The Irish language and Gaeltacht groups that secured a place on the Ardán 2026 Shortlist have been announced on Raidió na Gaeltachta’s ‘Barrscéalta‘ programme.
Fógraíodh ar chlár Barrscéalta de chuid Raidió na Gaeltachta na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta a bhfuil áit bainte amach acu ar Ghearrliosta Ardán 2026.
Chuir breis agus 60 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta as fud fad na tíre breis agus 100 iontráil isteach ar Ardán 2026, comórtas úrnua a thagann i gcomharbacht ar chomórtas stairiúil Ghlór na nGael. Seo an rannpháirteachas is airde riamh i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.
More than 60 Irish language and Gaeltacht groups from across the country submitted over 100 entries to Ardán 2026, a brand-new competition which succeeds the historic Glór na nGael competition. This is the highest level of participation ever in the Glór na nGael National Competition.
Prizes will be awarded to every group that has secured a place on the shortlist.
The total prize fund for Ardán 2026 is €83,000, including €20,000 for first place and €10,000 for second place, as well as prizes in the eight categories and ten special recognition awards.
The Ardán 2026 Shortlist was announced on Raidió na Gaeltachta’s Barrscéalta programme on Thursday, 25 June 2026 at 11am.
The eight competition categories are: Young People; The Family; The Gaeltacht; Education; Community Supports & Wellbeing; Business & Enterprise; Speaking Irish; and Environmental Conservation and Heritage Conservation.
Representatives of Glór na nGael, Brian Ó Gallachóir and Seán Ó Cuirrín, were present in the Raidió na Gaeltachta studios to announce the groups that had succeeded in securing a place on the Ardán 2026 Shortlist.
Frainc Mac Cionnaith, Manager of Glór na nGael’s Community and Enterprise Department, said:
“The strong interest shown by Irish language and Gaeltacht communities in this competition is very encouraging for us all. We are now greatly looking forward to a very inspiring conference as part of the public adjudication process in Galway in September. The new competition has got off to a strong start, and I congratulate every group that secured a place on the shortlist, and indeed every group that entered the competition, especially those that had not previously taken part in the Glór na nGael National Competition. I hope that we will be able to expand the competition in the years ahead so that we can include more groups.”
Ardán 2026 will take place in The Connacht Hotel, Galway, on 19 September 2026. For more information, visit www.glornangael.ie/ardan
Category:
Speaking Irish
Carraig ag Caint – County Cork
Pobal Rua – County Galway
Pobal ar a’n Iúl – County Tyrone
Gaillimh le Gaeilge – County Galway
The Gaeltacht
Ionad na nImirceach CTR – County Galway
Coiste Féilte Chill Chiaráin – County Galway
Coiste Forbartha Chnoc Fola – County Donegal
Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige – County Galway
Community Supports & Wellbeing
An Droichead – County Antrim
Pobal Eascarrach – County Donegal
Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille – County Donegal
Comhar Chuigéal Teo. – County Galway
Education
Coiste Forbartha Charn Tóchair – County Derry
Cultúrlann Uí Chanáin – County Derry
Cill Dara le Gaeilge – County Kildare
Gaeilge Locha Riach – County Galway
The Family
Gaeil Ruairí Óg agus Gaeil na nGlinntí – County Antrim
Céim ar Chéim – County Cork
Tae agus Play – County Leitrim
Fís an Phobail – County Antrim
Young People
Glór Uachtar Tíre – County Down
Glór na Móna – County Antrim
Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt – County Donegal
Glór Cheatharlach – County Carlow
Environmental Conservation and Heritage Conservation
Ionad Uíbh Eachach – County Antrim
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain – County Antrim
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair – County Donegal
Gaeláras Mhic Ardghail – County Down
Business & Enterprise
Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR – County Galway
An Clár as Gaeilge – County Clare
BSG An Clochán Liath – County Donegal
Muineachán le Gaeilge – County Monaghan
Special Recognition Awards
Ten special recognition awards were announced, to be presented to the following groups:
Conradh na Gaeilge, Craobh Pheadair Uí Dhubhda, Dún Dealgan. – County Louth
Coiste Ghaeloideachas Chromghlinne – County Antrim
Aisteoirí an Bhaile – County Galway
Comhlacht Forbartha Mhúscraí – County Cork
Coiste Óige Bunscoile Inis Oírr – County Galway
Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin – County Mayo
Craobh Cholm Cille – County Dublin
Gaelphobal Ard Mhacha Theas – County Armagh
Coiste Forbartha Dhobhair Teo – Ionad Naomh Pádraig – County Donegal
Comhar Fhánada & Ghleann Bhairr – County Donegal
Fógraíodh ar chlár Barrscéalta de chuid Raidió na Gaeltachta na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta a bhfuil áit bainte amach acu ar Ghearrliosta Ardán 2026.
Chuir breis agus 60 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta as fud fad na tíre breis agus 100 iontráil isteach ar Ardán 2026, comórtas úrnua a thagann i gcomharbacht ar chomórtas stairiúil Ghlór na nGael. Seo an rannpháirteachas is airde riamh i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.
Bronnfar duaiseanna ar gach grúpa a bhfuil áit bainte amach acu ar an ngearrliosta.
€83,000 an duaischiste iomlán atá ann do Ardán 2026, lena n-áirítear €20,000 don chéad áit agus €10,000 don dara háit, chomh maith le duaiseanna sna hocht gcatagóir agus deich nduais aitheantais speisialta.
Is iad na hocht gcatagóir de chuid an chomórtais ná: An Óige; An Teaghlach; An Ghaeltacht; Oideachas; Tacaíochtaí Pobail & Folláine; Gnó & Fiontraíocht; Labhairt na Gaeilge; agus Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta.
Bhí ionadaithe de chuid Ghlór na nGael, Brian Ó Gallachóir agus Seán Ó Cuirrín, i láthair i stiúideonna Raidió na Gaeltachta chun an fógairt a dhéanamh ar na grúpaí ar éirigh leo áit a bhaint amach ar Ghearrliosta Ardán 2026.
Deir Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Rannóg Pobal agus Fiontraíochta Ghlór na nGael:
“Ábhar misnigh dúinn uilig an ardspéis atá léirithe ag pobail na Gaeilge agus pobail na Gaeltachta sa chomórtas seo. Tá muid ag súil go mór anois le comhdháil iontach spreagúil mar chuid den mholtóireacht phoiblí a bheas againn i nGaillimh i mí Mheán Fómhair. Tá tús láidir curtha leis an gcomórtas nua agus gabhaim comhghairdeas le gach grúpa a bhain áit amach ar an ngearrliosta agus go deimhin le gach grúpa a chuir isteach ar an gcomórtas, go háirithe iad siúd nach raibh páirteach i gcomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael roimhe seo. Tá súil agam go mbeidh muid in ann an comórtas a leathnú amach sna blianta atá amach romhainn chun gur féidir linn níos mó grúpaí a thabhairt isteach ann.”
Beidh Ardán 2026 ar siúl in Óstán Chonnacht, Gaillimh, ar an 19 Meán Fómhair 2026.
Chun tuilleadh eolais a fháil, gabh chuig www.glornangael.ie/ardan
Rannóg:
Labhairt na Gaeilge
Carraig ag Caint – Contae Chorcaí
Pobal Rua – Contae na Gaillimhe
Pobal ar a’n Iúl – Contae Thír Eoghain
Gaillimh le Gaeilge – Contae na Gaillimhe
An Ghaeltacht
Ionad na nImirceach CTR – Contae na Gaillimhe
Coiste Féilte Chill Chiaráin – Contae na Gaillimhe
Coiste Forbartha Chnoc Fola – Contae Dhún na nGall
Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige – Contae na Gaillimhe
Tacaíochtaí Pobail & Folláine
An Droichead – Contae Aontroma
Pobal Eascarrach – Contae Dhún na nGall
Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille – Contae Dhún na nGall
Comhar Chuigéal Teo. – Contae na Gaillimhe
Oideachas
Coiste Forbartha Charn Tóchair – Contae Dhoire
Cultúrlann Uí Chanáin – Contae Dhoire
Cill Dara le Gaeilge – Contae Chill Dara
Gaeilge Locha Riach – Contae na Gaillimhe
An Teaghlach
Gaeil Ruairí Óg agus Gaeil na nGlinntí – Contae Aontroma
Céim ar Chéim – Contae Chorcaí
Tae agus Play – Contae Liatroma
Fís an Phobail – Contae Aontroma
An Óige
Glór Uachtar Tíre – Contae an Dúin
Glór na Móna – Contae Aontroma
Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt – Contae Dhún na nGall
Glór Cheatharlach – Contae Cheatharlach
Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta
Ionad Uíbh Eachach – Contae Aontroma
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain – Contae Aontroma
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair – Contae Dhún na nGall
Gaeláras Mhic Ardghail – Contae an Dúin
Gnó & Fiontraíocht
Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR – Contae na Gaillimhe
An Clár as Gaeilge – Contae an Chláir
BSG An Clochán Liath – Contae Dhún na nGall
Muineachán le Gaeilge – Contae Mhuineacháin
Duaiseanna Aitheantais Speisialta
Fógraíodh deich nduais aitheantais speisialta a bhronnfar ar na grúpaí seo a leanas:
Conradh na Gaeilge, Craobh Pheadair Uí Dhubhda, Dún Dealgan. – Contae Lú
Coiste Ghaeloideachas Chromghlinne – Contae Aontroma
Aisteoirí an Bhaile – Contae na Gaillimhe
Comhlacht Forbartha Mhúscraí – Contae Chorcaí
Coiste Óige Bunscoile Inis Oírr – Contae na Gaillimhe
Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin – Contae Mhaigh Eo
Craobh Cholm Cille – Contae Bhaile Átha Cliath
Gaelphobal Ard Mhacha Theas – Contae Ard Mhacha
Coiste Forbartha Dhobhair Teo – Ionad Naomh Pádraig – Contae Dhún na nGall
Comhar Fhánada & Ghleann Bhairr – Contae Dhún na nGall
The competition has a total prize fund of €83,000: €20,000 for first place and €10,000 for second place, as well as 32 prizes across 8 categories, €3,000 for each category winner and 3 secondary prizes of €1,000 in each category.
10 special €500 prizes as well as two tickets for the celebratory dinner will be awarded to groups not shortlisted, in recognition of a specific achievement or exceptional progress during the year
The adjudication and awards ceremony for the ARDÁN 2026 competition will take place on the same day and in the same venue. Ardán 2026 will take place in The Connacht Hotel, Galway, on 19 September 2026.
The Irish language community will have the opportunity to attend the adjudication sessions and learn from the insights and good practice shared there.