Suíomh de mhór-mhainistir Éireannach ab ea Gleann Dá Loch ar bhunaigh Naomh Caoimhín í atá suite taobh le Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin. Mar a thugann an logainm le fios tá sé suite i ngleann a bhfuil dhá loch ann. Tá cloigtheach, séipéil chloiche agus croiseanna maisithe i measc na bhfothracha. Tá ionad cuairteoirí faoi stiúir Oifig […]