Is dráma amuigh faoin aer é ‘An Rí’ le Pádraig Mac Piarais a bheidh á léiriú ag Aisteoirí Thamhlachta ar Dhomhnach Cásca i Músaem na bPiarsach, Ráth Fearnáin ar 2.30.
Bí ann le haghaidh eispéireas mealltach agus na haisteoirí á athléiriú ceann de na píosaí litríochta is spreagúla ó pheann an Phiarsaigh.
Bhí an Piarsach féin mar stiúrthóir air agus a dheartháir, Liam, mar dhuine de na príomh-aisteoirí, nuair a léiríodh den chéad uair é sa bhliain 1912, ar fhearann Scoil Éanna, mar a bhfuil Músaem na bPiarsach suite sa lá atá inniu ann. Is é Ciaran McMahon, fear de bhunú Ghleann na Smól, lasmuigh de Thamhlacht, atá mar stiúrthóir air an uair seo.
Tá ‘An Rí’ suite sna meánaoiseanna ina bhfuil coimhlint mhorálta a bhaineann le Rí urchóideach ‘a dhoirt fuil na neamhchiontach is a ghéarlean na boicht, a thréig múintear Dé is a chuaigh i gcairdeas Meirleach’. Cé gur gaiscíoch fíochmhar é, caileann sé ‘deich gcath in aghaidh a bhíobha’, mar go bhfuil mallacht Dé air de dheasca a pheacaí. Ar deireadh, glacann buachaill óg, ‘Giolla na Naomh’, á áit is téann sé i gcomhrac in aghaidh namhaid a mhuintire. Cé go mbuaitear an cath, cailltear ann é.
Sábháiltear an náisiún trí íobairt an bhuachalla. Cé gur téama láidir na Críostaíochta é, is cosúil gur ar shaoirse na tíre a bhí ar intinn an Piarsach chomh maith agus é á scríobh. Glacadh leis mar bhall den Chomhairle Mhíleata de chuid Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann an bhliain dar gcionn. Ar nós an Rí óig sa scéal seo, chuirfeadh sé a íobairt fola féin i gcrích cúpla bliain ina dhiaidh sin a d’athródh an tír ó bhonn agus cúrsa na staire. Bhí an dráma ‘An Rí tairngeartach, ba léir.
Tá 11 aisteoir san iomlán bainteach leis, lena n-áirítear cúigear déagóirí agus seisear daoine fásta. Chomh maith leis, beidh triúr ceoltóirí, Lorcán Mac Mathúna, Éamon Galdubh agus Martin Tourish ag cur ceoil nuachumtha leis an dráma ar an lá.
Léirigh Aisteoirí Thamhlachta é anuraidh i nGleann na Smól, lasmuigh de Thamhlacht, i bpáirc de chuid fheirmeoir áitiúil, Donie Anderson, is d’éirigh thar cionn leis ag an am.
Níl aon amhras ach gur dáta don dialann é seo le haghaidh lá a bheidh lán de stair, cultúr agus inspioráid!
Tuilleadh eolais ag Aisteoirí Thamhlachta/Facebook.
Ticéid ar fáil ar Eventbrite

