Leabhar Laighneach le hAthchóiriú

Tá an  leabhar Gaeilge ársa, Leabhar Laighneach, le hathchóiriú, le digitiú agus le cur ar taispeáint  i gColáiste na Trionóide. Beifear in ann féachaint ar leathanaigh an leabhair ar line chomh maith. Tá an leabhar ar cheann de na foinsí is tábhachtaí de litríocht, ghinealas agus mhiotaseolaíocht Éire na Meánaoise

Tá caomhnú mionchúiseach na leathanach veilleam lámhdhéanta ársa, scríofa i ndúch orgánach ag manaigh, ar siúl faoi láthair, a bhuíochas le maoiniú ó Bhanc Mheiriceá. Tá  374 leathanach an leabhair scartha anois ach táthar ag súil gur féidir iad a athshlánú mar leabhar amháin tar éis an chaomhnaithe. Nuair a bheidh an tionscadal críochnaithe, déanfar é a dhigitiú, rud a ligfidh do thaighdeoirí é a fheiceáil agus, i gcásanna áirithe, teagmháil fhisiciúil a dhéanamh leis.

Maítear  gurb é Leabhar Laighneach ar  cheann de na  lámhscríbhinní is tábhachtaí i Leabharlann Choláiste na Tríonóide. Scríobh ‘príomh-staraí Laighean’ Áed Úa Crimthainn, Ab Mhainistir Thír Dhá Ghlas, mar a bhfuil tuaisceart Chontae Thiobraid Árann sa lá atá inniu, an téacs sa  12ú haois le linn tréimhse  athraithe ollmhór eaglasta agus suaitheadh polaitiúil in Éirinn. Cnuasach de chuid luathshaol, ginealas, eolas leighis, seanchas logainmneacha agus staidéar ar an ngramadach scríofa sa Mheán-Ghaeilge is ea an leabhar. Deineadh an saothar thar thréimshe leath chéad bliain ar fad.

Is féidir síniú a scríbhneora, a fheiceáil ar leathanach 313 den leabhar; Aed mac meic Crimthaind ro scrib in leborso  ra thinoil a llebraib imdaib (Aodh mac mhic Chriomhthainn a scríobh an leabhar seo agus a thionóil as mórán leabhar é).

Is é an rud is cáiliúla faoin gcnuasach seo ná go bhfuil ‘Leabhar Gheineasas’ na hÉireann Lebor Gabála Érenn, a bhunaíonn áit na hÉireann, muintir na hÉireann agus a dteanga i suíomh domhanda Bíobalta. Cruthaíodh an Ghaeilge, de réir an leabhair seo, tar éis an mhearbhaill i dTúr Bháibil. Maíonn sé gur sheachain an Ghaeilge na ‘heasnaimh’ agus na ‘mearbhall’ go léir a fuarthas sna teangacha eile agus dá bhrí sin go raibh aitheantas ar leith tuillte aige. Bhí an finscéal  seo thar a bheith ábhartha sna meánaoiseanna nuair a bhí an Ghaeilge faoi bhagairt ag gradam ollmhór na Laidine.

Tá leagan an-tábhachtach den sága Táin Bó Cúailnge  agus scéal an ghaiscígh, Cú Chulainn le fáil sa Leabhar Laighneach. Chomh maith leis seo tá aistriúchán Gaeilge ón leagan Laidineach den fhinscéal Gréagach, De Excidio Trojae Historia. Bhíodh Féile Thamhlachta mar chuid de tráth, ach baineadh é sin de ar ball.

Ba é Seán Ó Donnabháin, an scoláire Gaeilge mór le rá, a mhair sa 19ú haois, a thug an Leabhar Laighneach ar an saothar, rud a rinne sé de bharr nasc a bheith ag a chuid scéalta le Cúige Laighean.  Lebor na Nuachongbála a tugadh air ar dtús áfach,  mar gur críochnaíodh é  i mainistir sa Nuachábháil, mar a bhfuil  an tSráidbhaile, i gCo. Laoise sa lá atá inniu ann. Dódh Mainistir Thír Dhá Ghlas níos luaithe i 1164.

Beidh Leabhar Laighean mar chuid de Leabharlann Fhíorúil Choláiste na Tríonóide ansin, a mbeidh rochtain dhomhanda air ar líne.  Táthar ag súil go dtógfaidh an t-athchóiriú 18 mí ar fad.

Share mdi-share-variant mdi-twitter mdi-facebook mdi-whatsapp mdi-telegram mdi-linkedin mdi-email mdi-printer mdi-chevron-left Prev Next mdi-chevron-right Related
Comments are open

The biggest problem Ireland faces right now is:

View Results

Loading ... Loading ...