Craolfar clár speisialta den tsraith Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu ar a 5 i.n., beo ó Mhúsaem na bPiarsach i Rath Fearnáin, Baile Átha Cliath, chun comóradh a dhéanamh ar Phádraig Mac Piarais a bheith roghnaithe mar “Laoch na nGael” ag éisteoirí an chláir.
Le linn an tsamhraidh bhí deis ag éisteoirí míreanna a chloisteáil faoi dhaoine éagsúla, beo nó marbh, a rinne gaisce le linn a saol ar son chúis na Gaeilge, agus vóta a chaitheamh ar líne don té ba chóir a roghnú.
Sa chéad chuid den chlár beidh comhrá le:
Cuirfear tuairisc i láthair freisin ón gcuairt a thug Fachtna Ó Drisceoil ar Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc i lár an tsamhraidh.
Sa dara cuid den chlár déanfar plé ar oidhreacht pholaitíochta agus stairiúil Phádraig Mhic Phiarais le:
Beidh lucht éisteachta i láthair don ócáid, rud a chuideoidh le hatmaisféar beo agus bríomhar.