C: Currier and Ives

Na hÉireannaigh Óga Agus Éirí Amach 1848

Gluaiseacht pholatíochta agus chultúrtha sna 1840idí ab ea na hÉireannaigh Óga. Cé go raibh  tionchar nach beag ag an ngluaiseacht seo ar  pholaitaíocht agus cultúr na tire, is iadsan mar shampla a chruthaigh an Trídhathach,  ní minic a chloistear fúthu. Seo scéal na nÉireannach Óg.

Bhí feachtas ar siúl le fada ag eagraíocht eile ar a tugadh An Cumann Athghairme le hAcht an Aontais a chur ar ceal agus pairlimint don tír a chur ar bun arís. Dónall Ó Conaill, ‘An Fuascailteoir’ a bhí ina cheanaire orthu. Ní bheadh ach módhanna bunreachtúla in úsáid acu chun an cuspóir seo a bhaint amach. Cuireadh  ollchruinnithe ar siúl  ar fud fad na tíre le toil na ndaoine a chur in iúl. Ní mó ná sásta a bhí na Sasanaigh is shocraíodar deireadh a chur le gluaiseacht Uí Chonaill. D’eirigh leo é seo a bhaint amach tar éis dóibh ceann de na hollchruinnithe in 1843 a chur ar ceal tar éis dóibh bagairt go gcuirfí faoi chois é . Bhí an Conallach agus a ghluaiseacht nach mór briste ina dhiaidh.

I measc an dreama a bhí ag cabhrú is ag tacú leis an gConnalach, bhí roinnt fir óga a raibh éirim agus clisteacht thar an gcoitiantacht acu. Orthu siúd bhí Seán de Bláca Diolún, Tomás Dáibhis, Seán Mistéal, Liam Mac Gabhann Ó Briain, Séarlas Gabhánach Ó Dubhthaigh agus Tomás Proinsias Ó Meachair. Ba léir dos na fearaibh sin nach bhfaighfí tada ós na Sasanaigh gan an lámh láidir. Na hÉireannagh Óga a thug siad orthu féin.

Ba mhian leis na hÉireannaigh Óga go gcuirfeadh na daoine spéis i stair, teanga, ceol agus litríocht na tire. Thuig siad an tábhacht a bhain leis an nGaeilge, ach go háirithe, dár bhféiniúlacht mar náisiún. Um dheireadh na bliana 1842, bhunaigh an eagraíocht nuachtán poilitíochta náisiúnta- ‘An Náisiún’. Níl insint scéil ar a ndearna sé sin le misneach agus bród a chur sna daoine as a dtír dhúchais a mhuscailt.

Cé go mbídis ag cabhrú leis an gConallach, ní raibh an chuid is mó acu sásta leis an dearcadh a bhí aige i gcúrsaí náisiúntachta. Bhí cuid mhaith de na hÉireannaigh Óga ag caint go h-oscailte i dtaobh éirí amach i gcoinne na Sasanach. Chuir an chaint seo isteach go mór ar an gConnalach agus bhí sé i gceist aige stop a chur leis. Shocraigh sé cruinniú den Chumann Athghairme i mBaile Átha Cliath i Samhradh na bliana 1846. Cuireadh mar rún os comhair an chruinnithe nach raibh faoin gCumann aon troid is nach ndéanfadh amhlaidh go deo. Labhair na hÉireannaigh Óga go láidir i gcoinne an rúin, ach d’éirigh leis  agus d’fhág na hÉireannaigh Óga an Cumann de bharr.

Chinneadar  ar éirí amach láithreach bonn cé nach raibh an tír réidh chuige. Chuaigh cuid de na ceannairí, An Diolúnach agus Mac Gabhann Ó Briain ó dheas chun na daoine a spreagadh le brostú chun catha. Faraor is beag an fonn troda a bhí ar na daoine agus iad briste de dheasca an ghorta. Tharla troid bheag i mBaile an Gharrdha, i gCo. Thiobrad Arainn ach níor mhair sé ach cúpla lá. Gabhadh na ceannairí ansin. Cuireadh Mac Gabhann Ó Briain ina phriosúnach thar sáile. D’éirigh leis an Diolúnach éalú saor.

Thug cuid de “Na Fearaibh 1848” an tiomantas don lámh láidir leo le bunú Bráithreachas Phoblacht na hÉireann ,  sa bhliain 1858 i mBaile Átha Cliath, agus a chomheagraíocht Bráithreachas na bhFíníní sna Stáit Aontaithe. D’imir an dhá eagraíocht ról ríthábhachtach 60 bliain ar aghaidh le hardú Thrídhathach na   nÉireannach Óg ar Bhaile Átha Cliath in Éirí Amach na Cásca 1916.

Share mdi-share-variant mdi-twitter mdi-facebook mdi-whatsapp mdi-telegram mdi-linkedin mdi-email mdi-printer mdi-chevron-left Prev Next mdi-chevron-right Related
Comments are open

Do you agree with Senator Keogan that people on long-term unemployment benefit should have to do community service for the money?

View Results

Loading ... Loading ...