Is fadscannán é Arracht atá léirithe ag Macalla Teo. le cabhair ó TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolachán na hÉireann. Scríobtha agus faoi stiúir ag Tom Sullivan, léirithe ag Cúán Mac Conghail. Táthar ag súil go mbeidh Arracht sna pictiúrlanna i mí Lúnasa 2020.

Suite i gConamara, Co na Gaillimhe sa bhliain 1845 agus an Gorta Mór ag bagairt na tíre, tá iascaire, Colmán Sharkey ar a choimeád de dheasca coireanna nár dhein sé. Níorbh fhéidir leis a theaghlach a chosaint ón mbás is ba bheag nach raibh an t-éadóchas i ngreim ann go dtugann gearrchaile tréigthe misneach dó.

Léiríodh an scannán den chéad uair in Tallinn na hEastóine ar an 29ú de Shamhain, mar chuid den bhféile ‘Black Nights’ mar a raibh 80,000 duine i láthair.

Deineadh scannánú ar Arracht go hiomlán ar chósta thiar iarghúlta na hÉireann i gConamara. Tá réamhbhlaiseadh de le feiscint ar YouTube.

Foireann; Dónall Ó hÉalaí    Michael McElhatton    Siobhán O’Kelly    Dara Devaney    Peter Coonan Seán T. Ó Meallaigh   Michelle Beamish