Craoladh clár faisnéise dhá chuid sa tsraith Scannal ar RTÉ 1 an mhí seo caite le súil siar a thabhairt ar scéal Savita Halappanavar agus ceiliúradh a dhéanamh ar an réisím ghinmhillte atá i bhfeidhm sa stát ó dheas ó thús 2019.
Chuir sé ionadh orm chomh oscailte is a bhí claontacht an chláir. Fágadh na fíricí iomlána faoi ghinmhilleadh agus cúram sláinte máithreacha in Éirinn ar lár ar bhealach a d’fhág, i mo thuairimse, go raibh sé níos cosúla le bolscaireacht ná le clár faisnéise.
Úsáideadh airgead poiblí dar ndóigh leis an mbolscaireacht seo a chur chun cinn, ach mar atá feicthe againn le RTÉ le blianta fada is cuma sa tsioc leo faoi seo. Tuigeann siad go maith nach bhfuil an dara rogha ag cosmhuintir na tíre ach tacú lena ngníomhaíochas polaitíochta. Muna n-íocann tú an ceadúnas teilifíse cuirtear an dlí ort, is beidh ort €1,000 nó €2,000 a íoc.
Bhí an ‘clár fáisnéise’ ag lúbadh an scéil ón tús. Ach in ainneoin a hiarrachtaí níor éirigh leis an láithreoir teacht ar aon fhianaise go raibh aon bhaint ag dlíthe na tíre ag an am le bás Savita, ach amháin go raibh doiléireacht ann ag a foireann leighis i dtaobh na ndlíthe céanna.
Bhí urlabhraí amháin ar son na beatha ar mhaithe le cur i gcéill, seachas sin bhí gach uile dhuine eile ar thaobh an láithreora is a cuid bholscaireachta.
Is léir ó na ráitis seo a leanas nach raibh baint beag ná mór ag ginmhilleadh le bás na mná boichte ach gurbh í an tseipsis nó nimhiú fola ba chúis lena bás.
‘Míthapa leighis’ – an Coiste Cróinéara.[1]
‘Loiceadh ar na bun-riachtanais cúraim’ – an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.[2]
‘Measúnú agus monatóireacht..easnamhach’ – Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.[3]
In ainneoin na claontachta, úsáideadh maoithneachas go héifeachtach tríd. I measc straitéisí eile, bhí biogóideacht fhríth-Chaitliceach le feiceáil go láidir le híomhánna de dhealbha os comhair an ospidéil inar tharla an tragóid ag seasamh ann go bagrach.
Cé go mbíonn maoithneachas an-éifeachtach, d’fhéadfadh sé a bheith an-chontúirteach nuair a bhaintear mí-úsáid as. Chonacthas é seo leis an gclár agus leis an bhfeachtas ar son an ghinmhillte i gcoitinne, a d’úsáid bás Savita gan náire, in ainneoin cúis a báis a bheith ar eolas acu.
Is é toradh an mhaoithneachais chéanna, atá mar bhonn faoi idé-eolaíocht an ghinmhillte, ná go bhfuil na deicheanna míle leanbh maraithe ó thús 2019, a gcoirpíní beaga scriosta is caite amach. Tá líon na leanaí gan bhreith a mharaítear ar an gcaoi seo ag méadú gach bliain, le breis is 10,000 bás in 2023, an líon is airde fós.
Is é treoir oifigiúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i gcás ginmhilleadh ceimiceach ná an leanbhín a shruthlú síos an leithreas. Bhí an treoir seo le feiceáil ar shuíomh idirlín na heagraíochta.
Tá go leor ban ann anois atá ag roinnt nach é an t-eispéireas a bhí acu le ginmhilleadh ceimiceach a thógáil chun ‘toradh na giniúna a dhíbirt’ chomh simplí is a insíonn an FSS dóibh. Is é an t-eispéireas coiteann ná go bhfuil sé “pianmhar” “uafásach” agus gur fhág sé “tráma” orthu.[4]
Roinneadh taighde a rinneadh le déanaí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a foilsíodh san Journal of Sexual and Reproductive Health, freagraí oibrithe leighis atá ag obair i soláthar ginmhillte.[5]
Dúirt duine de na cnáimhseacha: “Is dócha gurb é an rud is deacra go morálta agus go heiticiúil ná an féatas beag a fheiceáil, tá a fhios agat, ag deireadh an ghnáthaimh … bíonn siad cruthaithe chomh maith, fiú rudaí ar nós iongaí beaga agus, tá a fhios agat, tá sé dochreidte i ndáiríre an foirmiú fiú amháin ag teacht suas go dtí an chéim dhá sheachtain déag.”
Foilsíodh páipéar in 2020, an dara bliain den réisím ghinmhillte, ina ndéantar scrúdú ar chleachtas an ghinmhillte dhéanaigh is féatasmharú in ospidéil mháithreachais sa stát.[6]
Rinne triúr gairmithe leighis ó ranna éagsúla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh iarracht breathnú ar thaithí 10 Speisialtóir Leighis Féatais a chuireann ginmhilleadh ar fáil in Éirinn i gcásanna ina raibh drochbhail saoil ar an leanbh.
Léiríonn an staidéar go bhfuil dochtúirí na tíre deighilte go domhain maidir le ginmhilleadh déanach a sholáthar, agus go raibh sé ‘brúidiúil’ agus ‘uafásach’ fiú dóibh siúd a bhí i mbun an gnáthaimh.
‘”Is cuimhin liom a bheith tinn sna pasáistí ina dhiaidh sin mar cheap mé go raibh sé (féatasmharú) chomh uafásach sin mar ghnáthamh leighis,” a dúirt dochtúir amháin.
Dúirt dochtúir eile go raibh sé ‘deacair na mothúcháin a bhaineann leis a láimhseáil’, is go raibh sé ar nós ‘an leanbh a shá sa chroí’.
Thug soláthraithe ginmhillte le fios go raibh “cur i gcoinne forleathan” acu ó dhochtúirí eile, agus go háirithe ó lianna nua-naíochta a thugann aire do naíonáin tar éis breithe. Dúirt leath de na speisialtóirí a chuireann ginmhilleadh déanach ar fáil go raibh “cur i gcoinne ó dhiúltóirí coinsiasacha” acu agus dúirt daoine eile go raibh ‘míchompord ollmhór’ agus ‘amhras’ orthu faoin nginmhilleadh.
De réir an pháipéir; “Roinn leath de na rannpháirtithe mothúcháin mhíshásta agus drochmheasa ó chomhghleacaithe áitiúla, náisiúnta agus iad siúd atá ar scor,”.
De réir Choláiste Ríoga na gCnáimhseoirí agus na nGínéiceolaithe (RCOG) déantar féatasmharú tar éis 21 seachtain agus 6 lá iompair chun a chinntiú nach bhfuil aon bhaol ann go saolófaí an leanbhín beo.[7]
Tugann an RCOG rabhadh i “gcásanna nach bhfuil an mínormáltacht féatais marfach nó nach bhfuil an ginmhilleadh le haghaidh mínormáltacht féatais agus go bhfuil sé á dhéanamh tar éis 21 seachtain agus 6 lá den tréimhse iompair, d’fhéadfadh breith bheo agus maireachtáil a bheith mar thoradh ar iarracht an fhéatasmharuithe, rud a thiocfadh salach ar chuspóir an ghinmhillte”.
I staidéar de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, tugann na húdair faoi deara go raibh frustrachas ar na speisialtóirí a mbíonn i mbun an ghinmhillte mar gheall ar choimhlint le lianna nua-naíochta agus go raibh siad “doiléir” faoi cé a thabharfaidh aire do na leanaí sin dá mba rud é go mbéarfaí leanbh “beo tar éis ginmhilleadh trí luí seoil a spreagadh agus gan fhéatasmharú a chur i gcríoch”[8]
De réir an staidéir, d’fhágfadh sé seo an dochtúir, nach n-éireodh leis ginmhilleadh déanach a chur i gcríoch, “ag impí ar dhaoine cabhrú” leo cúram maolaitheach a chur ar fáil dá mairfeadh an leanbh.
Foilsíodh an páipéar seo i mí Mheán Fómhair 2020, thart ar 16 mhí tar éis do chás corraitheach an buachaillín bhig a rinneadh ginmhilleadh air san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais i mBaile Átha Cliath teacht chun solais.
Cuireadh in iúl do thuismitheoirí an linbh gur diagnóisíodh é le Trisomy 18 agus nach mairfeadh sé i bhfad tar éis a bhreithe. Deir siad gur threoraigh na dochtúirí a bhí ag déileáil lena gcás i dtreo an ghinmhillte. Tar éis ginmhilleadh a dhéanamh ar an leanbh léirigh tástálacha go raibh sé breá sláintiúil.[9]
Soiléiríonn staidéar a foilsíodh san British Journal of Obstetrics and Gynaecology go gcuirtear clóiríd photaisiam i gcroí an linbh chun taom croí marfach a spreagadh.[10] Meastar go bhfuil clóiríd photaisiam chomh pianmhar sin go measann Cumann Leighis Tréidliachta Mheiriceá agus na húdaráis atá i gceannas ar bhásuithe SAM gur gá ainéistéiseach agus / nó pairilis a chur bhfeidhm ar dtús chun pian nó fulaingt a sheachaint don ainmhí nó don phríosúnach atá á chur chun báis.[11]
Níl aon oibleagáid dhlíthiúil faoiseamh ó phian a thabhairt do naíonáin atá á gcur chun báis i nginmhilleadh déanach. Go deimhin, dhiúltaigh Simon Harris agus é ina Aire Sláinte, fiú an leasú beag daonnachtúil seo dá reachtaíocht agus é a bhrú tríd an Dáil é in 2018.[12]
In 2021, thug an TD Carol Nolan, agus Teachtaí Dála eile Bille isteach sa Dáil chun a chinntiú go dtabharfaí faoiseamh ó phian do leanaí sa bhroinn roimh ghinmhilleadh téarma déanach. Dúirt sé ag an am ‘Agus tú ag déanamh obráide ar ainmhí sa tír seo, caithfear faoiseamh ó phian a úsáid. Ach níl aon rud le rá ag an dlí i gcás an linbh sa bhroinn. Níor éirigh leis an mBille faraor.[13]
Sin a léitheoir, blaiseadh d’uafás an ghinmhillte in Éirinn faoi láthair. Ach dar ndóigh níl ‘scannal’ ar bith ag baint leis seo, dá gcreidfimis RTÉ, nach gá dóibh dul i mbun an obair shalach a bhaineann leis.
[1] Savita inquest: The coroner’s nine recommendations endorsed by the jury (thejournal.ie)
[2] Patient Safety Investigation Report published by Health Information and Quality Authority (Savita Halappanavar) | HIQA
[3] 07.06.2013 NIMT 50278 Final Report (thelifeinstitute.net)
[4] APPALLING: UK Independent praises young woman for documenting “brave” at-home abortion in viral TikTok video (thelifeinstitute.net)
[5] Full article: “I suppose we’ve all been on a bit of a journey”: a qualitative study on providers’ lived experiences with liberalised abortion care in the Republic of Ireland (tandfonline.com)
[6] Fetal medicine specialist experiences of providing a new service of termination of pregnancy for fatal fetal anomaly: a qualitative study – PubMed (nih.gov)
[7] Termination of Pregnancy for Fetal Abnormality (rcog.org.uk)
[8] ‘Restrictive law’ forcing women to travel for abortion, doctors warn | Irish Independent
[9] Breda O’Brien: How many other Baby Christophers are there? – The Irish Times
[10] Fetal medicine specialist experiences of providing a new service of termination of pregnancy for fatal fetal anomaly: a qualitative study – PubMed (nih.gov)
[11] WHAT WILL HAPPEN IN LATE-TERM ABORTIONS AFTER HARRIS’S BILL BECOMES LAW (thelifeinstitute.net)
[12] Health (Regulation of Termination of Pregnancy) (Foetal Pain Relief) Bill 2021: Second Stage [Private Members] – Dáil Éireann (33rd Dáil) – Wednesday, 15 Dec 2021 – Houses of the Oireachtas
[13] Health (Regulation of Termination of Pregnancy) (Foetal Pain Relief) Bill 2021 – No. 73 of 2021 – Houses of the Oireachtas