Tar éis léiriú thar a bheith rathúil níos luaithe i mbliana, tá Aisteoirí Thamhlachta ar bís chun Uaigneas an Ghleanna a thabhairt ar ais ar an ardán oíche Shathairn, an 21 Márta, in An Sciobóil, an t-ionad nua amharclannaíochta Gaeilge atá suite ar chúl Aon Scéal? Café, 518 Príomhshráid Thamhlachta. Osclófar na doirse ag 6.40pm, agus moltar don lucht féachana teacht go luath le haghaidh oíche speisialta drámaíochta agus ceoil.
Is aistriúchán Gaeilge é an léiriú seo ar an dráma clúiteach aonghnímh le J.M. Synge, The Shadow of the Glen, saothar ceannródaíoch i stair na hamharclannaíochta in Éirinn a cuireadh ar an stáitse den chéad uair sa bhliain 1903. Suite i dteach uaigneach i gcnocáin Chill Mhantáin, insíonn an dráma scéal Nóra de Búrca, bean óg uaigneach atá gafa i bpósadh míshona le fear i bhfad níos sine ná í. Nuair a thagann siúlach mistéireach chuig an teach, cuirtear tús le scéal cumhachtach a phléann uaigneas, saoirse, dualgas agus an dúil atá ag an duine saol níos iomláine a bhaint amach. Lena theanga fhileata, a theannas mothúchánach agus a théamaí síoraí, tá an dráma chomh hábhartha agus chomh mealltach inniu is a bhí sé nuair a chuir sé cor sa saol breis agus céad bliain ó shin.
Tá Sinéad Silva, Nollaig Ó Sceallaigh, Tomás Ó Maoilréanaí agus Pól Ó Meadhra sa chliar, agus tugann siad fuinneamh agus íogaireacht don léiriú dlúth, machnamhach seo. Is é Ciaran McMahon, as Gleann an Smóil ar imeall Shléibhte Chill Mhantáin, atá i mbun na stiúrthóireachta. Tá cáil air ní hamháin mar stiúrthóir cumasach ach mar aisteoir éirimiúil chomh maith, agus é tar éis páirt a ghlacadh i roinnt docudrámaí ar TG4 thar na blianta.
Cuirfidh an ceol beo ó Lorcán Mac Mathúna agus Éamon Galldubh go mór le hatmaisféar na hoíche, rud a chruthóidh eispéireas cultúrtha saibhir i suíomh uathúil An Sciobóil.
Cuireadh an dráma ar stáitse den chéad uair san amharclann nua i mí Feabhra seo caite, agus de bharr an éilimh mhóir atá air, tá Aisteoirí Thamhlachta thar a bheith sásta é a chur os comhair an phobail arís dóibh siúd a chaill é an chéad uair—nó dóibh siúd ar mhaith leo blaiseadh eile de.
Tá ticéid ar fáil anois ar Eventbrite. Le tuilleadh eolais a fháil faoin dráma agus faoi shaothar Aisteoirí Thamhlachta, lean Aisteoirí Thamhlachta agus Gaelphobal Thamhlachta ar Instagram, Facebook agus X (Twitter).
Following a highly successful performance earlier this year, Aisteoirí Thamhlachta are delighted to bring Uaigneas an Ghleanna back to the stage on Saturday evening, 21 March, at the new Irish-language theatre An Sciobóil, located to the rear of Aon Scéal? Café, 518 Main Street, Tallaght Village. Doors open at 6.40pm, and audiences are encouraged to arrive early to enjoy what promises to be a memorable evening of drama and music.
This special production is an Irish translation of J.M. Synge’s classic one-act play The Shadow of the Glen, a landmark work of Irish theatre first performed in 1903. Set in a remote cottage in the Wicklow hills, the play tells the story of Nora Burke, a lonely young woman, in an unhappy marriage to an older husband. When a mysterious tramp arrives at her home, the encounter sparks a powerful exploration of isolation, freedom, duty and the longing for a fuller life. With its poetic language, emotional tension and timeless themes, the play remains as compelling today as when it first performed for audiences over a century ago.
The cast features Sinéad Silva, Nollaig Ó Sceallaigh, Tomás Ó Maoilréanaí and Pól Ó Meadhra, who bring great energy and sensitivity to this intimate and thought-provoking drama. Direction is by Ciaran McMahon, a native of Glenasmole, an historic area located at the foot of the Wicklow Mountains, who is well known not only for his strong theatrical vision but also as an accomplished actor in his own right, having appeared in several TG4 docudramas over the years.
Adding to the atmosphere of the evening will be accompanying live music from Lorcán Mac Mathúna and Éamon Galldubh, helping to create a rich cultural experience in the unique surroundings of An Sciobóil.
The play was initially staged last February in the new theatre and, due to popular demand, Aisteoirí Thamhlachta are thrilled to present it once again for audiences who may have missed it the first time—or who simply wish to experience it again.
Tickets are available now on Eventbrite. For more information about the play and the work of Aisteoirí Thamhlachta, follow Aisteoirí Thamhlachta and Gaelphobal Thamhlachta on Instagram, Facebook and X (Twitter).