Cé gur bheag Gaeilge a bhí ag m’athair, bhí sé ar nós go leor de mhuintir na tuaithe, agus a chuid Bhéarla go mór faoi thionchar na Gaeilge. Ba mhinic a chuala mé é ag úsáid an téarma Dosúchán ina chuid cainte. Níl sé ar fáil in aon fhoclóir, ach is é cuid den bhrí atá leis ná cuilceach beag millte. Is é an téarma céanna a thagann chun cuimhne is mé ag iarraidh cur síos beacht a dhéanamh ar an mbuíon ceoil, Kneecap.
Is grúpa iad seo a mheascann cultúr an mhaistín le féiniúlacht na nGael. Eireaball cheoil de chuid Shinn Féin atá iontu, ar éirigh leo gáirsiúlacht agus an Ghaeilge a nascadh den chéad uair riamh.
Tá sé suntasach gur eisíodar a gcéad singil, C.E.A.R.T.A i 2017, a raibh Acht na Gaeilge mar spreagadh aige. Tá gaisce déanta acu, dar leo, anois gur féidir leo an Ghaeilge a labhairt le húdaráis Shasana in Éirinn. Agus is grúpa frithbhunaíochta iad, dar leo féin! B’fhéidir gur chruinne a rá gur freasúra faoi smacht iad.
Ar bhonn níos leithne, mar gheall ar an acht céanna, bíonn a gcairde i ‘Sinn Féin’ ag maíomh gur féidir leo riail Shasana a chur i bhfeidhm trí Ghaeilge sna Sé Chontae anois, mar a bhfuil a saorstáitín féin cruthaithe acu faoi bheannacht na Sasanach.
Má fhéachtar ar fhocail an amhráin sin, C.E.A.R.T.A, is léir go bhfuil sé breac le tagairtí do mhí-úsáid drugaí is iad ag gríosú is ag móradh a dtógáil. Seo blaisín díobh:
‘Is gan dabht, tá mise ar bís
le dul síos ar an snaois arís ‘s arís
Is ní stopfaidh mé go maidin
Mar ní shocraím síos
Agus fuair mé mála mór ket in ionad mo chíos’
‘….Tá ‘gear’ is fearr in iarthar Bhéal Feirste againn le fada
Cóc, speed, e’s agus moll marijuana..’
Is díol iontais é nach bhfuil éinne i measc phobal na Gaeilge ag cur na buncheiste – cén fáth go bhfuilimid ag ligint do na dosúcháin seo a gcuid gáirsiúlachta is gránnachta a nascadh le cúis na Gaeilge ar mhaithe le brabús agus le cur chun cinn bholscaireacht agus athbhreithniúchas Shinn Féin?
Measaim uaireanta go gceapann cuid de phobal na Gaeilge, go bhfuil sé de dhualgas orthu tacú le haon dream nó le haon eagras a úsáideann an Ghaeilge, beag beann ar a ndearcadh ná idé-eolaíocht a chuireann siad chun cinn.
Maidir le hidé-eolaíocht, ná bíodh aon dul amú orainn – is ionann clár Kneecap is clár a bpatrún i Sinn Féin, sé sin normalú ar riail Shasana in Éirinn trí dhílárú chumhachta go Stormont agus ‘cearta’ a lorg óna máistrí i Sasana.
Chonacthas an sampla ba mheasa de seo i 2019 nuair a d’impigh Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill ar a n-ardtiarnaí i Westminster dlíthe barbartha an réimis sin a leathnú go dtí na Sé Chontae.
De dheasca a n-iarrachtaí, is féidir ginmhilleadh a dhéanamh ar leanbh sa bhroinn chomh déanach le 24 seachtain sna Sé Chontae anois. I gcásanna ina bhfuil míchumas ar nós Shiondróm Down ar an linbhín bocht, is féidir é a chur chun báis go nóiméad na breithe. Caitear amach nó dóitear a gcoirpíní millte mar dhramhaíl leighis i ndiaidh a ndúnmharaithe.
Poblachtaigh i dtraidisiún Chromail atá iontu. Caithfidh go bhfuil sé siúd thar a bheith sásta agus é ag faire aníos ar an sléacht as éadan atá á dhéanamh ar pháistí na tíre seo arís.
Agus nach íorónta an scéal é go leanann siad orthu ag béicíl i dtaobh ‘Brits Out’, is iad ag feidhmiú i gceartlár na bunaíochta ó thuaidh, ag lorg deontais is a leithéid ó na Briotanaigh chéanna. Bhuadar cás cúirte le déanaí mar go raibh ‘idirdhealú’ déanta orthu toisc nach bhfuaireadar deontas ón stát dá gcuid cheoil!
‘As about as edgy as Simon Harris….’ Mar a chonacthas le déanaí i gceann de na tráchtanna fúthu ar líne.
An cur chuige céanna dar ndóigh is atá ag a bpatrúin i Sinn Féin le nach mór tríocha bliain anois.
Mar sin a Ghaela, bímis soiléir faoi, is léir go bhfuil mí-úsáid á baint acu as an nGaeilge ar mhaithe leo féin is a gcuid gáirsiúlachta, ar nós a bpatrún a mhí-úsáideann an teideal stairiúil Sinn Féin is an oidhreacht uasal a bhaineann leis.