Bhí léirsiú lasmuigh de Theach Laighean tráthnóna inniu chun dearcadh phobail na Gaeilge faoi chursaí pleanála a chuir faoi bhráid Roghchoiste um Tithíochra Rialtas Áitúil agus Oidhreacht.
Tá an coiste ag dúl i mbun obair ar leasuithe ar an Bille un Pleanáil agus Forbairt (2023). Bhí imeachtaí áitiúla ar siúl i nDaingean Úi Chuis agus áiteanna eile sna Gaeltachtaí.
🚨 Géarchéim Tithíochta na Gaeltachta
Sheas muid taobh le grúpaí ó fud na tíre ag Teach Laighean inniu lenár míshástacht a léiriú faoin mhoilleadóireacht agus faoin easpa dul chun cinn ó @DeptHousingIRL agus Rialtas na hÉireann i leith ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta. pic.twitter.com/XTgyRyFwfs
— Conradh na Gaeilge ⭕️ (@CnaG) February 13, 2024
"It follows calls from a newly established campaign group, Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, which said that new planning laws should make it easier for native speakers to build houses in the Gaeltacht." https://t.co/rVHcHPW7tU
— Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga (@meithealnpt) February 13, 2024
Slua breá bailithe ag agòid na géarchéime tithìochta sa Ghaeltacht.#AnDaingean @DuchasanDaingin @TDhuibhne @PleanTeangaCF @PeadarDingle @RTERnaG pic.twitter.com/wZrvHLQu4l
— Sláine Ní Chathalláin (@SlaineNain) February 13, 2024
Tá Conradh na Gaeilge ag moladh roinnt leasuithe maidir leis na coinniollacha a bhainnean le tógála agus cheisteanna eile. Tá an Conradh ag éileamh go ndéanfaí comhordú ar na pleananna atá ann faoi láthair do na Gaeltachtaí leis an bpróiseas pleanála.
“Táimid anois níos mó ná dhá bhliain ar aghaidh ó gheall an tAire Darragh O’Brien go mbeadh na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta curtha ar fáil. Dhá bhliain níos déanaí agus níl aon radharc orthu fós, rud a fhágann go bhfuil comhthéacs ríthábhachtach in easnamh orainn agus ceann de na billí pleanála is tábhachtaí i stair na tíre seo ag dul trí Thithe an Oireachtais,” mhinigh Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge.
Tá siad ag éileamh go dtabharfaí aitheantas ar leith don straitéis don Ghaeltacht sa bhille reatha, mar dúirt siad: “Ba cheart go mbeadh tagairtí shonracha do na pleananna teanga san áireamh sna forálacha i ndáil le ‘cosaint oidhreacht teanga agus chultúrtha’ phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Bhille seo ar fad.”
Níos mó ná sin, caithfear aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí mar cheist faoi leith don phobail.
Seachas sin, is é an faitíos ná go gcuirfear leas phobal na Gaeltachta, agus go deimhin leas an Gaelann, ar leataobh. Cloistear caint ar chosaintí bunreachtúla maoine, ach b’feidir go bhfuil dualgas an stáit maidir le cosaint na nGaeltachtaí agus an Gaelann níos tabhachtach ná sin?
Agus téann sé sin níos faide agus níos doimhne ná teach saoire agus tithe cónaithe a cheannach ag daoine nach bhfuil Gaeilge acu agus b’fhéidir nach bhfuil aon suim acu sa teanga. Is léir, mar shampla, go bhfuil scoileanna Gaeltachta faoi bhrú an Béarla a mhúineadh do pháistí na dteifeach.
Tá na Gaeltachtaí féin, mar is léir ó Chorca Dhuibhne agus ó Ghaoth Dobhair, thíos go mór leis an tionchar sin. Ní hamháin go bhfuil riachtanais tithíochta áitiúla chomh maith le scoileanna faoi bhrú, ach tá an easpa lóistín ar fháil do turasóirí agus an tionchair ar an ngeilleagar áitiúil ag déanamh an dochair.
Morning Ireland: Labhair Róisín Ní Chinéide ar an chlár faoi ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta ar maidin, éist thíos.
Beidh muid ag seasamh le @meithealnpt agus léirseoirí eile ag Teach Laighean inniu. Beimid glórach agus beidh ár n-éileamh soiléir.https://t.co/J0YbSV90dy
— Conradh na Gaeilge ⭕️ (@CnaG) February 13, 2024
Mar sin, i gcroí lár na ceiste tá marthanas na Gaeltachta féin. Tá phobail na Gaelann faoi brú ó gach taobh, ach ceann des na fabhanna móra is an easpa tithíochta. Mar a duirt Ruth Ní Mhurchú, Oifigeach Pleanála Teanga i nDaingean, ar Saol O Dheas ar maidin: ní daoine áitúila in ann tithíocht a fháil.
Is é an toradh atá ar sin ná go mbíonn ar dhaoine óga ar mian leo cónaí san áit ar rugadh iad cónaí taobh amuigh den Ghaeltacht.
Bhíos i Corca Dhuibhne cúpla uair sa bhlian seo caite agus gan amhras tá roinnt mhaith tithíocht samhraidh atá folamh ach amháin le linn an seasúr sin. Tá cuid mhaith lóistín fresisin ar cíos mar Airbnb. Ceann de na fabhanna a bhaineann le sin ná nach féidir le muintir na háite áit chónaithe a fháil – daoine óg ach go háirithe.
Tar a léiríonn an rí rá faoi ráitis an iar-Aire Ivan Yates tá go leor daoine ann a éiríonn corraithe ar an dá thaobh thar an Gaelann. Measann daoine airithe gur cur amú airgid nó gan aon tairbhe ábhartha í. Céist mór is ea an t-airgead, gan amhras.
Thuig gníomhaithe Gaeltachta ar nós Uí Chadhain é sin i gcónaí. Ní iarsmallann í an Gaeltacht. Nó ní í ach an oiread ar chóir a bheith faoi réir gnáthfhíorais an tsaormhargaidh na tithíochta.
Mar a dúirt Dónall Ó Cnáimhsí ón Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga:
“From Waterford in the South-East to Donegal in the North-West, it is becoming increasingly difficult for the people of the Gaeltacht to obtain planning permission in their own localities. People have planning permission refused on the basis, according to local councils, that they don’t have a ‘local need’ and the definition of what constitutes a ‘local need’ is continually narrowing and constricting.”
“This means that young couples cannot obtain planning permission in their own local areas. Furthermore, this contradicts the Government’s policy in relation to language planning, as set out in the Gaeltacht Act 2012. If people from the Gaeltacht are unable to live in the place where they grew up, what is the use in talking about language planning?”
I measc na móltaí ón gConradh tá an ceann rí-thabhachtach seo: “go nglacfaí leis go bhfuil ‘riachtanas áitiúil’ ag an té a bhfuil labhairt na Gaeilge acu sa Ghaeltacht, rud a d’éascódh an próiseas pleanála do mhuintir na Gaeltachta.”
Chuirfeadh sé sin riachtanas an phobail áitiúla, na gcainteoirí dúchais, i dtús áite.
Gan é sin, leanfaidh an Ghaeltacht an chuid eile den tír le bheith lán de thithe atá faoi úinéireacht comhlachtaí cíosa – nó ag daoine nach bhfuil aon suim acu sa teanga.
Tithe samraidh agus galf clubanna lan le leadanna ag caitheamh bristí bándhearg agus gan suim ar bith sa Gaelann.