Ba chanúint den Mheán-Bhéarla í an Yólais, a labhraítí go forleathan i gcuid mhaith de Chontae Loch Garman go dtí lár an naoú haois déag. Ciallaíonn Yola ‘sean’ sa teanga féin. Bhí sí faoi thionchar theangacha éagsúla eile, lena n-áiríodh; an Phléimeannais, an Fhraincis Normannach, an Ghaeilge, agus eile. D’fhorbair sí mar thoradh ar ionradh na nAngla-Normannach ar Éirinn.
Bhí an chanúint seanbhunaithe in oirdheisceart na hÉireann, go dtí gur ath-Ghaelaíodh an ceantar san 14ú haois agus a brúdh an Béarla siar go ceantar na Páile. D’ainneoin a chúlaithe, d’fhan sí mar theanga labhartha i Loch Gorman Theas, sna barúntachtaí Fhotharta agus Uí Bhairrche ach go háirithe.
Is beag tionchar a bhí ag imeacht na gcéadta bliain uirthi; cé gur ghlac sí le roinnt focal Gaeilge agus Fraincise, choinnigh sí a charachtar sainiúil féin, agus d’fhan sí an-difriúil ón mBéarla níos nua-aimseartha a d’fhorbair in áiteanna eile.
D’úsáid muintir na Yólaise roinnt nósanna ar leith a mheastar a tháinig ó shean-Diúcacht na Normainne. Ina measc bhí cleamaireacht, pátrúin, agus an traidisiún a bhaineann le crosa sochraide a chur ar chrainn bhóithre, a leanann ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann.
Bhí sé de cháil orthu go raibh siad thar a bheith umhal don dlí. Is annamh a taifeadadh eachtraí robála, dúnmharaithe agus a leithéidí sna barúntachtaí.
Baineadh úsáid as uirlisí Normannacha ar nós scamhaire chun arán a chócaráil. Bhí go leor miasa uathúla cosúil le buskés, cineál aráin arbhair spíosraithe, coitianta sa cheantar.
Nós áitiúil a bhí ann ná néal codlata tráthnóna laethúil a ghlacadh, cosúil leis an siesta Spáinneach, ar a dtugadh enteete. D’fhéadfadh duine ag an am seo den lá dul trasna ó cheann ceann de na barúntachtaí agus gan duine amháin a fheiceáil ar na bóithre.
Dar le hacadóirí ar nós Diarmuid Ó Muirithe agus Nicholas Furlong tá nasc idir na chéad phlandálaithe agus a sliocht lena dtír dhúchais fós ann agus le feiscint i Sasana féin sna nósanna is na canúintí a fheictear is a chloistear in Dorset agus i gCorn na Breataine ach go háirithe.
Tá sé suntasach nárbh é Loch Garman an t-aon chontae a chaomhnaigh teanga na gcéad phlandálaithe, ach gur leanadh á labhairt i bhFine Gall, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, chomh maith. Fionghaillis ab ainm don chanúint seo. Bhí an dhá chanúint an-chosúil lena chéile.
Bhí an Yólais á labhairt ag na hÉireannaigh Aontaithe i Loch Gormáin i 1798. Déantar tagairt do na barúntachtaí Fhotharta agus Uí Bhairrche, san amhrán reibiliúnach cáiliúil, Kelly the Boy from Kilan – ‘All the Forth men and Bargy men march o’er the heath..’ Deirtear gur thaisteal buíon fear ó Phort Láirge chun cabhrú leis an éirí amach ach nár éirigh leo mar níorbh iad a chéile a thuiscint!
Le briseadh an uasaicme Ghaelaigh sa 17ú haois, thug an dara tonn coilínithe an Nua-Bhéarla isteach is tosaíodh air é a bhrú ar mhuintir na tíre athuair. Bhí sé seo mar bhunús le Béarla na hÉireann nó Hiberno-English sa lá atá inniu ann. Bhí an cineál nua Béarla seo an-éagsúil ó na sean chanúintí a mhair ar nós na Yóláise agus na Fionnghaile.
De réir mar a bhí an Béarla nua á leathadh, fuair an Yólais agus Fionnghaillis araon bás mar theanga phobail sa 19ú haois.
Meastar gurbh é Jack Devereux, a fuair bás in 1998, an cainteoir dúchais deiridh.
Tá tionchar na teanga fós le cloisteáil i gcaint na ndaoine sa cheantar, sna logainmneacha agus sna hamhráin.
Chuaigh Diarmaid Ó Muirithe, an foclóirí mór le rá, go Loch Garman Theas i 1978 chun staidéar a dhéanamh ar an mBéarla a labhraítear ann. Bhí a chuid faisnéiseoirí idir 40 agus 90 bliain d’aois. I measc liosta fada na bhfocal atá fós ar eolas nó in úsáid ag an am sin tá an méid seo a leanas:
Seo an Ár nAthair trí Yólais
Ee Loard’s Pryre
Oore Vather fho ba ing Heaaven,
maade holly ba yer naame.
Yer Kingedom huck,
Yer woull ba doone,
an ee erth az ’tis ing Heaaven.
Gues dhicke dei, oore daaily breed,
an vorgee ouse oore treshpasses,
az wough vorgee foulk fho treshpass ayenst ouse.
An do no feigh ouse ta ee deem av mizluck,
mot brocke ouse vrem ee neckarès av villentie.
Vor yer is ee kingedom,
an ee poustee, an ken,
vor eyver an eyver.
Amain.