I mí Dheireadh Fómhair 1691 dhein Pádraig Sairséil conradh síochána leis na Sasanaigh tar éis na mblianta de chogadh agus ár sa tír. Conradh Luimnigh a thugadh air. Mar chuid den chonradh gheall na Sasanaigh nach gcuirfeadh siad isteach ar an gCaitliceachas is go mbeadh saoirse creidimh i réim in Éirinn. D’fhág Pádraig Sairséil agus […]