C: Wikipedia / Maureen / CC BY 2.0

Sceilig Mhicíl

Is oileán beag creagach é Sceilig Mhicíl  atá suite thart ar 15 chiliméadair amach ó chósta dheisceart Chiarraí.

Ba ionad é le tábhacht nach beag don Eaglais ar feadh na gcéadta bliain  ina raibh chónaí ar  mhanaigh Ghaelacha i gclocháin choirceagacha. Chaitheadar saoil thar a bheith diantréanach ann, rud atá soiléir ó thírdhreach an oileáin féin.

Tógadh an mhainistir  ar bharr na carriage sa bhliain 588  is mhair sí ar feadh tréimhse 600 bliain ina dhiaidh.

Tugann Annála na gCeithre Máistrí le fios go raibh an suíomh tiomnaithe do Naomh Micheál faoi 1044 le taifead ina ndéantar tagairt de bhás “Aedh de Scelic-Mhichí”. Mar sin féin, b’fhéidir go dtéann an dúthracht níos faide siar ná seo, chomh luath le 950, timpeall an ama a cuireadh séipéal nua leis an mainistir  ar a dtugtar Séipéal Naomh Micheál.

Thóg an chéad ghlúin de na manaigh a ndeachaigh chun cónaithe ann céimeanna fada arda, ar a dtugtar na céimeanna thoir, theas agus thuaidh. Tá suas le  600 céim chloiche ar fad ann a théann i dtreo mhullach an oileáin.

Tógadh an mhainistir ar léibheann, 180 méadar os cionn leibhéal na farraige. Tá dhá aireagal ann, reilig, crosa, cros-leaca, sé chillín de chineál an chlocháin, a bhfuil ceann acu tite agus séipeál. Tógadh na clocháin le coirbeál tirim, ach nuair a tógadh an séipéal níos déanaí is le cloch mhortéir a deineadh é.

Is léir ó fhothrach na mainistreach nach raibh líon ard daoine ag maireachtáil ann riamh. Ceaptar nach raibh níos mó na 12 manach agus ab ann ag aon am amháin.

Tharla roinnt ruathar Lochlannach ar an mhainistir, an ceann ba fhiachmhara sa bhliain 823. Chláraigh na  hAnnála Inis Faithlinn ionsaí Lochlannach air sa bhliain sin. Insíonn na hAnnála go raibh  an “Sceilg creachta ag na págánaigh agus fuadaíodh Eitgal, ab na mainistreach,  agus fuair sé bás den ocras agus é i mbraighdeanas acu’’

D’fhág na manaigh an Sceilig uair éigin sa 12ú haois agus bhog siad chuig an mórthír. Is go dtí an mainistreach Agaistíneach i mBaile na Sceilige a chuadar.

Ceann de na gnéithe is suntasaí faoin áit ná go bhfuil sé suite ag tús líne líne shamhailteach  a nascann seacht mainistir, ó Éirinn go hIosrael.  Tá na seacht neimheadh seo an-fhada óna chéile, agus fós tá siad ailínithe go foirfe.

De réir an tseanchais is ionann Líne Naomh Mícheál agus an buille a thug an tAirdeangal don diabhal, agus é á sheoladh go hIfreann.

Tá sé suntusach cé chomh maith is atá na mainistreacha seo ailínithe,. Is díol suntais iad sonraí an ailínithe sin freisin: na trí shuíomh is tábhachtaí, Mont Saint Michel sa Fhrainc; Sacra San Miguel i Val de Susa; agus an Mhainistir Monte Sant’Angelo sa Gargano ar fad an fad céanna ón gceann eile. Deirtear gur meabhrúchán é seo ón Archangel Naofa: go bhfuiltear ag súil go mbeidh na creidmhigh  fíréanta, ag siúl an chosáin dhírigh.

Murarbh aon ionadh é seo go léir, tá an Líne  ailínithe go foirfe freisin le luí na gréine ar lá Ghrianstad Samhraidh an Leathsféir Thuaidh!

Is cuid lárnach den turasóireacht i gCiarraí Theas sa lá atá inniu ann, é an t-oileán. Deineadh roinnt oibre athchóirithe air i 1986 is ghnóthaigh an t-oileán stádas mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda  sa bhliain 1996. Ina mílte a thagann cuairteoirí chuige, na báid á bhfágáil ag bun na carraige acu le dul ag dreapadh chuig áitrimh ársa na mannach.  Chomh mhaith leis an lonnaíocht daonna, meallann lonnaíocht na n-éan ann  lucht éaneolaíóchta freisin.

Rinneadh an scannaíocht do radhairc a tharlaíonn ar ‘Ahch-To’, an tearmann a d’aimsigh an ridire Jedi Luke Skywalker dó féin, ar Sceilg Mhichíl sna scannáin Star Wars: The Force Awakens ( 2015) agus Star Wars: The Last Jedi (2017)

Share mdi-share-variant mdi-twitter mdi-facebook mdi-whatsapp mdi-telegram mdi-linkedin mdi-email mdi-printer mdi-chevron-left Prev Next mdi-chevron-right Related
Comments are open

Do you agree with renaming Christmas "winterfest" in Dublin?

View Results

Loading ... Loading ...