Ar dtús, caithfidh mé a rá gur thaitin úrscéalta Liam Mac Cóil go mór liom. Scríbhneoir den scoth is ea é gan amhras agus tá a tríológ – An Litir, I dTír Strainséartha agus Bealach na Spáinneach – ar an gcéim chéanna mar Liam Ó Cathain sa genre ficsean stairiúil.
Tá úrscéalta eile scríofa aige, ina measc An Dochtúir Áthas; beathaisnéis an cláirseoir agus cumadóir Toirealach Ó Cearúlláin; aistriúcháin ó Bhreatnais agus sórt dialann Nótaí Ón Lár. Agus is é an leabhar sin, foilsithe i 2002, atá faoi chaibidil agam.
Is léir go bhfuil, nó go raibh ar aon nós!, deacrachtaí ag Mac Cóil leis an dlúth ceangail idir an náisiúnachas agus an Ghaeilge. Nó, chun a bheith níos cruinne, an ceangal idir aon teanga agus aon sóirt náisiúnachas. Ag caint faoi Máirtín Ó Cadhain, deir Mac Cóil:
“An réiteach a mhol sé – an Ghaeilge a bheith cuimsithe sa náisiúnachas poblachtach – ní féidir glacadh leis . Is céim síos rómhór don Ghaeilge é.”
Aontaím leis ar thaobh amháin an scéal mar níl aon amhras ach níor chur an ghluaiseacht náisiúnacha – idir na polaiteoirí bunreachtúil agus na bpoblachtach féin – an bhéim ceart ar an streachailt cultúrtha leis an Ghaeilge i .gcroílár an ghluaiseacht – ach gach ubh a cur i gciseán cúrsaí polaitíochta, nó míleata sa dara cás.
Ní hé sin le rá nach bhfuil gá le saoirse agus flaitheas chun athghabháil na hÉireann a cur i gcríoch ach ní fiú iad gan athghabháil na teanga agus athghabháil Meon na Gaeil. Mar is rud dearfach é an Cine Gael agus an náisiún Éireannach atá fréamhaithe inár gcultúr faoi leith. Bíodh bás nó saol ár gcine an bun chéist i gach rud a tharla ar feadh míle bliain.
Tá dearcadh eile ag Mac Cóil. Ní amháin go gceapann sé ní hionann an náisiúnachas agus an Ghaeilge – ach nach bhfuil aon rud mar “cine” fiú. “Tógáil shóisialta,” b’fhéidir, mar a éilítear “saineolaí” an t-ilchultúrachas?
Níos measa ná sin: “Ceist sheafóideach” aon chur agus cúiteamh faoi náisiún nó cine “marar ceist chiníoch nó fhaisisteach í. Is meascán muid uile de shinsearachtaí éagsúla..” Agus ar an gcead leathanach eile tá sé ag ceiliúradh an staisistic – agus táimid ag caint faoin bhliain 2000, féach cad é an céatadán anois – “50% de na Bruiséiligh faoi bhun 30 bliain d’aois ní Beilgigh iad a dtuismitheoirí.”
I 2023, ní raibh ach 23% “fíor Beilgigh” – sé sin “Belgians with Belgian background” – ina cónaí i bpríomh cathair na Beilge. An bhfuil sin ceart go leor? An bhfuil méadú mór na himircigh in Éirinn – 23% a rugadh thar lear agus ag dul i tréis – ceart go leor? Is mionlach iad daoine a rugadh in Éirinn i lár Baile Átha Cliath anois.
I gcomhtéacs an Ghaeilge, cad iad na himpleachtaí atá ag ollinimirce do theangacha, an Ghaeilge san áireamh? Bhuel, tá fianaise againn ón tír eile san Eoraip, agus áiteanna ina raibh an teanga dhúchas a lán níos láidre ná an Ghaeilge.
San Ísiltír in 2021 fuarthas amach i suirbhé nár labhair ach an ceathrú cuid den daonra Ollainnis sa bhaile. Níor rugadh ach 16% de dhaonra na hÍsiltíre thar lear. Rud a chiallaíonn go bhfuil tionchar teangeolaíoch na hinimirce i bhfad níos laidir ná na huimhreacha simplí.
Níl amháin go bhfuil beag beann ag na himircigh féin faoin Óllanais, ach go bhfuil cuid mhaith an pobal dúchasach ag bogadh i dtreo teangacha eile – an Béarla ach go háirithe – mar an meán cumarsáide, lingua franca an tsochaí “ilchúltúrach.”
Tá go leor daoine anseo a chreideann gur spreagadh mór don teanga agus don chultúr í an ollinimirce. Tá sé seo a rá acu i ainneoin na fianaise atá le fáil san ardú atá ag teacht ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge, agus in ainneoin an bhrú atá ar scoileanna Gaeltachta agus ar na Gaeltachtaí féin mar phobail.
Le cothrom na féinne a thabhairt do Mhac Cóil, tá fís shách dhifriúil aige ná mar a bhí ag Ó Cadhain – agus difriúil ó dhaoine eile a mheas go bhfuil an Ghaeilge do-scartha ó choincheap ar bith de náisiún. Scríobhann sé faoi phobal na teanga – “language community” – mar mhalairt ar an náisiún.
San fís sin, nach mbeidh aon todhchaí don Ghaeilge – nó aon teanga eile seachas na mór teangacha an Geilleagar Domhanda , an Béarla agus Mandarin an tSín ach go háirithe – ach mion béarla ar imeall an tsochaí?
B’fhéidir go bhfuil an ceart aige. B’fhéidir go caithfimid gach rud a atógáil ó bhun go barr agus droim a thabhairt don saol mór? Mar na Chríostaí sna toillán nó na luscaí ag feitheamh leis Ár Lá.
Agus leis an bhfocal scoir a thabhairt don Cóilach, tá an ceart aige nuair a thagair sé do “Na daoine nach dtógann an chéim sin, nach bhfoghlaimíonn an Ghaeilge, nó nach nglacann chucu féin í,” mar “caithfidh siad leanúint orthu ‘inventing Ireland.'”
Éire gan teanga, gan creideamh, gan aon rud seachas Celtic agus “Ooh Ah, Up the Ra.” Dia Linn. Nó níos measa fós, bréag “cultúr domhanda.”
An cuspóir a bhí ar siúil ag leithéidí Yeats go deimhin, ach an chuid is mó na réabhlóidí poblachtánach freisin nach bhfuil cumas nó spéis fiú amháin sa réabhlóid cúltúrach: Áthgabháil ár dteanga féin agus athghabháil meon agus spiorad na nGael.