Tá Seanán Ó Coistín ag seasamh mar iarrthóir i mBaile Átha Cliath Thiar Meán. Tá ag éirí leis aird an phobail a tharraingt ar a chuid cuspóirí arb í athbheochan na Gaeilge an chloch is mó ar a phaidrín aige. Is é an Coistíneach an t-aon iarrthóir sa stát atá ag tógáil seasaimh in aghaidh na ndíolúintí ó Staidéar na Gaeilge, atá imithe as smacht le roinnt blianta anuas.
Tá Seanán 44 bliana d’aois agus is as Cill Choca i gContae Chill Dara dó ó dhúchas. Tá cónaí air ar an gCaisleán Nua i gContae Átha Cliath. Oibríonn sé mar Fheidhmeannach Cumarsáide d’Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann. Bhain sé céim sa pholaitíocht agus stair amach in Ollscoil Luimnigh.
Is aistritheoir agus foilsitheoir é. Tá sé theanga ar a thoil aige – an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis, agus an Phortaingéilis.
Tá cuspóirí aige i dtaobh réimse leathan saincheisteanna amhail iompar poiblí, athaontú na hÉireann, cosaint na tíre, beartais oideachais, tithíocht, scoileanna nua, iompar poiblí, an Ghaeilge, rialtas áitiúil láidir, spórt agus cláir don aos óg atá ina chónaí i mbruachbhailte Bhaile Átha Cliath Thiar Meán.
Tá cúig shuíochán i nDáilcheantar Baile Átha Cliath Thiar Meán, mar sin tá deis mhór ann go mbuafaidh iarrthóir neamhspleách ceann de na suíocháin úd.
Seo a leanas roinnt dá chuspóirí;
Níl ach 18 km idir an Caisleán Nua agus croílár Bhaile Átha Cliath. Mar sin féin, ar uairibh, tógann sé ar dhaoine suas le dhá uair an chloig chun an t-achar sin a chur díobh de dheasca an tranglaim tráchta ar maidin. Is crá croí ceart é a bheith ina shuí ar an mbus a bhogann amhail is dá mba shochraid ann. Tá iompar poiblí breise ag teastáil go dóite ó iardheisceart Átha Cliath. Tá sé leibideach go dtógann sé an méid sin ama chun achar chomh gearr sin a thaisteal.
Is mian leis an Uasal Ó Coistín go ndéanfaí líne Dhearg an Luais a shíneadh ó Theach Sagard ar aghaidh go Ráth Cúil, trasna an M7 go Grianóg agus an Caisleán Nua agus ina dhiaidh sin ar aghaidh go dtí stáisiún iarnróid Collchoill chun ceangal a dhéanamh leis an líonra iarnróid agus ina dhiaidh sin í a fhilleadh ar ais i dtreo Chaisleán na Gráinsí agus Cluain Dolcáin. Sa chaoi sin, d’fhéadfadh an líne úd nascadh leis an líne Dhearg ag stad Luas na Bó Deirge agus leanúint ar aghaidh i dtreo lár na cathrach. D’fhéadfaí an síneadh ar an Luas a thógáil laistigh d’achar dhá bhliain mar tá an talamh réidh agus saor le ceannach den chuid is mó murab ionann agus sráideanna i lár na cathrach. Ba cheart go gcríochnófaí an obair go tapa. Ba cheart freisin an plean chun líne Luas ó lár na cathrach go Leamhcán a fhorbairt agus a thosú. D’fhreastalódh a leithéid de líne Luas ar na pobail i Séipéal Iosóid, Baile Phámar, Leamhcán agus Baile Adaim. Tá gach ceann de na ceantair sin ag cur thar maoil le daonraí móra.
Ní mór don rialtas reachtaíocht i dtaobh athaontú na hÉireann a achtú agus tosú ar chlár comhairliúcháin ar fud na tíre chun ligean do shaoránaigh agus don tsochaí moltaí a chur faoina bhráid i dtaobh conas ar féidir Éire athaontaithe a chruthú. Ba cheart go gcuirfí fáilte roimh gach smaoineamh. Bheadh an gnó sin faoi chúram Aire an Athaontaithe sa rialtas a mbeadh an fhreagracht air nó uirthi chun athaontú na tíre a bheartú agus chun breathnú ar fhéidearthachtaí chun an bonneagar, eagraíochtaí cultúrtha, eagraíochtaí spóirt, comhlachtaí oideachais, seirbhísí sláinte agus tionscnaimh eile a nascadh le chéile. Chomh maith leis sin, bheadh an tAire céanna i gceannas ar idirphlé leis na haontachtaithe. Ní mór don stát ullmhú i gcomhair aontú na tíre agus i gcomhair phobalbhreith i dtaobh na teorann. Tá deireadh Chomhaontú Bhéal Feirste ag teannadh linn agus ní mór don rialtas fáil faoi réir don chéad chéim eile i bhforbairt pholaitiúil na hÉireann i.e athaontú na tíre agus athaontú mhuintir na tíre.
Ba cheart Óglaigh na hÉireann a roinnt chun trí eagraíocht éagsúil a dhéanamh de – an t‑arm, cabhlach, agus aershlua. Níl aershlua dá cuid féin ag Éire agus tá sí i dtortaobh le haershlua na Ríochta Aontaithe chun scairdeitleáin a eitilt de ruthag go hÉirinn chun spéartha na hÉireann a chosaint. Tá sé sin scannalach agus do-ghlactha. Tá a haershlua féin de dhíth ar Éirinn. Ba mhaith leis an Uasal Ó Coistín go ndéanfaí Aerchór na hÉireann a scoir agus eagraíocht nua darb ainm Aershlua na hÉireann a bhunú mar eagraíocht chun comhrac a dhéanamh san aer. Ba cheart go mbeadh scairdeitleáin ag an aershlua agus go mbeadh sé mar an chéad líne chosanta d’Éirinn.
Tá Aeradróm Mhic Easmainn i mBaile Dhónaill lonnaithe i lár Dháilcheantair Baile Átha Cliath Thiar Meán. Is os cionn an Chaisleáin Nua a eitlíonn na heitleáin a théann ar eite ón aeradróm. Bheadh Baile Dhónaill mar phríomhbhunáit Aershlua na hÉireann. Ba cheart don Roinn Cosanta fiche scairdeitleán Saab JAS 39E/F Gripen a cheannach ón tSualainn agus ceithre cinn de na eitleáin chomhraic a lonnú i ngach cúige in Éirinn chun gach uile cúige a chumhdach agus leas a bhaint as na ceithre cinn eile mar chúltaca agus mar eitleáin oiliúna.
Mar an gcéanna, ba cheart an tSeirbhís Chabhlaigh a scaradh ón arm agus ba cheart Cabhlach na hÉireann a dhéanamh di. Tá gá le fiche long chun timthriall rialta a dhéanamh ar Éirinn agus chun an limistéar mara a chosaint. Tá limistéar mara na hÉireann ollmhór ach níl an cabhlach mór a dhóthain chun é a chosaint. Bheadh Aershlua na hÉireann agus Cabhlach na hÉireann ina gcéad líne chosanta d’Éirinn. Faoi láthair, níl aershlua ag Éire agus is ar éigean atá an tSeirbhís Chabhlaigh in ann feidhmiú. Is mian leis an Uasal Ó Coistín go mbeadh an rialtas níos dáiríre faoi chosaint na tíre agus go gcaithfí an t-airgead atá de dhíth chun fórsaí cearta aeir agus cabhlaigh a bhunú agus a choinneáil. Chun críocha slándála, ba cheart go múinfí an Ghaeilge do na daoine sna fórsaí míleata agus go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oibre ionas nach mbeadh sé éasca do rialtais eachtrannacha idirghabháil a dhéanamh ar chumarsáid mhíleata in Éirinn. Tá an tslándáil ag seasamh ar an nGaeilge. Má dhéantar cumarsáid i mBéarla, is ionann é agus gach rún a sceitheadh os ard leis an saol mór agus beidh fios ag cách céard atá ar bun ag Óglaigh na hÉireann.
Fad agus atá biseach ar bhruachbhailte iardheisceartacha Bhaile Átha Cliath, níl an bonneagar poiblí bord ar bhord leis an mborradh atá faoin daonra. Tá an Caisleán Nua ar cheann de na bailte san Eoraip a bhfuil an dlús fáis is mó faoi, ach diúltaíonn an Roinn Oideachais meánscoil a thógáil ar an mbaile. Tá páistí a bhfuil cónaí orthu ar an gCaisleán Nua ag freastal ar 35 meánscoil éagsúil i gcéin, fiú i meánscoileanna i mBré agus sa Nás. Tá meánscoil ag teastáil ar an gCaisleán Nua go práinneach. Tá páirceanna ar imeall an bhaile a d’fhéadfaí a cheannach agus campas oideachais a thógáil ann, díreach mar a rinneadh i Maigh Nuad.
Tá i bhfad an iomarca daltaí ag fáil díolúine ón nGaeilge agus is seafóid an bunús leis an díolúine.
“Tá an Roinn Oideachais ag magadh agus ag fonóid mar is bréag é an maíomh gur teanga dheacair í an Ghaeilge.”
Mínítear go soiléir ar láithreán gréasáin Chumann Disléicse na hÉireann gur teanga níos deacra é an Béarla agus go bhfuil an Ghaeilge níos éasca, ach mar sin féin níl cead ag daoine díolúine a fháil ón mBéarla. Scríobh mé chuig an Aire Oideachais maidir leis an scéal úd chun míniú a fháil uaithi cén fáth nach bhfuil cead ag daltaí scoile díolúine a fháil ón mBéarla, ach diúltaíonn an Roinn Oideachais scun scan aon eolas i dtaobh sin a chur ar fáil. Is dócha an fáth nach bhfuil an Roinn sásta é a mhíniú mar go bhfuil an beartas maidir le díolúintí ag teacht salach ar Bhunreacht na hÉireann mar ligeann sé do dhaltaí gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge (príomhtheanga oifigiúil an stáit) ach ní ligtear do dhaltaí díolúine a fháil ón mBéarla, an dara teanga oifigiúil sa stát. Is seafóid chríochnaithe é beartas na ndíolúintí agus ní mór é a chur ar ceal go hiomlán. Thug Paula Melvin, uachtarán Chonradh na Gaeilge, le fios le déanaí go bhféadfadh líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge Páirc an Chrócaigh a líonadh. Ba cheart do gach dalta bunscoile agus meánscoile an Ghaeilge a fhoghlaim agus ba cheart freastal ar aon riachtanais foghlama atá acu. Ní mór Norma Foley a ruaigeadh as a post mar Aire Oideachais mar tá córas oideachais na hÉireann á scriosadh aici.
Ní féidir le hÉire a bheith neodrach faoin nGaeilge mar is é an t-aon stát ar domhan é a thugann aitheantas mar theanga oifigiúil don Ghaeilge. Níl muintir na hÉireann faoi chomaoin ag an mBéarla. Mar a scríobh an file Michael Harnett ó Bhaile Átha Cliath, “the English language is the perfect language to sell pigs in.” Ní mór don stát a bheith níos uaillmhianaí faoin nGaeilge. Faoi láthair, déantar airgead a chaitheamh go rábach ar an mBéarla. Má thoghtar é, tacóidh an tUasal Ó Coistín le reachtaíocht a chuirfidh an Ghaeilge i dtús áite i ngach gné de ghnóthaí an stáit. Níl na pleananna reatha atá ag an stát don Ghaeilge láidir a ndóthain ná uaillmhianach a ndóthain. Mar thosaíocht, ba mhaith leis an Uasal Ó Coistín go mbunófaí stáisiún raidió FM Gaeilge don tír ar fad (m.sh., 2FM as Gaeilge), go mbunófaí ollscoil Ghaeilge mar níl aon ollscoil nó coláiste tríú leibhéal ann a fheidhmíonn i nGaeilge amháin, go mbeadh beartas ann a chinnteoidh gur Gaelscoileanna a bheidh in aon scoileanna nua a mbunófaí, go ndéanfaí comharthaí bóithre le cló iodálach a athrú chun na logainmneacha Gaeilge atá sa chló iodálach a bhaint díobh toisc go bhfuil an cló iodálach contúirteach ar na comharthaí, agus go mbeadh coinníollacha teanga le gach gníomhaireacht nua stáit agus do gach earcach nua sa státseirbhís. Ba cheart feidhm a bhaint as an nGaeilge i gcomhair oibríochtaí míleata agus slándála mar cinntíonn an Ghaeilge slándáil ó spiaireacht, murab ionann agus an Béarla.
“Mar léiriú ar cé chomh dona is atá cumas Gaeilge na státseirbhíse, ghlaoigh mé cúig huaire ar chomhlachtaí rialtais chun fiosrú cad a bhí le déanamh chun ainmniúchán a fháil don toghchán. Ní raibh Gaeilge ag aon duine den chúigear a labhair mé leo chun an t‑eolas a fháil. Tá sé áiféiseach go bhfuil airteagal i mBunreacht na hÉireann a leagann amach gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil ach níl formhór na státseirbhíseach in ann an Ghaeilge a labhairt. Ní mór an scéal sin a athrú agus iallach a chur ar státseirbhísigh an Ghaeilge a fhoghlaim nó ní fhostófar a thuilleadh iad. Is é sin an cur chuige atá i bhfeidhm i bhforais an Aontais Eorpaigh agus rathaíonn sé go bhfuil na hiarrthóirí i gcomhair poist in ann obair a dhéanamh i mBéarla agus i bhFraincis.”
Rinne an tUasal Ó Coistín staidéar ar Riarachán Poiblí mar chuid dá chéim in Ollscoil Luimnigh agus dá bharr sin tá suim mhór aige i rialtas áitiúil. Is laige na rialtais áitiúla in Éirinn ná na rialtais áitiúla sa Mholdóiv, an tír is boichte san Eoraip. Tá sé sin náireach agus leis sin, mínítear cén fáth a bhfuil an oiread sin fadhbanna leis an mbonneagar in Éirinn. Níl an chumhacht ag na rialtais áitiúla chun mórán a dhéanamh. Is mian leis an Uasal Ó Coistín go mbeadh na rialtais áitiúla ar thús cadhnaíochta i dtaobh seirbhísí rialtais in Éirinn agus go mbeadh an chumhacht ag na húdaráis áitiúla chun tithe a thógáil, smacht a bheith acu ar iompar poiblí lena n-áirítear busanna, aerfoirt, calafoirt, bóithre iarainn, tacsaithe, ceadúnais tiománaithe, a bheith i gceannas ar chraolachán raidió ina limistéir féin, seirbhísí leighis a sholáthar, scoileanna agus forais oideachais eile a reáchtáil agus a bhainistiú, agus cumhacht a bheith acu chun gnóthaí eile amhail an comhshaol, cultúr, fosaíocht agus tacaíocht don lucht gnó a reáchtáil. Dá ndéanfaí na rialtais áitiúla a neartú, tharlódh i bhfad níos mó oibre níos luaithe agus níos tapúla ná dá mbeadh roinn rialtais atá ag fónamh don tír ar fad ina mbun.
Is é comhairle Uí Choistín do na toghthóirí i mBaile Átha Cliath Thiar Meán ná, “Má chaitear guthanna i dtaobh iarrthóirí de chuid Fhine Gael agus Fhianna Fáil, gheobhfar an toradh céanna agus ní bheidh leigheas ar na fadhbanna atá ag crá Éire le cúig bliana déag anuas. Ní mór do thoghthóirí guth a chaitheamh i dtaobh iarrthóirí eile amhail mé féin chun go mbeidh athrú ann.”
Tá an Coistíneach is a fhís pholaitíochta le cloisteáil ar shuíomh Raidió na Gaeltachta agus é faoi agallamh le Fachtna Ó Drisceoil ar TúsÁite ar 19 Samhain.