Díreach ar bhreacadh an lae,  an 10 Meán Fómhair, 1847, dhúisigh muintir San Ángel, sráidbhaile ar imeall Chathair Mheicsiceo, le fuaim na gcairteacha ag cnagarnach isteach sa Plaza de San Jacinto. Bhí grúpa príosúnach gioblach agus a gcuid gardaí, d’Arm na Stát Aontaithe, sna cairteacha sin.

D’fhéach muintir an bhaile go ciúin ar cheann de na cairteacha ag tarraingt suas le taobh na croiche, a tógadh go speisialta i lár an phláis. Bhí bíoma 40 troigh ar fhad sa chroich, as ar crochadh 6 h-igín déag. Ansin aistríodh na príosúnaigh chuig ocht gcairt a bhí á dtarraingt ag  miúil, ag fanacht faoin gcroich, agus a gcinn curtha sna h-igíní.

Tar éis do dhuine d’oifigigh Airm na Stát Aontaithe maoirseacht a dhéanamh ar imeachtaí, dhreap cúigear sagart Caitliceach, a bhí ag fanacht le doras an tséipéil, ar na cairteacha agus thosaigh siad ag éisteacht le faoistin na bpríosúnach, agus ag cur an ola dhéanaigh orthu.

Nuair a bhí na sagairt críochnaithe, tugadh ordú chun  na cairteacha a thiomáint ar aghaidh, agus thit na príosúnaigh. Fuair ​​na priosúnáigh a raibh an t-ádh orthu bás go gasta. Ní raibh an t-ádh ar dhuine de na príosúnaigh áfach , an Captaen Patrick Dalton, agus é ag tachtadh go mall chun báis.

Bhí an 16 fear a fuair bás an lá sin ina mbaill de Batallón de San Patricio – Cathlán Phádraig – nó, i mbeagán focal, na  San Patricios, aonad airtléire d’Arm Mheicsiceo, a bhí i mbun troda i gCogadh Mheicsiceo-Mheiriceá (1846- 48). Bhí óglaigh  as tíortha éagsúla sa bhuíon, ach, mar a thabharfadh an t-ainm le tuiscint, ba Ghaeil a bhformhór. I súile Arm na SA, tréigtheoirí agus fealltóirí ab ea iad.

Le linn na 1840idí, thosaigh Arm na SA ag earcú na n-inimirceach Éireannach a bhí ag teacht chuig calafoirt Mheiriceá ina ndeicheanna mílte. Tháinig teacht na nÉireannach i gcomhthráth le méadú na gluaiseachta dúchasaí, ar leathnaigh a bhfrith-Chaitliceachas  i measc bhoic mhóra an airm. Bhí ciníochas agus claontacht frith-Chaitliceach á n-imirt ar  go leor de na hÉireannaigh a bhí ag fónamh in Arm na SA le linn an chogaidh da bharr, le cosc a chur orthu dul ar Aifreann fiú. Shocraigh  siad  dá bharr ar imeacht go taobh na Meicsiceach.

Ba iad an Captaen John Riley, as an gClochán , Co na Gaillimhe a bhí i gceannas orthu. Bhí Riley ina shaighdiúr singil  in Arm na SA sular fhág sé an fórsa sin. In Aibreán 1846, d’eagraigh sé aonad airtléire darbh ainm na San Patricios, ar a raibh Éireannaigh, mar núicléas ann. Faoin samhradh, bhí 200 saighdiúir sa chathlán, eagraithe ina dhá chomplacht.

Ba Éireannaigh iad formhór acu, ach bhí Meicsicigh de shliocht na hEorpa  agus óglaigh eile a rugadh san Eoraip, Gearmánaigh den chuid is mó ina measc chomh maith. Mar sin féin, chruthaigh Riley féiniúlacht shoiléir Éireannach don chathlán. Déanadh a bhratach as síoda glas, le híomhá de Naomh Pádraig bróidnithe in airgead ar thaobh amháin, agus cláirseach agus seamróg ar an taobh eile.

Faoi cheannas Riley, bhí na San Patricios thar a bheith éifeachtach mar aonad airtléire. Ar 23 ú Feabhra 1847, d’éirigh go maith leo ag Cath Buena Vista i gcoinne gunnaí móra Arm na SA. Ach is ag Cath Churubusco, an 20 Lúnasa 1847, a fuair an cathlán a stádas finscéalach i Meicsiceo. Ordaíodh don chathlán Airm Mheicsiceo, a bhí ag cúlú, a chosaint. Rinne an San Patricios gaisce le linn an chatha.

Chuir siad tús leis an gcath ag tacú le coisithe Mheicsiceo trí lámhach ar línte na Stát Aontaithe. Seoladh líon beag San Patricios le rannán faoi cheannas Manuel Lombardini agus é mar aidhm acu gunnaí móra na na Meiriceánach a ghabháil a luaithe a dhéileálfaí leis na saighdiúrí a bhí á n-úsáid. D’éirigh leo na gunnaí móra ar fad a ghabháil. D’úsáid fórsaí Mheicsiceo na gunnaí móra seo níos déanaí ag Cath Contreras.

Le frustrachas, d’ordaigh Ceannasaí na Stát Aontaithe Zachary Taylor, agus é ag tagairt do Chathlán Naomh Pádraig, do scuadrún “an buíon damanta sin a thógáil”.  Theip orthu sa tasc seo, agus iad buailte go dona cuireadh iallach orthu cúlú . Bhí an bua ar deireadh ag  na San Patricios in aghaidh na Meiriceánach,  ag marú is ag gortú thart ar aon trian díobh.  Bhronn rialtas Mheicsiceo an Chrois Chogaidh ar roinnt Éireannach as a n-iompar sa chath sin, agus fuair go leor acu ardú céime san arm.

An mhí dar gcionn, mháirseáil Arm na SA ar phríomhchathair Mheicsiceo, ag cur deireadh leis an gcogadh . Cuireadh cúirt mhileata ar na San Patricios, a dtáinig  slán as Churubusco, agus iad cúisithe  mar thréigtheoirí. Rinne an Coirnéal William Harney maoirseacht ar chrochadh tríocha San Patricios go luath ina dhiaidh ar chnoc gar don tsráidbhaile Mixcoac.

Rinneadh brandáil ar an leiceann orthu siúd a d’éalaigh pionós an bháis, le “D”, d’fhonn iad a aithint mar thréigtheoirí. Ina measc bhí Riley.

Tugadh ardú céime do Riley mar leifteanant-choirneal in arm Mheicsiceo tar éis an chogaidh, agus tugadh ceannas don chathlán leasaithe tar éis an chogaidh.  Sa bhliain 1850, urscaoileadh é le céim mhór ar phá míchumais.

Facthas do Riley go raibh an San Patricios ag troid  chun náisiún Caitliceach, a bhí faoi bhagairt   óna  chomharsa impiriúil Protastúnach, a chosaint. D’iarr sé ar a chomhthírigh taobhú le Muintir Mheicsiceo i gcoinne Arm na SA, is é ag maíomh, “os comhair an tsaoil ar fad táthar ag cur isteach ar altóir naofa ár gcreidimh”.

B’fhéidir gurb é  an léiriú is fear ar an mbrí spioradálta  den ghníomh dlúthpháirtíochta seo   ar chlúdach San Patricio, an t-albam a d’eisigh The Chieftains agus Ry Cooder in 2010, i gcomhar le ceoltóirí éagsúla Mheicsiceo, in onóir an chathláin Éirinnigh. Frámaithe laistigh de theorainneacha croise, is íomhá í de Mhaighdean Guadalupe, siombail chumhachtach Chaitliceachas Mheicsiceo, agus  corp saighdiúir rua cosúil le Críost ina baclainn aici.

I Meicsiceo, tugtar aitheantas le fada ar an ról a bhí ag na San Patricios i gCogadh Mheicsiceo-Mheiriceá. Marcálann leacht in ar cuireadh chun báis na hóglaigh sa Plaza San Jacinto, atá anois mar chuid de Chathair Mheicsiceo. Tá sráid sa chathair  ar a dtugtar Mártires Irlandeses.

Dúirt iar uachtarán Mheicsiceo Ernesto Zedillo i 2000 “Cuireadh baill de Chathlán Phádraig chun báis as a gcoinsiasa a leanúint. Maraíodh iad as cloí leis na hidéil is airde … tugaimid ómós dá gcuimhne. In ainm Mhuintir Mheicsiceo, is mór agam inniu Muintir na hÉireann agus gabhaim mo bhuíochas síoraí leo”.