I mí Dheireadh Fómhair 1691 dhein Pádraig Sairséil, ceannaire míleata na nÉireannach, conradh síochána leis na Sasanaigh tar éis na mblianta de chogadh agus ár sa tír. Conradh Luimnigh a tugadh air.
Mar chuid den chonradh gheall na Sasanaigh nach gcuirfeadh siad isteach ar Chaitliceachas in Éirinn is go mbeadh saoirse creidimh i réim. D’fhág Pádraig Sairséil agus go leor dá shaighdiúirí an tír go luath ina dhiaidh leis an tuiscint gurbh amhlaidh a bheadh. D’imigh na huaisle Gaelacha agus Sean Ghall leo. Fágadh an tír gan ceannairí agus ‘Na Géanna Fiáine’ imithe uaithi. Nuair a chonaic na Sasanaigh go raibh na Gaeil briste, gan airm ná ceannaírí, ní fada gur bhriseadar an Conradh. Leag an phairlimint i Sasana dlíthe nua síos, na péindlíthe, a raibh mar chuspóir acu an Creideamh Caitliceach in Éirinna a bhriseadh. Géarleanúint gan stad, gan staonadh a bheadh i ndán do Chaitlicigh na tíre le linn an Ochtú hAois Déag agus cuid mhaith den chéad dár gcionn chomh maith.
Dar le Edmund Burke, fealsúnaí agus eacnamaí mór le rá de chuid an 18ú hAois, gur “chóras de sheift chiallmhar, chasta é, a bhí deartha le haghaidh cos ar bolg, bochtaineacht agus anró daoine a chruthú.. truailliú de nádúr daonna féin, mar a d’eascair riamh ó sheiftiúlacht chlaon an duine.”
Seo blaiseadh de na dlíthe;
‘Tá sé de dhíth is de dhualgas ar an ngiúistís croiseanna, pictiúir, is inscribhinní a chuirtear in airde go poiblí a leagadh’
‘Is miste leis an ngiúistís glao ar aon duine d’aois a sé bliana d’aois nó níos sine, chun fianaise a thabhairt faoi mhóid agus a rá cá raibh agus cathain a bhí an t-Aifreann ráite agus cé a bhí i láthair. Aon chléireach ar a rugadh sa tslí seo cuirfear chun na gcoilíneactaí iad.’
‘Ní chuirfidh aon duine marbhán i reilg mhainistreach nó chlochair atá faoi chois faoi phian de deich bpunt agus bainfear an méid seo de aon duine atá i láthair ag an adhlacadh. Tabharfar leath den airgead seo don bhrathadóir agus leath eile don mhinistir Eaglasta Protastúnach.’
‘Ní bheidh cead ag aon duine den chreideamh phápach, múinteoireacht scoile a chleachtadh go poiblí nó an óige a theagasc.’
‘Ní bheidh cead ag aon phápaire aon chapall, gearrán nó láir a choimeád den luach cúig cúig phúnt. Beidh sé de cheart ag aon Phrotustúnach le cabhair an phóilín cuartú agus a leithéid de chapall a fháil agus i gcás cur in aghaidh, an doras a leagadh síos is an capall a thabhairt leis.’
‘Ní thabharfar cead do aon phápaire vótáil nó a bheith i mball den phairlimint go dtabharfaidh sé móid i gcoinne thransubstaintiú’
‘Gach éinne atá le bheith ina aturnae, abhcóide dlí, nó oifigeach eile, beidh air móid dílseachta a thabhairt… agus ráiteas a dhéanamh i gcoinne thransubstaintiú.’
‘Ní bheidh cead ag aon duine a dhéanann arm tine, claíomh, sceanna nó uirlisí eile a bheith ina bhall den chreideamh pápánta.’
Deineadh tagairt go rialta sna dlíthe seo ar ‘dul i gcoinne thransubstaintiú’. Ionsaí radacach ar an gCreideamh Caitliceach a bhí ann. Cuireadh go leor de mhuintir na tíre chun báis de dheasca na ndlíthe, na sagairt ach go háirithe, a maraíodh ina gcéadta agus lucht seilge na sagart i mbun a gcéirde.
Bhí dornán beag sagart a shéan an Creideamh, áfach, ní mar gheall ar aon bhreithniú diagachta ach ar mhaithe le dul chun cinn pearsanta.
Cumadh an caoineadh ‘Fill, Fill a Rún Ó’ i dTír Chonaill thart ar 1740, ina n-impíonn máthair sagairt filleadh ar an gCreideamh tar éis dó é shéanadh agus é anois ina mhinistir Anglacánach.
Seo chuid de fhocail uaigneacha an chaointe;
‘Fill, fill a rún ó,
Fill a rún ó is na himigh uaim,
Fill orm a chuisle ‘s a stór agus
chífidh tú ‘n ghlóir má fhilleann tú.
Dhiúltaigh tú Peadar is Pól
Mar gheall ar an ór ’s ar an airgead
Dhiúltaigh tú Banríon na Glóire
Agus d’iompaigh tú i gcóta ’n mhinistir’
Tháinig deireadh leis an gcos ar bolg oifigiúil le Fuascailt na gCaitliceach sa bhliain 1829.