C: MrCharco / Wiki / CC BY-SA 3.0

Naomh Breandán

Is duine de na naoimh luath-mhainistreacha na hÉireann agus de Dhá Aspal Déag na hÉireann é Naomh Breandán Chluain Fearta nó ‘An Loingseoir’ mar a tugadh air.

Rugadh Breandán  thart faoin mbliain 484 A.D., gar don Fhianait i gContae Chiarraí.

Ar feadh cúig bliana, chuir Naomh Íde nó ’Bríd na Mumhan’ mar a tugadh uirthi, léann air agus lean sé a chuid léinn ina diaidh faoi stiúir Naomh Erc. Is cosúil gur dhein sé staidéar ansin i mainistir Chluain Ioraird faoi Naomh Finian.

Oirníodh mar shagart é i 512.

Idir AD 512 agus 530 thóg Breandán cillíní mainistreacha in Ard Fhearta agus an Seanchaol ag bun Shliabh Bhréanainn, i gCiarraí. Is ón gceantar seo a thug sé faoina thuras cáiliúil seacht mbliana go Tír na nAoibhneas.

Ba é a chéad turas farraige Bhreandáin go hOileáin Árann, áit ar bhunaigh sé mainistir. Thug sé cuairt níos déanaí ar Albain agus shroich sé Inse Ghall, agus b’fhéidir áiteanna níos faide i gcéin. Níos deireanaí fós thaistil sé go dtí an Bhreatain Bheag agus Oileán Í, an t-oileán naofa ar chósta thiar na hAlban. Tuairiscítear gur thug Breandán cuairt ar Inse OrcInse Shealtainn, agus ar an mBriotáin, sa Fhrainc, fiú.

Tar éis dó teacht ar ais go hÉirinn, bhunaigh sé mainistir ag Inis dhá Dhroim i bparóiste Chill an Dísirt i gContae an Chláir thart ar an mbliain 550. Chomh maith leis sin, bhunaigh sé mainistir in Inis Mhic Uí Chuinn, Contae na Gaillimhe agus in Inis GluaireContae Mhaigh Eo. Ba í an mhainistir ba cháiliúla a raibh baint aige léi ar ndóigh ná Cluain Fearta, a bhunaigh sé thart faoin mbliain  560.

Tá an tagairt is luaithe de Bhreandán sa Vita Sancti Columbae (Beatha Naomh Columba) scríofa idir AD 679 agus 704. Tá an tagairt is luaithe de mar mharaí le feiceáil i Mairtíreolaíocht Thamhlachta sa naoú haois.

Ach níl aon amhras ach go bhfuil an cháil is mó air mar gheall ar an iomramh seacht mbliana finscéalach, trasna an Aigéin Atlantaigh, go ‘Tír na nAoibhneas’. Déantar cur síos air sna  téacsanna Laidine Navigatio Sancti Brendani Abbatis, a théann siar go dtí 800 AD ar a laghad. D’agair Naomh Aonghus ina Liodáin, a cumadh i ndeireadh an ochtú haois i dTamhlacht, “an seachtar déag a bhí in éineacht le Naomh Breandán agus é ar thóir Thír na nAoibhneas”.

Le linn an iomraimh, thánadar ar ollphéist mara, eachtra a roinn sé le duine de lucht a chomhaimsire, Naomh Colm Cille. An scéal is coitianta faoi seo ná nuair a cheapadar go raibh siad tar éis teacht i dtír ar oileán,  ní oileán in aon chor a bhí ann ach ollphéist mór mara darbh ainm Jasconius. Faigheann siad amach é seo nuair a lasann siad tine chun an Cháisc a cheiliúradh agus dúisíonn Jasconius!

Nuair a scaip an scéal faoin iomramh, thosaigh oilithrigh agus daltaí ag teacht go hArd Fhearta le teagasc agus treoir a fháil uaidh. Dá bharr seo, bhunaigh sé pobail mhainistreacha nua in áiteanna mar Ghallarais, Chill Maoilchéadair, Chnoc Bréanainn agus ar na Blascaodaí i gCiarraí.

Tuigtear anois gur thuras go Meiriceá a bhí i gceist leis an scéal. Meastar go raibh Colambas ar an eolas faoi is gur spreag sé é an gaisce céanna a dhéanamh.

Agus é cinnte go raibh an finscéal bunaithe ar fhírinne stairiúil chomh maith, thóg an taiscéalaí Tim Severin macasamhail de churach Bhreandáin i 1976.  Ag baint úsáide as uirlisí traidisiúnta,  tógadh bád dhá chrann seoil 11 mhéadar ar fhad de fhuinseog agus dhair, le nach mór 3 km d’iall leathair, fillte le 49 seithí bulláin agus séalaithe le gréisc olainn.

Ar an 17 Bealtaine, 1976, sheol Severin agus a chriú ón áit chéanna as ar sheol Breandán agus a chompánaigh nach mór míle go leith bliain roimhe sin. Baisteadh the Brendan ar a mbád.  Thar dhá shamhradh agus breis is 13 mhí, thaistil siad 7,200 km, ag teacht go Ceanada ar an 26 Meitheamh, 1977, ag tuirlingt ar Thalamh an Éisc. Dúirt Severin le tuairisceoirí, “Tá sé cruthaithe againn gur féidir le bád leathair dul trasna an Atlantaigh Thuaidh ar bhealach nach ndéanfadh mórán luamhairí nua-aimseartha iarracht.” Ar an iomramh, chonaic Tim Severin a lán rudaí, cnoic oighir agus míolta móra ina measc. Léiríonn na tagairtí a bhí déanta de na radhairc seo i scríbhinní Naomh Breandán gur sheol sé an bealach céanna inar sheol Severin. Ba  leabhar sárdhíola a scríobh sé ina dhiaidh dar teideal, The Brendan Voyage, a aistríodh go 16 theanga.

D’éag Naomh Breandán tráth éigin idir na blianta 570 agus 583 is cuireadh é ag a mhainistir i gCluain Fearta. Is naomh pátrún é do mhairnéalaigh agus dóibh siúd a mbíonn ag taisteal.  Is é an 16 Bealtaine a lá féile.

C: Joachim S. Müller / Flickr / CC BY-NC-SA 2.0
Share mdi-share-variant mdi-twitter mdi-facebook mdi-whatsapp mdi-telegram mdi-linkedin mdi-email mdi-printer mdi-chevron-left Prev Next mdi-chevron-right Related Comments Members can comment by signing in to their account. Non-members can register to comment for free here.
Subscribe
Notify of

0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments

Should NGOs like NWCI be allowed to spend money they receive from the Government on political campaigns?

View Results

Loading ... Loading ...