Seasann an tAthair Tadhg Ó Lionáird agus gach ní a bhain lena shaol don laochas agus uaisleacht a bhí i ngluaiseacht mhisinéireachta na hÉireann. Fiafraíodh de tráth agus é ar cuairt abhaile go hÉirinn, ‘Ar rith sé leat riamh go marofaí thú thall ansin sa tSín?’ An freagra a thug sé ar an gceist ná ‘Agus cén dochair má dhéanfar amhlaidh, ar deireadh thiar, níl ann ach droch cheathrú a chloig agus ansin smaoinigh ar an luach!’
Rugadh Tadhg i mBaile Shiomóin, Co. Luimnigh, ar Lá Fhéile Peadar agus Pól, sa bhliain 1893. Mac feirmeora a bhí ann.
Bhí ainm in airde aige mar scoláire agus é dul leis an sagartacht i gCliarscoil Mhaigh Nuad. Le linn an ama seo thug sé an- tacaíocht d’Athbheochan na Gaeilge agus chaith a am spárála ag foghlaim na teangan agus á labhairt lena chomh-mhic léinn eile.
Oirníodh ina shagart é ar an t-ochtú lá is fiche de mhí Aibreáin 1918 le h-aghaidh na Deoise Luimnighe. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh sé chun na Síne leis an Misean Mhaigh Nuad. D’fhág sé Éire ar Lá Fhéile Pádraig na bliana sin in éineacht le ceithre mhisinéirí déag eile. Chuireadar tús leis an misean i gceantar Hanyang. Bhog sé chuig an gcathair agus an deoise Nan Cheng, aimsir na Cásca, 1928. Níos déanaí chuaigh sé mar shagart Paróiste go dtí Nan Feng sa chúige sléibhtiúil, Kiangsi.
Le briseadh amach an chogadh chathartha, i 1927, idir náisiúnaigh agus cumannaithe na tíre sin, bhí baol an bháis ann do gach misinéir. Ach bhí an tAthair Tadhg seasmhach ina chuid oibre. Dúirt a chomrádaithe nach mbeadh sé in ann leanúint ar aghaidh leis an stró a bhí á chur air féin. Ach bhuail sé ar aghaidh in aineoinn an chruatain. Spágáil sé ar aghaidh i ngach sórt aimsire, ó shráidbhaile go sráidbhaile, ag codail i bprochóga salacha, ag ithe pé bia arbh fhéidir leis na Criostaithe bochta a thabhairt dó.
Go gairid roimh a bhás, chaith sé sé lá ag paidreoireacht go ciúin. Ar an gcúigiú lá déag de mhí Iúil 1929 ghabh saighdiúirí an Airm Deirg an baile ina raibh sé lonnaithe. Bhuaileadar isteach sa séipéal agus é ag rá an Aifrinn is tugadh faoi go fíochmhar. Cé go ndearna sé gach iarracht sacrailéid a sheachaint, scaipeadh na h-abhlainn ar an talamh agus rinne na saighdiúirí satailt orthu.
D’éirigh leis a chur ina luí orthu a chléireach óg a scaoileadh saor, ach coimeádadh é féin ina ghile ar feadh trí lá. Caitheadh go gránna leis agus beag á dhéanamh acu de is a chreideamh. Chualathas é ag rá ‘ó thaobh me féin de, ní fhéadfadh ach cúpla lá a bheith fagtha agam..’
Cuireadh chun báis é ar an 7ú lá déag de mhí Iúil 1929. Go gairid roimh a bhás, dúirt sé leis na daoine a bhí a cheistiú’ ‘tá mo shéipéal salaithe agat, táim ceangailte agus buailte agat. Anois táim sásta bás a fháil ar son Dé.’
Bhí creideamh a chlainne chomh láidir sin gur sheol a dheartháir, An Dochtúir Willie Leonard, a bhí ina ollamh san Astráil ag am, sreangscéal abhaile chun a mháthar ag gabháil chomhghairdis léi as mairtíreach a thógáil.