Ta cás os comhair an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre maidir le caighdeán na Gaeilge in Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
Mhaígh iar-fhostaí de Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann gur imríodh díoltas air tar éis dó imní a léiriú go hinmheánach faoi chaighdeán na Gaeilge laistigh den eagraíocht.
Tá sé ráite ag Seanán Ó Coistín, a d’oibrigh mar fheidhmeannach cumarsáide leis an bhfaireoir bia, gur caitheadh go dona leis tar éis dó nochtadh dá chuid comhghleacaithe san eagraíocht nach raibh aon chumas ag an Údarás maidir leis an bpríomhtheanga oifigiúil agus go raibh níos mó daoine le Polainnis, Spáinnis, agus Iodáilis líofa ag obair don Údarás ná daoine le Gaeilge líofa.
Is gníomhaireacht stáit é ÚSBÉ agus tá dualgas reachtúil ar an eagraíocht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Lena chois sin, tá neart gnólachtaí bia ann amhail Lidl, Tesco, McDonald’s, Wetherspoons agus na céadta gnólachtaí bia eile atá lánsásta leas a bhaint as an nGaeilge cé nach bhfuil aon cheangal dlí orthu sin a dhéanamh.


De réir an cháis atá os comhair an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, chuir Ó Coistín na hábhair imní seo in iúl arís agus arís eile le linn a fhostaíochta. Áitíonn sé, áfach, nár tugadh aghaidh cheart ar na saincheisteanna a d’ardaigh sé agus, ina ionad sin, gur gearradh pionós air. Chuir na bainisteoirí ina leith go raibh ciapadh ciníoch déanta aige ar dhaoine san Údarás ach níor míníodh dó riamh cérbh iad na daoine a rinne sé ciapadh orthu agus cén chaoi. Dúradh leis an Uasal Ó Coistín go raibh cinneadh déanta ag ÚSBÉ é a chur ar saoire riaracháin agus bhí air an oifig a fhágáil go luath ina dhiaidh sin agus gan labhairt le haon duine. Dar le Ó Coistín, ní saoire riaracháin a bhí ann dáiríre ach bealach ag na bainisteoirí in ÚSBÉ chun é a ruaigeadh amach as an Údarás faoi choim.
Tharla imscrúdú agus is é an toradh a bhí air ná nach raibh aon bhunús leis an líomhain (unfounded i mBéarla) go raibh ciapadh ciníoch déanta.
Deir Ó Coistín gur sáraíodh a chearta faoi reachtaíocht éagsúla, lena n-áirítear an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014, an tAcht um Dhífhostú Éagórach 1977 agus an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Théarma Sheasta) 2003. Áitíonn sé gur ionann an teachtaireacht a sheol sé agus nochtadh cosanta, ós rud é go mbaineann sí le drochbhainistíocht agus le mainneachtain cloí le hoibleagáidí reachtúla maidir leis an nGaeilge.
Maíonn an t-iar-fhostaí freisin gur chuir an bealach inar caitheadh leis isteach ar a cháil ghairmiúil agus ar a dheiseanna fostaíochta amach anseo.
Tá aird níos leithne tarraingthe ag an gcás ar cheist chomhlíonadh na Gaeilge laistigh d’údaráis phoiblí. Faoin Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá dualgas ar chomhlachtaí Stáit seirbhísí áirithe a sholáthar trí Ghaeilge agus úsáid na teanga a chur chun cinn ina gcuid cumarsáide, comharthaíochta agus seirbhísí don phobal.
Faoi dhlí fostaíochta na hÉireann, tá sé mar aidhm ag an Acht um Nochtadh Cosanta fostaithe a chosaint ar aon phionós a ghearrtar orthu mar gheall ar imní faoi éagóir nó mí-iompar san ionad oibre a nochtadh. D’fhéadfadh dífhostú, ísliú céime, smachtú, measúnú diúltach feidhmíochta nó neamh-athnuachan conartha a bheith san áireamh mar phionós.
Cuireadh tús leis an éisteacht sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Dé Luain, 26 Eanáir ach ós rud é nach raibh cathaoirleach le Gaeilge líofa agus nach raibh na cáipéisí ullmhaithe ag foireann an Choimisiúin, níor tharla fíorghnó san éisteacht. Tá an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ag fáil rudaí faoi réir don chead uair eile a bheidh an éisteacht ann ach níl fógra ann go fóill cathain a tharlóidh an éisteacht eisceachtúil seo. Tá sé beartaithe go ndéanfar í as Gaeilge, rud a léiríonn tábhacht lárnach na teanga sa díospóid. D’fhéadfadh impleachtaí suntasacha a bheith ag toradh an cháis, ní hamháin do chosaint sceithirí, ach freisin don chaoi a gcomhlíonann comhlachtaí poiblí a ndualgais reachtúla Gaeilge amach anseo.
Níor thug an tÚdarás Sábháilteachta Bia aon ráiteas poiblí go fóill maidir leis na líomhaintí, ach meastar go seasfaidh siad in aghaidh an cháis. Táthar ag súil go leanfaidh saineolaithe dlí fostaíochta agus lucht tacaíochta chearta na Gaeilge an cás go géar de réir mar a rachaidh sé ar aghaidh.