Rugadh Ciarán i gContae Ros Comáin sa bhliain 516. Siúinéir agus déantóir carbaid ab ea a athair Uaireanta tugtar ‘Ciarán Óg’ air chun idirdhealú a dheánamh idir é féin agus Ciarán an Seanóir a bhí ina easpag ar Osraighe sa 5ú haois. Airítear é ar dhuine de ‘Dháréag Aspal na hÉireann’. Seo an bealach a dhein an naomh mór le rá, Colm Cille, cur síos ar Chiarán, “Lampa a bhí ann, ag lasadh le solas na heagna.”

Agus é ina bhuachaill bhíodh Ciarán ag obair mar thréadaí. Níos déanaí ina shaol bhí sé ina mhac léinn de Naomh Fionán ag Cluain Eraird agus le himeacht aimsire ba mhúinteoir é Ciarán sa mhainistir sin. Sa bhliain 534, d’fhág sé Cluain Eraird le dul go hInis Mór áit a ndearna sé staidéar faoi Naomh Éanna . Rinne Éanna sagart de agus thug comhairle dó séipéal agus mainistir a thógáil i lár na hÉireann. Seacht mbliana ina dhiaidh sin thaistil sé go hInis Cathaig, mar a raibh Naomh Senán. Sa bhliain 544, shocraigh sé síos faoi dheireadh i gCluain Mhic Nóis, áit ar bhunaigh sé Mainistir Chluain Mhic Nóis le deichniúr manach eile. Mar ab, d’oibrigh sé ar na chéad fhoirgnimh den mhainistir; fuair sé bás, áfach, timpeall seacht mí ina dhiaidh sin de phlá, gan ach breis is tríocha bliain slánaithe aige.

Baineann go leor finscéalta éagsúla le Naomh Ciarán. Dé réir an ceann is cáiliúla díbh, insítear gurbh í a bhó – a thug sé leis mar íocaíocht nuair a chuaigh sé go Cluain Eraird agus a thug bainne do chách sa Mhainistir – a sholáthraigh an pár do ‘Leobr na h’Uidre’, ceann de na bailiúcháin liteartha Éireannacha is sine agus is tábhachtaí, a chuir scríobhaí Mhainistir Chluain Mhic Nóis le chéile i 1106.

Insítear scéal eile gur thug sé a chóip de Shoiscéal Naomh Matha ar iasacht dá chomhscoláire, Naomh Ninnidh. Nuair a rinne Fionán tástáil ar an rang, ní raibh a fhios ag Ciarán ach an chéad leath den Soiscéal. Rinne na mic léinn eile gáire agus thug siad “leath-Mhatha Ciarán air.” Chuir Naomh Fionán ina dtost iad agus dúirt, “Ní ‘Ciarán leath-Mhatha’, ach ‘Ciarán leath-Éire’, mar beidh leath na tíre aige agus beidh an leath eile ag an gcuid eile againn.”

Faoin 9ú haois bhí an mhainistir ag Cluain Mhic Nóis ina lárionad mór reiligiúin, foghlama, ceardaíochta, agus trádála is tabhachtaí in Éirinn, ar thug scoláirí ó gach cearn den Eoraip cuairt uirthi. Ón naoú go dtí an t-aonú haois déag bhí baint aici le ríthe na Mí. Cuireadh go leor de ríthe na Teamhrach, na hArdríthe agus Chonnacht ann. Tháinig sé slán as creachadh na ruathar Lochlannach agus na gcogaí Angla-Normannacha, ach scriosadh é ar deireadh i 1552 le garastún Sasanach i mBaile Átha Luain le linn Díscaoileadh na Mainistreach. Bhí fothracha na mainistreach ar cheann de na stadanna ar chúrsa taistil an Phápa Eoin Pól II le linn a chuairte ar Éirinn i 1979.

Scaipeadh seoda scrín Chiaráin ar feadh ré na Meánaoise; cé go bhfuil an bachall Chluain Mhic Nóis ann fós agus é le feiscint in Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Céiliúrtar a lá féile ar an 9ú Meán Fómhair