Tá an scannán Gaeilge, An Cailín Ciúin, le Colm Bairéad, curtha chun cinn mar iontráil na hÉireann le roghnú sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag Oscair na bliana seo chugainn.
Rinne an scannán seo stair le déanaí mar an chéad scannán Gaeilge chun an Gradam Scannán agus Teilifíse na hÉireann don Scannán is Fearr a bhuachan.
Bhronn Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann seacht ngradam ar an iomlán air lena n-áirítear an stiúrthóir, aisteoir, cineamatagrafaíocht, eagarthóireacht, dearadh léiriúcháin, agus an bunscór is fearr.
Roghnaigh Coiste Roghnúcháin na hÉireann 2023 de chuid Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann é do Ghradaim Acadamh, ar a dtugtar na hOscair, 2023, na gradaim scannán is fearr aithne ag an saol.
Má éiríonn leis an scannán beidh éacht nach beag déanta aige, ní hamháin do scannáin Éireannacha, ach don Ghaeilge timpeall na cruinne.

Taispeánadh an scannán den chéad uair i mí Feabhra na bliana seo ag an bhFéile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín, Berlinale, áit ar bhain sé amach an duais Grand Prix an Choiste Idirnáisiúnta don scannán is fearr chomh maith le Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’. Ba é an chéad scannán Gaeilge a taispeánadh ag an bhféile sin.
Bunaithe ar an scéal clúiteach de chuid an údair Éireannaigh, Claire Keegan, Foster, pléann an scannán cruatain agus deacrachtaí an teaghlaigh trí shúile cailín óg, naoi mbliana d’aois, Cáit, a bhfuil faillí a dhéanamh uirthi. Suite faoin tuath in Éirinn i samhradh na bliana 1981, leanann an scéal an cailín faiteach seo agus í á cur óna teaghlach bocht, suaite chun cónaí don samhradh le gaolta atá i bhfad amach uaithi i bPort Láirge.
Is feirmeoirí iad a caomhnóirí nua, Seán agus Eibhlín Cinseallach, atá go maith as. Bíonn Séan cúlánta ar dtús i leith a iníne altrama ach de réir a chéile fásann láíocht laistigh den teaghlach nua agus tosaíonn Cáit ag bláthú faoina gcúram. Tagann scéal tragóideach an teaghlaigh chun solais le linn a hama leo chomh maith, rud a chuireann go mór le castacht agus doimhneacht an scéil.
Tá aitmaisféár na luathochtóidí le sonrú go láidir tríd an scannán agus is mór an chreidiúint é do lucht léirithe an scannáin sa chaoi ina ndéantar cúram de na nithe beaga éagsúla len é seo a chruthú. Tá na samplaí den chúram seo ann go flúirseach cosúil leis an bpáipéar balla i seomra codlata Cháit, gluaisteán Hillman Hunter na gCinseallach, an bhiabhóg a thugann Eibhlín do mháthair Cháit mar bhronntanas .
Tá caomhnóirí an chailín, Eibhlín agus Seán, ina gcónaí i nGaeltacht na nDéise agus tá an chanúint seo le cloisteáil ó thús deireadh an scannáin. Ní minic a chloistear an chanúint bhreá shaibhir seo ar an scáileán mór agus cuireann sí go mór le huathúlacht an scannáin.
Tá An Cailín Ciúin ar cheann de na scannáin Éireannacha is rathúla le blianta beaga anuas Tá rátáil 100% ag an scannán ar Rotten Tomatoes. Tá ardmholadh faighte aige ag na meáin i gcoitinne. I measc na meáin chlóite, tá cur síos déanta ag The Guardian air mar “sheod” a mhothaíonn “mar chlasaic cheana féin”.
Tá an 95ú searmanas Gradaim Acadamh beartaithe le bheith ar siúl Dé Domhnaigh 12 Márta, 2023, in Amharclann Dolby i Hollywood ina dtabharfar ómós do na scannáin is fearr i 2022. Beidh an sárscannán seo ina measc le cúnamh Dé!