Rugadh Bríd in 452 ag Fochaird, gar do Dhún Dealgan, Contae Lú. Creidtear gur sclábhaí ab ea a máthair ar Chríostaí í as an bPortaingéil. Tar éis dí go leor tairiscintí pósta agus glan in aghaidh thoil a hathar, chuaigh sí sna mná rialta is fuair an chaille ó Naomh Macaille. Agus seacht n-ógh eile in éineacht léi, lonnaigh sí ar feadh seal ag bun Chnoc Cruacháin atá suite i Móin Alúine. D’imigh sí as sin go Druim Criadh i machaire Mhaigh Life, mar ar bhunaigh sí a clochar iomráiteach faoi chrann darach mór, as a dtagann an logainm, Cill Dara.
Is í an bheathaisnéis is ársa atá ann faoi Bhríd ná an ceann a scríobh Naomh Broccán Clóen, a fuair bás i 650. Tá sé scríofa go meadarach, mar is léir ón sampla thíos;
Ni bu Sanct Brigid suanach
Ni bu huarach im sheire Dé,
Sech ni chiuir ni cossens
Ind nóeb dibad bethath che
Scríobh Cogitosus, manach de chuid Chill Dara san ochtú haois, beathainéis mheadarach eile i dtaobh Bhríd. Tugtar an ‘Dara Beathaisnéis‘ air seo ar sárshampla é de scoláireacht Ghaelach an ochtú haois. B’fhéidir gurb é an ghné is suimiúla de shaothar Cogitosus ná an cur síos ar Ardeaglais Chill Dara ag an am. Tá lámhscríbhinn bhunaidh na beathaisnéise seo le feiscint i mainistir na nDoimineach ag Eichstatt i mBaváir na Gearmáine.
Bhí aireagal beag Naomh Bríd i gCill Dara mar chroílár an chreidimh agus na foghlama. D’fhorbair sé de réir a chéile ina chathair ardeaglaise is bhain cáil amach ar fud na hEorpa. Is ann a bhí dhá fhoras fhoras mainistreach, ceann le haghaidh na mban is ceann eile le haghaidh na bhfear. Cheap Bríd Naomh Connlaodh, Easpag Chill Dara, ina athair spioradálta orthu. Measadh an Mháthairab na mainistreach mar Ard-Mháthair-Uachtarán na mban rialta uilig in Éirinn.
Bhunaigh sí scoil ealaíne freisin, lena n-airíodh miotalóireacht agus maisiú. Ó theach screaptra Chill Dara a tháinig leabhar iontach na Soiscéal,‘Leabhar Chill Dara‘ a fuair moladh thar na bearta. De réir Scríobhaí Normannach na dara haoise déag, Giraldus Cambrensis, ní raibh aon shaothar dá bhfaca sé riamh inchompáraide leis an leabhar seo, a raibh gach uile leathanach de maisithe d’ardchaighdeán. Críochnaígh sé a thuairisc faoi le fíor-mholadh ag rá gur d’fhág an saothar crosfhíte agus an chaoi a raibh na dathanna curtha le chéile an tuiscint gur ‘saothar na n-aingeal a bhí ann agus ní saothar daonna‘.
Cé gur saolaíodh í 20 bliain i ndiaidh do Phádraig teacht go hÉirinn is amhlaidh go rabhadar ana-mhór le chéile is gur thugadar ana-mhisneach dá chéile. Tá an cairdeas a bhí eatharthu le feiscint san alt seo de chuid ‘Leabhar Ard Mhacha‘, lámhscríbhinn luachmhar den ochtú haois,‘ inter sanctum Patricius Brigitanque Hibernesium columpnas amicitia caritatis inerat tanta, ut unum cor consiliumque haberent unum. Christus per illum illamque buanna itas peregit‘ (Idir Naomh Pádraig agus Naomh Bríd, crainn thaca na nGael, bhí cairdeas carthanachta chomh mór sin eatharthu nach raibh acu ach aon chroí agus aon intinn amháin. Tríd is tríthi dhein Críost a lán míorúiltí.)
Fuair sí bás 1 Feabhra, 525, i gCill Dara. Adlacadh í ar dheis altóir Ard-Eaglais Chill Dara, agus cuireadh tuama luachmhar os a cionn. Sna blianta ina dhiaidh sin bhí a scrín ina díol omóis d’oilithrigh, go háirithe ar a lá féile, 1 Feabhra. Timpeall na blaina 878, de dheasca creacha na Lochlannach, cuireadh taismí Bhríde go Dún Pádraig, áit ar adhlacadh i dtuama Phádraig agus Cholm Cille iad. Thángthas ar thaisí na dtrí naomh sa bhliain 1185, agus ar 9 Meitheamh na bliana dar gcionn aistríodh go sollúnta iad go Ardeaglais Dhún Pádraig, i láthair an Chairdinéil Vivian, cúig easpag déág, agus an iliomad ab agus eaglasta.
Is sa Leabhar Breac a dtugtar an teideal ‘Muire na nGael’ uirthi. Tá an teideal breá seo fós in úsáid ag na Gaeil sa lá atá inniu ann.