Séamus Ó Maolchathaigh

Ar 10 Bealtaine 1884 a rugadh Séamus Ó Maolchathaigh.  An duine deireanach nach mór de na cainteoirí dúchais i dTiobraid Árainn. Ba as an Chaisleáin Nua i dTiobraid Árann Theas do, ar cheantar Bhreac – Ghaeltachta é go deireadh na gcaogaidí.

Tar éis bunoideachais sa Chaisleán Nua cháiligh Séamus mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Oiliúna De La Salle i bPort Láirge. Bhí ceathrar mac aige féin agus a bhean Josephine, a ndeachaigh triúr  leis an  sagartacht, agus aon iníon amháin. Chaith sé 44 bliain ag obair i Scoil na Gráinsí ina dhúiche féin.

Is é An Gleann agus a Raibh Ann, a foilsíodh i 1963, is mó a thuill clú dó, agus an saothar is tábhachtaí óna pheann, leabhar  ina bhfaighimid scéal  a mhuintire is a phobail sa naoú haois déag. Beathaisnéis shamhlaíochatá é faoi dhuine de ghlúin a athar agus a máthar, tráth a raibh an Ghaeilge á labhairt ag gach aon duine, óg is aosta ina ghleann dúchais féin. Scríobh sé an leabhar le láimh agus tá an bhunlámhscríbhinn anois i Músaem Thiobraid Árainn Theas i gCluain Meala.

Usáideadh an caighdeán oifigiúil litrithe agus gramadaí nuair a foilsíodh é ar dtús, rud a chruthaigh go leor cunspóide ag an am. Tá roinnt nótaí i dtaobh na canúna,  i ndeireadh an leabhair áfach.

Foilsíodh The glen : an gleann – recollections from a lost world – aistriúchán den leabhar  le Micheál Ó hAodha – in 2016.

Ní raibh sa leabhar ach cuid dein obair a dhein an Maolchathach. Foilsíodh gearrscéalta leis in irisí éagsúla agus sa bhliain 1968 foilsíodh sé cinn leis san “Irish Press”.

Bhí an Fhraincis ar a thoil aige chomh maith agus d’aistrigh sé roinnt scéalta aisti go Gaeilge. Níor fhoilsíodh ach ceann acu  san 30idí, La Tache du Petit Pierre le Jeanne Mairet.

Ba shaineolaí ar chanúint an cheantair é agus tá bailiúchán mór focal Gaeilge uaidh ar chártaí i gCartlann na gCanúintí i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Thug sé an-chabhair don Athair Pádraig de Paor nuair a bhí Logainmneacha na nDéise á ullmhú aige agus i mbailiúchán na Scol a deineadh i 1937 tá liosta focal Gaeilge uaidh a bhí coitianta i ngnáthchaint an Chaisleáin Nua le linn a óige. Sholáthair sé chomh maith eolas ar Ghaeilge an cheantair do Thomás de Bhaldraithe, Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Tá foclóir a thiomsaigh sé ar fáil ar líne ar shuíomh Focail Fholaithe (http://focailfholaithe.fng.ie), Foclóir na Nua-Ghaeilge, tionscnamh de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann

Trína scribhinní d’éirigh le  Séamus  léargas a thabhairt dúinn ar oidhreacht shaibhir Ghaelach a cheantair dhúchais. Tugann sé  blaiseadh dúinn chomh maith den chanúint bhreá sin, Gaoluinn UrMhumhan a labhraíodh trí Thionraid Árainn uilig tráth. Murach é bheimis dall ar ghné thábhachtach de chultúr Dheisceart Thiobraid Árann fad a mhair an Ghaeilge beo agus ar an saibhreas iontach a chailleamar leis an athrú teanga

Bhí sé ina chónaí i dteach múinteora an pharóiste fad a bhí sé ag múineadh sa scoil, agus nuair a bhí a théarma istigh aige, thóg sé bungaló ar an taobh eile den bhóthar i bhfoisceacht cúpla slat don tseanscoil inar chaith sé an chuid is mó dá shaol.  Fuair sé bás fiche bliain i ndiaidh dó a bheith ar scor. Chuala a iardhaltaí, ar sagairt triocha acu, faoina bhás le brón mór. Ba é ‘An Máistir’ dóibh fós.

Ar a leac uaighe sa Ghráinseach tá scríofa:

‘I gcuimhne Shéamuis Uí Mhaolchathaigh O.S., an Ghráinseach , a thug seirbhís mar mháistir Scoile Náisiúnta na Gráinsí ó 1904 go 1948.’

 

Share mdi-share-variant mdi-twitter mdi-facebook mdi-whatsapp mdi-telegram mdi-linkedin mdi-email mdi-printer mdi-chevron-left Prev Next mdi-chevron-right Related
Comments are open

The biggest problem Ireland faces right now is:

View Results

Loading ... Loading ...