‘Cé hé sin amuigh
A bhfuil faobhar ar a ghuth
Ag réabadh mo dhorais dúnta
Mise Éamonn a’ Chnoic
‘Tá baite fuar fluich
O shíorshúil sléibhte ‘s gleannta’
Rugadh Éamonn Ó Riain gar do Theampaill Uachtarach, Co. Thiobraid Árainn sa bhliain 1670. Ba úinéirí talún iad a chuid sinsir. Coigistíodh an talamh seo go léir uathu céad bliain níos luaithe, tar éis Éirí Amach an Deasúnaigh. Anois bhí plandóirí saibhre ó Shasana i seilbh na talún seo. Caitheadh nach raibh na cúrsaí seo sásúil don bhfear óg, fear a raibh de shliocht uasail aige.
Cuireadh Éamonn chun na Fraince agus é ina fhear óg chun dul leis an sagartóireacht . Níor thaitin an sórt saoil seo leis áfach agus chinn sé chun filleadh thar nais go h-Éirinn. Go luath i ndiaidh dó filleadh bhí sé páirteach i ngriolsa le bailitheoir cánach a bhí tar éis bó a thógaint ó bhaintreach bhocht. D’impigh Éamonn air roinnt troscáin a thógaint in ionad mar nach bhféadfadh an bhaintreach maireachtáil gan an bhó. D’éirigh scliúchas eatarthu a chríochnaigh nuair a mharaigh Eamonn é. Bhí ar Éamonn dul ar a choimeád ansin is dhein sé chun na gcoillte.
Nuair a tháinig an Rí Séamas II go h-Éirinn sa bhliain 1689, bhí Éamonn i measc na sluaite a chuaigh isteach ina airm ag ceapadh gurab ionann cúis Shéamais agus cúis na h-Éireann. Throid sé i gCath na Bóinne, cath in ar briseadh Séamas. Lean Éamonn ag troid leis an Sairséalach tar éis an chatha. Deirtear go raibh sé ina oifigeach ina airm. De réir traidisiúin, bhí Éamonn ar cheann na bhfear a d’ionsaigh traenach Uilliam Oráiste i rith a turais ó Chaiseal go Luimneach.
Tar éis Conradh Luimnighe chuaigh an Sairséalach is a chuid saighdiúirí go dtí an Mór- Roinn. Na ‘Géanna Fáine’ a tugadh orthu. D’fhan Éamonn is go leor fear eile is chuaigh thar nais chun na gcoillte. Lean orthu ag troid i dtreallchogaíocht i gcoinne na Sasanach.
Tá neart scéalta a mhair go dtí an lá atá inniu i dtaobh na bhfear seo. Scéalta spéisiúla atá iontu mar gheall ar na slite inar éalaigh siad ó na Gaill agus inar chabhraigh siad leis na gnáth daoine bochta. Tá traidisiún saibhir ach go h-áirithe i gcás Éamoinn. De réir scéal amháin, chas Éamonn ar fhear bocht i mBuiríos Uí Leigh. Mhol Éamonn don fhear eolas a thabhairt do na Sasanaigh i dtaobh an áit ina raibh sé chun airgead a fháil uathu. Ar dtús, ní raibh an fear sasta glacadh leis seo ach faoi dheireadh ghéill sé. Chuaigh an fear chun na Sasanach leis an eolas is fuair an t-airgead. D’fhan Eamonn ar na saighdiúirí is tháinig aniar aduaidh orthu. Mhairigh sé seachtar acu.
Ba iar-shaighdiúr Sasanach Reuben Lee, a chríochnaigh suas i measc na méirleach. Pé airgead a fuair sé chuir sé é i dtaisce do féin, níor bhac sé riamh leis na boicht. Tar éis do go leor airgid a bhailiú do féin, chuaigh sé i dteagmháil leis na Sasanaigh. Déanadh margadh, thug sé gealltanas dóibh go dtabharfadh sé Éamonn dóibh is go bhfaigheadh sé pardún mar luach. Bhí sé eagraithe go mbeadh Éamonn ag a theach ag am a bhí socraithe eatharthu. Tháinig Éamonn chun a tí le fear darbh ainm Ó Riain i dteannta leis. De reir mar a bhí siad ag comhrá in aice na tine d’éirigh an Rianach amhrasach faoi Lee. D’inis sé é seo d’Éamonn trí Ghaeilge, teanga nár thuig Lee. Choinnigh Éamonn súil ghéar ar an bhfuinneog is nuair a chonaic sé na saighdiúirí ag teacht chuir sé piléar i gcroí Lee. D’éalaigh an bheirt acu.
Tá ana chuid scéalta eile mar seo faoi. Rinne sé é féin cur síos ar shaol an mheirligh in amhráin a scriobh sé- ‘Éamonn an Chnoic’. Chum sé amhrán grá ‘Bean Dubh an Ghleanna’ chuig a bhean Máire Ní Leathaigh. Maraon leis seo tá se ina údar den dán tírghráthach ‘Séan Ó Duibhir a’ Ghleanna’ Sa dán seo spreagann sé na fir óga chun saol Sheáin Uí Duibhir a leanúint agus troid ar son saoirse a tíre.
Deirtear gur maraíodh Éamonn go fealltach. Thug duine dá ghaolta dídean do, fear darbh ainm Ó Duibhir. Le linn d’Éamonn a bheith ina chodladh, bhain sé a cheann de le tua. Chuir sé an ceann i mála agus chuaigh sé go Caiseal chun é a thabhairt dos na Sasanaigh. Cuireadh an ceann ar spíce i gCaiseal thar gheata an phriosúin. Tugadh síos é ar ball agus tugadh do dheirfiúr Éamoinn. Chuir sí é i gCurrachín gar d’Áth a’ Chuilinn. Fuarthas cloigeann ag an suíomh seo cúpla bliain ó shin is cuireadh leacht cuimhneacháin ann. Thug cairde Éamoinn a chorp ón áit inar chaith an Duibhireach é agus cuireadh i reilg Dhúin é.

Úinéirí talún- landowners
Éirí Amach- rising
Plandóirí- planters
An Sagartóireacht- the Priesthood
Griolsa- fracas
Baintreach- widow
Roinnt troscáin- some furniture
Scliúchas- brawl
Ar a choimeád- on the run
Cúis na h-Éireann- the Cause of Ireland
Oifigeach- an officer
Tar éis Chonradh Luimnighe- after the Treaty of Limerick
Mór Roinn- Continent
Na Géanna Fiáine- the Wild Geese
Treallchogaiocht- guerrilla warfare
Saighdiúirí- soldiers
Saoirse- freedom
Go fealltach- treacherously
Tua- axe
Spíce- spike
Geata an phriosúin- gate of the prison
Cloigeann- skull
Leacht chuimhneacháin- memorial
Reilg- graveyard