Ar bhreacadh an lae, an 10 Meán Fómhair, 1847, dhúisigh muintir San Ángel, sráidbhaile ar imeall Chathair Mheicsiceo, le fuaim cairteacha ag cnagarnach isteach go plás an bhaile. Grúpa príosúnach Éireannach a bhí sna cairteacha sin.
D’fhéach muintir an tsráidbhaile go ciúin ar cheann de na cairteacha ag tarraingt suas le taobh croiche, a tógadh go speisialta i lár an phláis. Bhí bíoma 40 troigh ar fhad sa chroiche, as ar crochadh 6 h-igín déag. Ansin aistríodh na príosúnaigh chuig ocht gcairt a bhí á dtarraingt ag miúileanna, ag fanacht faoin gcroiche, is cuireadh a gcinn sna h-igíní.
Dhreap cúigear sagart Caitliceach ar na cairteacha agus thosaigh ag éisteacht le faoistin na bpríosúnach is ag cur an ola dhéanaigh orthu.
Nuair a bhí na sagairt críochnaithe, tugadh ordú chun na cairteacha a thiomáint ar aghaidh, agus thit na príosúnaigh.
Bhí an 16 fear a maraíodh an lá sin ina mbaill de Batallón de San Patricio – Cathlán Phádraig – nó, i mbeagán focal, na San Patricios, aonad airtléire d’Arm Mheicsiceo, a bhí i mbun troda i gCogadh Mheicsiceo-Mheiriceá (1846- 48). Bhí óglaigh as tíortha éagsúla sa bhuíon, ach, mar a thabharfadh an t-ainm le tuiscint, ba Ghaeil a bhformhór. I súile Arm na Stáit Aontaithe, tréigtheoirí agus fealltóirí ab ea iad.
Le linn na 1840idí, thosaigh Arm na SA ag earcú na n-inimirceach Éireannach a bhí ag teacht chuig calafoirt Mheiriceá ina ndeicheanna mílte. Tháinig teacht na nÉireannach i gcomhthráth le méadú na gluaiseachta dúchasaí i Meiriceá na linne sin, gluaiseacht a raibh fríth-Chaitliceachas ina chroílár de . Bhí ciníochas agus claontacht frith-Chaitliceach á n-imirt ar go leor de na hÉireannaigh a bhí ag fónamh in Arm na SA le linn na tréimhse sin. Ba mhinic a cuireadh cosc orthu dul ar Aifreann fiú. Shocraigh cuid mhaith acu dá bharr ar imeacht go taobh na Meicsiceach.
Ba é an Captaen John Riley, as an gClochán, Co na Gaillimhe a bhí i gceannas orthu. In Aibreán 1846, d’eagraigh sé aonad airtléire darbh ainm na San Patricios, ina raibh Éireannaigh, mar núicléas ann. Faoin samhradh, bhí 200 saighdiúir sa chathlán, eagraithe ina dhá chomplacht.
Chruthaigh Riley féiniúlacht shoiléir Éireannach don chathlán. Deineadh a bhratach as síoda glas, le híomhá de Naomh Pádraig bróidnithe in airgead ar thaobh amháin, agus cláirseach agus seamróg ar an taobh eile.
Faoi cheannas Riley, bhí na San Patricios thar a bheith éifeachtach. Ar 23 Feabhra 1847, d’éirigh go maith leo ag Cath Buena Vista i gcoinne gunnaí móra Arm na SA. Ach is ag Cath Churubusco, an 20 Lúnasa 1847, a fuair an cathlán a stádas finscéalach i Meicsiceo.
Chuir siad tús leis an gcath ag tacú le coisithe Mheicsiceo trí lámhach ar línte na Stát Aontaithe. Seoladh líon beag San Patricios le rannán faoi cheannas Manuel Lombardini agus é mar aidhm acu gunnaí móra na Meiriceánach a ghabháil. D’éirigh leo iad ar fad a ghabháil. D’úsáid fórsaí Mheicsiceo na gunnaí móra seo níos déanaí ag Cath Contreras.
Le frustrachas, d’ordaigh Ceannasaí Arm na SA, Zachary Taylor, do scuadrún “an buíon damanta sin a thógáil”. Theip orthu sa tasc seo is cuireadh iallach orthu cúlú . Bhí an bua ar deireadh ag na San Patricios in aghaidh na Meiriceánach, ag marú is ag gortú thart ar aon trian díobh. Bhronn rialtas Mheicsiceo an Chrois Chogaidh ar roinnt Éireannach as a n-iompar sa chath sin, agus fuair go leor acu ardú céime san arm.
An mhí dar gcionn, mháirseáil Arm na SA ar phríomhchathair Mheicsiceo, ag cur deireadh leis an gcogadh . Cuireadh cúirt mhíleata ar na San Patricios, a dtáinig slán as Churubusco, agus cúisíodh iad mar thréigtheoirí. Cuireadh tríocha acu chun báis san iomlán.
Rinneadh brandáil ar an leiceann orthu siúd a d’éalaigh ó phionós an bháis, le “D”, d’fhonn iad a aithint mar thréigtheoirí. Ina measc bhí Riley.
Tugadh ardú céime do Riley mar leifteanant-choirnéal in arm Mheicsiceo tar éis an chogaidh, agus tugadh ceannas don chathlán tar éis an chogaidh.
Chonacthas do Riley go raibh na San Patricios ag troid chun náisiún Caitliceach, a bhí faoi bhagairt óna chomharsa impiriúil Protastúnach, a chosaint. D’iarr sé ar a chomhthírigh taobhú le Muintir Mheicsiceo i gcoinne Arm na SA, is é ag maíomh, “os comhair an tsaoil ar fad táthar ag cur isteach ar altóir naofa ár gcreidimh”.
B’fhéidir gurb é an léiriú is fearr ar an mbrí spioradálta den ghníomh dlúthpháirtíochta seo le feiscint ar chlúdach an t-albam, San Patricio, de chuid The Chieftains agus Ry Cooder in 2010, i gcomhar le ceoltóirí éagsúla Mheicsiceo, in onóir an chathláin. Frámaithe laistigh de theorainneacha croise, is íomhá í den Mhaighdean Guadalupe, siombail chumhachtach Chaitliceachas Mheicsiceo, agus corp saighdiúir rua cosúil le Críost ina baclainn aici.
I Meicsiceo, tugtar aitheantas le fada ar an ról a bhí ag na San Patricios i gCogadh Mheicsiceo-Mheiriceá. Tá leacht ar an láthair sa Plaza San Jacinto in ar cuireadh chun báis na hóglaigh. Tá sráid i gCathair Mheicsiceo ar a dtugtar Mártires Irlandeses.
Dúirt iar-Uachtarán Mheicsiceo Ernesto Zedillo i 2000 “Cuireadh baill de Chathlán Phádraig chun báis as a gcoinsiasa a leanúint. Maraíodh iad as cloí leis na hidéil is airde … tugaimid ómós dá gcuimhne. In ainm Mhuintir Mheicsiceo, is mór agam inniu Muintir na hÉireann agus gabhaim mo bhuíochas síoraí leo”.