Beidh na mílte daoine ag glacadh páirte i mórshiúil Dé Domhnaigh beag seo 6 Iúil ar 3 i.n. chun comóradh a dhéanamh ar 400 bliain ó rugadh Naomh Oilibhéar Pluincéad. Beidh an mórshiúil ar siúl i nDroichead Átha, mar a gcoimeádtar a cheann i scrín in Eaglais Naomh Peadar sa bhaile sin.
Seo a leanas cuid dá scéal;
Bhí an Pluincéadach ar dhuine de na carachtair is suntasaí i stair na hÉireann, go háirithe i gcomhthéacs na géarleanúna reiligiúnaí agus na géarchéime polaitíochta a bhí ar bun san 17ú haois. Rugadh é i gContae na Mí, i dteaghlach de chuid na Sean-Ghall.
Rinne sé staidéar i gColáiste Éireannach na Róimhe, áit ar léirigh sé cumas intleachtúil agus cráifeacht thar na bearta. Oirníodh mar shagart é i 1654, agus chaith sé roinnt blianta ina dhiaidh sin sa Róimh ag teagasc i gColáiste Propaganda Fide. Ceapadh ina ollamh le diagacht é i 1657. Go luath ina dhiaidh sin, thogh Easpaig na hÉireann é mar ionadaí ar a son sa Róimh.
Le linn an ama seo bhí forghabháil Oilibhéar Cromail faoi lán seoil agus gach iarracht ar siúl aige chun an Caitliceachas a chur faoi chois. Mharaigh a fhórsaí na mílte sagart ar fud fad na tíre. Chomh maith leis seo, cuireadh na céadta acu, i measc na nÉireannach eile, chun na nIndiacha Thiar mar sclábhaithe.
Coisriceadh an Pluincéadach ina Ardeaspag Ard Mhacha agus Príomháidh na hEaglaise Caitlicí in Éirinn i 1669 agus d’fhill ar Éirinn an bhliain dár gcionn.
Rinne sé iarracht an Eaglais in Éirinn a atógáil i ndiaidh threascairt Chromail. Thionól sé sionaid is thosaigh ag cur scoileanna agus coláistí ar bun, ag oirniú sagairt nua, agus ag cur eagar ar an saol reiligiúnach a bhí buailte go dona ag an ngéarleanúint leanúnach. Gné shuntasach den tréimhse seo ná go ndeachaigh an chléir Ghaelach go tréan in aghaidh a údaráis, mar gur bhain sé le teaghlach de chuid na Sean-Ghall. Ach d’éirigh lena chuid mhaitheasa agus chráifeachta iad a mhealladh chun géilleadh dá údarás ar deireadh.
Ar an drochuair, tháinig deireadh leis an obair seo mar gheall ar an bhfeachtas bolscaireachta a bhí ar bun i Sasana i dtaca le “comhcheilg de chuid na bpápairí”, scéal bréagach a mhaígh go raibh Caitlicigh ag iarraidh an Rí Shasana a mharú. Cé gur léir nár bhain an Pluincéadach leis an gcomhcheilg sin ar aon bhealach, chuaigh fórsaí na Corónach sa tóir air agus b’éigean dó dul ar a choimeád.
Gabhadh é i mí na Nollag 1679. Cuireadh faoi thriall i Sasana go luath ina dhiaidh sin, as comhcheilg in aghaidh an Stáit. Cuireadh ina leith go raibh iarracht déanta aige scór míle saighdiúir Francach a thabhairt go hÉirinn agus gur ghearr sé cáin ar a thréad chun tacaíocht a thabhairt do bhreis is trí scór míle fear eile san éirí amach a bhí le tarlú, mar dhea.
I Londain, níor tugadh triail chothrom dó. D’fhógair an chéad ghiúiré neamhchiontach é ach níor scaoileadh saor é. Tharla an dara triail i gcúirt bhréige ansin. Ciontaíodh é as ardtréas, agus gearradh pionós an bháis air. D’fhreagair sé le ‘Deo Gratias’.
Cuireadh chun báis é ar an 1 Iúil 1681 i dTyburn, Londain. Cé gur bás uafásach a bhí ann – crochadh, tarraingíodh agus rinneadh ceathrúna de, fuair sé bás go calma, ag guí agus ag tabhairt maithiúnais dá naimhde. Bhí sé ar an mairtíreach Caitliceach deireanach a cuireadh chun báis i Sasana.
Bheannaigh an Pápa Benedict XV é i 1920. Ar an 12 Deireadh Fómhair 1975, rinne an Pápa Pól VI naomh de, an chéad naomh Éireannach nua ó aimsir Lorcán Uí Thuathail, seacht gcéad bliain roimhe sin. Is é 1 Iúil a lá féile.