le lucht an ghinmhillte anseo in Éirinn gur chóir go gcuirfí go mór leis an 20,000 leanbh atá tar éis a mharú cheanna féin sa stát ó dheas.

A léitheoir cuimhnigh gur do tháille cheadúnas teilifíse a úsáidtear leis an mbolscaireacht mharfach seo a craobhscaoileadh. Más mian libh, cuir glaoch ar Nuacht TG4 ag 091 505066 nó seol r- phost chuig [email protected] le do shamhnas a chur in iúl.

 

Share mdi-share-variant mdi-twitter mdi-facebook mdi-whatsapp mdi-telegram mdi-linkedin mdi-email mdi-printer mdi-chevron-left Prev Next mdi-chevron-right Related
Comments are open

Should Fr Sheehy apologise to Simon Coveney?

View Results

Loading ... Loading ...