Suíomh de mhór-mhainistir Éireannach ab ea Gleann Dá Loch ar bhunaigh Naomh Caoimhín í atá suite taobh le Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin.

Mar a thugann an logainm le fios tá sé suite i ngleann a bhfuil dhá loch ann. Tá cloigtheach, séipéil chloiche agus croiseanna maisithe i measc na bhfothracha. Tá ionad cuairteoirí faoi stiúir Oifig na nOibreacha Poiblí ann anois le taispeántas spéisiúil agus léiriúchán closamhairc ar stair na h-áite.

Agus ina bhuachaill rinne Caoimhín, duine de na teaghlaigh ríoga i gCúige Laighean, staidéar  faoi chúram triúr fear naofa, Eoghan, Lochan, agus Eanna. Le linn an ama seo, chuaigh sé go Gleann Dá Loch.  D’fhág sé an ceantar ar ball ach bhí sé le filleadh ann, le grúpa beag manach chun mainistir a bhunú. Scaip a cháil mar fhear naofa agus mheall sé go leor leanúna. Fuair ​​sé bás  thart ar an mbliain 618.

Tar éis a bháis bhunaigh a chuid manach cathair mhanachúil ann. Don chéad sé chéad eile, bhí rath agus bláth ar Ghleann Dá Loch. Aithníodh an lonnaíocht ar fud fad na hEorpa agus níos faide i gcéin mar ionad foghlama agus oilithreachta agus tá tagairtí ann go flúirseach faoi in Annála na hÉireann.

Ní insíonn na hiarsmaí reatha i nGleann Dá Loch ach cuid bheag dá scéal. Mar chuid den mhainistir bhí  limistéir le haghaidh scríbhneoireachta agus cóipeála lámhscríbhinní, tithe aíochta, otharlann, foirgnimh fheirme agus teaghaisí do na manaigh agus don dhaonra mór tuata.

Baineadh úsáid as adhmad darach ó Ghleann Dá Loch thart ar 1042 chun an fad-long Lochlannach is faide riamh (thart ar 30 m) a thógáil. Tógadh macasamhail nua-aimseartha den long sin i 2004 agus tá sí suite i Roskilde, an Danmhairg faoi láthair.

Bhí duine de na h-ardeaspaig is cáiliúla ar Bhaile Átha Cliath, Lorcán Ua Tuathaill, ina ab ar Ghleann Dá Loch, idir 1153 agus 1162, bliain inár fhág sé an áit chun glacadh le h-ardeaspagóideacht na príomhchathrach. Fiú amháin tar éis a cheaptha mar Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath i 1162, d’fhill sé ó am go chéile go Gleann Dá Loch. Fuair ​​sé bás sa Normainn sa  1180.

Ag Sionad Rath Breasail, sa bhliain 1111, ainmníodh Gleann Dá Loch mar cheann de dhá cheann de dheoise Laighean Thuaidh. Scríobhadh Leabhar Ghleann Dá Loch go luath ina dhiaidh sin.

Thosaigh meath ag teacht ar an mainistir sa 13ú haois  nuair a tháinig oird de mhanaigh ar nós na bProinsiasach agus na nDoiminiceach ón mór-roinn chun cinn ar fud na hÉireann. Maraon le seo comhaontaíodh deoise Ghleann Dá Loch le deoise Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1214  rud a thug stádas níos ísle dó. Ón am sin ar aghaidh, tháinig laghdú ar stádas cultúrtha agus eaglasta Ghleann Dá Loch. Scriosadh an lonnaíocht ag fórsaí Shasana i 1398 is ní raibh fágtha ach fothrach ina dhiaidh  ach  fós féin lean sé ar aghaidh mar eaglais a raibh  tábhacht áitiúil léi agus áit oilithreachta.

Sa lá atá inniu meallann an ceantar aoibheann seo  cuairteoirí ó gach cearn den domhan faoi mar a rinne sé le linn á ré órga. Bímis buíoch do Chaoimhín agus a mhanaigh a d’fhág an seoid seo dúinn.

 

Grianghraf: Leaba Naomh Caoimhín. Credit: J.-H. Janßen faoi licence CC

 

Gleann Dá Loch. Credit: Stefan Flöper