C: James Barry

Nano Nagle

Rugadh Nano Nagle i nGleann na hAbhann Móire, lasmuigh de Mhala, i gCo. Chorcaí. Cé nach eol a dáta breithe go beacht is dóichí gur rugadh Nano i 1718.  Ba í an duine ba shine de sheachtar páistí.

Mhair Nano le linn  tréimhse nuair a bhí tromlach na gCaitliceach in Éirinn faoi réir na bPéindlíthe. Diúltaíodh cearta polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus oideachais do Chaitlicigh,  rud a chruthaigh ollbhochtaineacht agus anró go forleathan.  Chuir an parlaiminteoir agus fealsamh, Edmund Burke, col ceathrair  le Nagle, síos ar na dlíthe sin: “ Ba é cuspóir na ndlíthe ná Caitlicigh in Éirinn a ísliú is a mhaslú mar phobal anróiteach, gan mhaoin, gan mheas, gan léann.’’

Bhí cuid mhór den cheantar ina rugadh í  ina sheilbh ag muintir Nagle tráth agus iad ceangailte le cuid de na teaghlaigh áitiúla is mó le rá, agus is ann a bhí cónaí ar a sinsir  leis na céadta bliain. Ach mar gheall ar dhílseacht mhuintir Nagle don Chreideamh, choigistigh na Sasanaigh an chuid ba mhó dá thailte. Mar sin féin, nuair a phós tuismitheoirí Nano, bhí maoin nach beag ag an teaghlach fós sa cheantar agus iad go maith as mar chlann.

Chuir an tAcht Oideachais 1695 cosc ar mhúinteoirí scoile Caitliceacha in Éirinn, chomh maith le cosc ar thaisteal thar lear le haghaidh oideachas Caitliceach. Mar gheall air seo, d’fhreastail Nano ar scoil scairte, ar nós go leor páistí a linne. Shocraigh gaolta Nano, a raibh naisc láidre acu sa Fhrainc, go rachadh sí is a deirfiúr go Páras chun a gcuid oideachais a chríochnú. Smuigleáladh an bheirt acu ann i lastlong.

Tar éis dóibh a gcuid scolaíochta a chríochnú bhí saol sóisialta gnóthach acu i bPáras le báil, cóisirí agus an amharclann – saol na mná óige saibhre ag an am sin. Tar éis ceann de na cóisirí seo, thug sí faoi deara grúpa ainniseoirí a bhí gróigthe i ndoras séipéil.  D’imigh an chodarsnacht idir sin is a saol gustalach féin i bhfeidhm go mór uirthi.

D’fhill sí ar Chorcaigh is bhunaigh a céad scoil do na boicht i 1754 sa chathair le thart ar 30 dalta, i mbothán láibe mar a bhfuil Sráid Dhúghlais suite sa lá atá inniu ann. Ar dtús ina haonar, agus ina dhiaidh sin le tacaíocht a muintire, bhunaigh sí gréasán de scoileanna Caitliceacha i gCorcaigh. Laistigh de naoi mí, bhí sí ag cur bunoideachais ar 200 cailín. Taobh istigh de chúpla bliain, bhí seacht scoil oscailte aici, cúig cinn do chailíní agus dhá cheann do bhuachaillí. Deineadh é seo ar fad i rúndacht ,mar go raibh sé go hiomlán in aghaidh an dlí ag an am.

Le linn an ama seo thosaigh sí  ag tabhairt cuairte ar na heasláin agus ar dhaoine scothaosta san oíche, ag tabhairt bia, leigheas agus compord dóibh. Thug na cuairteanna seo an leasainm ‘An Bhean leis an lóchrann’ dí.

De réir mar a mhéadaigh a hualach oibre, thuig Nano go mbeadh cabhair ag teastáil uaithi. Sa bhliain 1771, bhunaigh sí an chéad chlochar Ursalach in Éirinn,  i gcathair Chorcaí. Mar sin féin, ní raibh siad in ann mórán oideachais a chur ar na boicht, mar ag an am sin b’éigean do Shiúracha Ursalacha fanacht  ina gcuid clochar.

Oíche Nollag 1775, bhunaigh sí Cumann Teagasc Carthanachta an Chroí Ró-Naofa Íosa, i gCorcaigh. Cé go raibh imní ar an easpag áitiúil  go spreagfadh bunú an chlochair frithfhreagairt Phrotastúnach, lean sí ar aghaidh, is dhein na siúracha a gcéad móideanna bliantúla ar 24 Meitheamh 1777.

Fuair ​​Nano bás den eitinn ar 26 Aibreán 1784 i gcathair Chorcaí, in aois a 65.

Athainmníodh a cuallacht mar Shiúracha na Toirbhirte Beannaithe Muire i 1791. Scaip na siúracha ar fud an domhain sna blianta ina dhiaidh sin. Is é an lóchrann  siombail den chuallacht.

Sa bhliain 2000, vótáladh Nagle mar Bhean Éireannach na Mílaoise, “mar aitheantas ar a tábhacht mar cheannródaí in oideachas na mban in Éirinn.”

   

Share mdi-share-variant mdi-twitter mdi-facebook mdi-whatsapp mdi-telegram mdi-linkedin mdi-email mdi-printer mdi-chevron-left Prev Next mdi-chevron-right Related Comments Members can comment by signing in to their account. Non-members can register to comment for free here.
Subscribe
Notify of

0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments

Would you support a decision by Ireland to copy the UK's "Rwanda Plan", under which asylum seekers are sent to the safe - but third world - African country instead of being allowed to remain here?

View Results

Loading ... Loading ...