Seachtain na Gaeilge – 1ú Márta – 17ú Márta
Rugadh is tógadh m’athair i dTuaim Uí Mheadhra, ceantar atá suite gar d’Aonach Urmhumhan i dtuaisceart Thiobraid Árann. Cé gur bheag an Ghaeilge a d’fhoghlaim sé ar scoil, bhíodh cuid mhaith focal Gaeilge ina chuid chainte go nádúrtha, a bhain den chuid is mó lena obair mar fheirmeoir is le talmhaíocht i gcoitinne.
Ba ceann acu ná Gob lachan, nó Gab leathan, téarma a úsáideadh le cur síos a dhéanamh ar chaora nárbh fhéidir iníor i gceart mar go raibh béal míchumtha aici. Bheadh go leor trioblóide leis an gcineál seo caorach mar go mbeadh sí i gcónaí ag briseadh amach go goirt eile de dheasca an ocrais a bheadh uirthi.
Ag smaoineamh siar air, cheapas gur bhain an téarma seo le cruth béal lachan, is gur shampla maith den Tuiseal Ginideach é a mhair i gcaint na ndaoine, cé go raibh an chaint sin casta ar an mBéarla ar feadh cúpla glúin anois.
Bhí mé den tuiscint gurbh amhlaidh a bhí go dtí gur thosaigh mé ag léamh na dírbheathaisnéise, an Sléibhteánach, le Séamus Ó Caoimh, duine de na cainteoirí dúchais deiridh de cheantar Sliabh gCua in Iarthar Phort Láirge. Seo mar a chuir sé síos ar an gcineál seo caorach a chuir an oiread sin cruatain ar m’athair thar na blianta.
‘Ach budh é an gob leathan an mháchail ba mheasa agus ba ghránna dá bhfaigheadh bheith ar aon chaora agus bhíodh oiread san náire ar na seandaoine a leithéid a bhaint d’uan leo go gcoimeádaidís rún daingean air i gcónaí….Níorbh fhéidir leis aon iníor a dhéanamh mar is lena bhfiacla a ghreamaíonn na caoirigh an féar, dála an chapaill.’
Is é ceann de na saintréithe is mó a bhaineann le Gaeilge na nDéise ná go bhfuaimnítear an fhóinéim ‘th’ mar ‘ch’.
Is léir mar sin ón méid a scríobh an Caoimheach gurb é an aidiacht ‘leathan’ atá á fhuaimniú ann is ní an Tuiseal Ginideach den fhocal lacha.
Dúradh liom tráth gurbh ionann an chanúint a labhraíodh trí Thiobraid Árainn is a labhraítear i nGaeltacht na nDéise sa lá atá inniu ann, Gaoluinn na nDéise nó Gaoluinn Urmhumhan, ar fochanúint de Ghaeilge na Mumhan é. Deimhníodh sé seo dom nuair a thánas trasna ar an téarma seo is mé ag léamh dhírbheathaisnéis Uí Chaoimh.
Nuair a thugas faoi staidéar a dhéanamh air fuaireas amach gur labhraíodh an chanúint seo, ní hamháin i mo chontae dúchais féin, ach i limistéar ollmhór, a chlúdaigh Co Chill Chainnigh ar fad, deisceart Laoise, oirthear agus lár Luimní, an chuid is mó de Chontae an Chláir, agus fiú Inis Oírr.
Deirtear go bhfuil macalla dí le cloisteáil fós ar Ghaeilge Inis Oírr, cé gur athraíodh canúint an oileáin seo ó shin.
Sa lá ata inniu ann, ní labhraítear í ach in dhá pharóiste lasmuigh de Dhún Garbhán i gContae Phort Láirge, an Seana Phobal agus Rinn Ua gCuanach.
Tá samplaí fíormhaith den chanúint le cloisteáil is le feiceáil ar an suíomh idirlín, ‘Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegan’. Tá an suíomh bunaithe ar obair an teangeolaí Ghearmánaigh, Wilhelm Doegan, ina deineadh taifead, ag tús na dtríochaidí, ar chainteoirí dúchais éagsúla timpeall na tíre. Tá taifeadtaí fuaime is tras-scríbhinní de na cainteoirí seo ann go flúirseach.
I measc na gcainteoirí, tá Tiobraideach ann darbh ainm, Séamas Ó Liatháin, a insíonn roinnt mhaith scéalta. ‘An Mac Scaiptheach’ agus ‘Gleann Gabhla agus Gleann Bríde’ ina measc.
Tá tuilleadh eolais i dtaobh na canúna ar fáil sa leabhar, ‘Sean-Chaint na nDéise’ leis an tAth. Micheál Ó Síothcháin, chomh maith leis an mbeathaisnéis ‘An Gleann agus a Raibh Ann’ le Séamus Ó Maolchathaigh.
The Doegen Records Web Project
