Tá ardú leanúnach ag teacht ar líon na ndaltaí a dtugtar díolúine dóibh ó staidéar na Gaeilge sa stát. Léirigh taighde a foilsíodh le déanaí gur tugadh díolúine ó staidéar na Gaeilge don líon is airde riamh de dhaltaí meánscoile in 2022.
Caoga míle dalta meánscoile ar fad, nó dalta amháin as gach ochtar atá ag fáil díolúine i láthair na huaire. Bronnadh nach mór 20,000 díolúine nua ón nGaeilge ar dhaltaí meánscoile in 2022-23, ardú 45% ón mbliain roimhe agus an líon is mó riamh.
Baineann an t-ardú seo leis an gcóras nua a cuireadh i bhfeidhm in 2019 ina ndéanann na príomhoidí féin an cinneadh faoinar ceart díolúine a bhronnadh ar dhaltaí. Roimhe seo ba ghá teastas a fháil ó shíceolaí oideachais, a bhí bunaithe ar mheasúnú ar chumas foghlama an dalta, leis an díolúine a fháil.
Anuas air sin, i measc cuid de na cúiseanna inar féidir díolúine a cheadú, tá imní agus buairt san áireamh anois. Ach is léir go bhfuil na cásanna a bhaineann leis seo róscaoilte ar fad. Thug an Roinn Oideachais le fios do ghrúpa saineolaithe a raibh amhras orthu faoin gcatagóir nua seo gur ghrúpa an-eisceachtúil ar fad a bheadh i gceist. Ach bronnadh 669 díolúine faoin gcatagóir céanna ag leibhéal na bunscoile anuraidh.
Bhí sé ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne leis an Aire Oideachais in Eanáir 2019 gur chóir go mbeadh cosc ar dhaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge staidéar a dhéanamh ar theangacha Eorpacha eile agus deireadh a chur leis an ‘gcleasaíocht’ a bhaineann leis an gcóras. Ach níor athraíodh an córas ag an am. Faoi láthair déanann níos mó ná leath de na daltaí a bhfuil díolúine acu ón nGaeilge staidéar ar theanga amháin eile ar a laghad.
Tá príomhoidí na tíre, ag bun agus meán leibhéal, faoi an-chuid bhrú leis an díolúine a cheadú mar go dtuigeann na tuismitheoirí go bhfuil an t-údarás acu iad a cheadú anois. Deir siad go bhfuil siad ‘báite’ ag iarratais ar dhíolúintí, go háirithe ó thuismitheoirí daltaí Rang a 6 ionas go mbeadh sé ‘sa phóca’ acu don iar-bhunscoil. Tá díolúine faighte ag 10,000 dalta bunscoile ag an bpointe seo.
Agus é faoi agallamh ag Tuairisc.ie i mí na Samhna seo caite dúirt an tOllamh Emeritus ar Chúrsaí Oideachais, Ollscoil Chathair Átha Cliath, Pádraig Ó Duibhir;
’Bhí mise agus daoine eile ag tuar in 2019 gurb é seo an toradh a bheadh air agus b’fhearr liom a bheith ag labhairt leat anois ag rá go raibh mé mícheart.. ach bhí mé coimeádach b’fhéidir sna meastacháin a bhí i mo cheann ag an am agus tá sé níos measa ná mar a shíl mé.. ach is dóigh liomsa go bhfuil an baol ann go gcuirfidh díolúine ó staidéar na Gaeilge an Ghaeilge sa chóras oideachais go tóin poill mar beidh sí mar ábhar roghnach má leanann muid ar aghaidh mar atá sé agus an chuma ar an scéal gur cuma leis an Roinn Oideachais faoi seo’.
In agallamh a thug Ó Duibhir do Nuacht TG4 le déanaí, dhearbhaigh sé gur ‘gá an córas atá ann i láthair a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua arís..’