100 bliain ó shin, ar an 7 Márta 1923, ar deireadh an chogaidh chathartha, maraíodh cúigear saighdiúirí de chuid arm an tsaorstáit i gCnoc na gCaiseal, i dtuaisceart Chiarraí, nuair a phléasc mianach a bhí curtha i bhfolach rompu. Gníomh dlisteanach cogaidh a bhí ann le linn na coimhlinte uafásaí seo.
Mar ghníomh díoltais cheangail oifigigh de chuid arm an tSaorstáit príosúnaigh phoblachtacha le mianaigh talún ag trí áit – Bailte Ó Síoda, Droichead na Cuntaoise in aice le Cill Airne agus Na Beathacha in aice le Cathair Saidhbhín. Phléascadar na mianaigh agus maraíodh 17 príosúnach. Go míorúilteach, tháinig beirt phríosúnach slán as na sléachtanna, Stephen Fuller i mBaile Ó Síoda agus Tadhg Coffey i nDroichead na Cuntaoise.
Ag an gCúirt Imeachta a eagraíodh san Aibreán 1923, fuarthas saighdiúirí arm an tSaorstáit neamhchiontach ón gcúiseamh gur mharaíodar a gcuid príosúnach. An t-Oifigeach Paddy Daly a bhí ina chathaoirleach ar an gcúirt sin, an té is mó a raibh amhras air as an marú a eagrú. Sa mhí chéanna, léigh Risteard Ó Maolchatha, an tAire Cosanta agus Ardcheannasaí Airm an tSaorstáit, an tuairisc oifigiúil faoin eachtra le cur ar thaifead na Dála. De réir na tuairisce maraíodh na príosúnaigh seo nuair a cuireadh iallach orthu bac a bhí ar an mbóthar a ghlanadh agus gur phléasc buama dá gcuid féin iad. Bhí glactha go forleathan le tuairisc oifigiúil an stáit is ba amhlaidh an cás go ceann 75 bliain eile.
Sa bhliain 1997 craoladh Ballyseedy den chéad uair, clár faisnéise mór le rá de chuid Pat Butler, ar RTÉ 1. Dhein sé cur síos ar stair na tréimhse sin i gCiarraí agus an t-uafás a tharla i mBailte Ó Síoda ach go háirithe.
Chualathas le linn an chláir fianaise de chuid an Leifteanant Choirnéal Niall Harrington, an t-oifigeach ba mhó le rá san airm sna caogaidí, nach é amháin gur phléasc saighdiúirí an tSaorstáit na mianaigh ach gurbh amhlaidh a shocraigh siad ansin iad d’aon ghnó.
“Reáchtáladh, mar dhea, cúirt imeachta mhíleata faoi na heachtraí seo i dTrá Lí ar an 7 Aibreán 1923; ó m’eolas pearsanta féin, níl fírinne dá laghad sna haighneachtaí a cuireadh os comhair na cúirte sin,” D’éirigh le Pat Butler teacht ar an tuairisc seo le linn dó ag déanamh an chláir faisnéise, bhí sé curtha faoi cheilt go dtí sin.
Chomh maith leis sin chualathas tuilleadh fianaise sa chlár ó Stephen Fuller, duine de na príosúnaigh a tháinig slán ón sleacht, ag déanamh cur síos ar uafás na hoíche sin agus é faoi agallamh i 1980 don sraith theilifíse ‘ Ireland – A Television History. an chéad uair riamh a labhair sé go poiblí faoi.
Bhí rún os comhair Chomhairle Chontae Chiarraí coicís ó shin ag éileamh go gceartófaí an taifead oifigiúil is go gcuirfeadh an rialtas ráiteas oifigiúil amach ag admháil nach raibh an tuairisc oifigiúil fíor is gurbh amhlaidh gur maraíodh na príosúnaigh d’aon ghnó. Vótáil baill Fhine Gael agus Fhianna Fáil i gcoinne an rúin is teipeadh air.
Ach dar le Pat Butler go gcaithfear é a admháil ar son na córa mar go bhfuil ‘nimh, goin agus gortú dochreidte fós ann’.
Mhaígh an Buitléarach agus é faoi agallamh ar an gclár Nuacht an Deiscirt an tseachtain seo caite, gur ‘ Deineadh nimhiú ar thobair an phobail is ní leigheasfar an nimh sin go dtí go n-admhaítear go hoifigiúil an rud a tharla’
Dúirt sé gur cheann des na deacrachtaí atá fós le réiteach ná ‘go ndeachaigh an t-Aire Cosanta Risteard Ó Maolchatha isteach sa Dáil 17 Aibreán 1923 agus do léigh sé isteach i gcomhad na Dála an tuairisc faoi. Tá sé fós ar an gcomhad is caithfear é sin a cheartú mar nach bhfuil sé fíor’
Dúirt sé freisin ‘Dá má rud gur tharla Bailte Ó Síoda, Droichead na Cuntaoise in aice le Cill Airne agus Na Beathacha, abair, mí an Mhárta seo caite nuair a bhí na Rúisigh amuigh in Bucha is gur thógadar príosúnaigh Úcránacha amach as an bpríosúin is gur shéideadar suas san aer iad bheadh Aire Cosanta agus Taoiseach na tíre seo, agus a lán ceart acu, ag rá gur choir chogaidh a bhí ann is bheidís ag lorg go gcaithfí é a admháil.
Chuir sé in iúl go bhféadfadh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigín, agus é ina ról mar ardcheannasaí an airm, leithscéal a ghabháil i dtaobh na sléachtanna.
Dhearbhaigh sé chomh maith go bhfuil ‘dualgas morálta ann é sin a dhéanamh ar son na ndaoine a maraíodh i mBailte Ó Síoda, ar son mhuintir Chiarraí agus ar son mhuintir na hÉireann’.
Ar deireadh an agallaimh, thug sé le fios ‘B’fhéidir go bhfuil an cogadh cathartha thart ach tá na ceisteanna as a d’eascair sé fós linn, fós beo..’